Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe

01 Bealtaine 2018 Press Release

Warning

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais’) ainm gnólachta neamhúdaraithe inniu (1 Bealtaine 2018), Total International C.P.A. Ltd (USA). Níl Total International C.P.A. Ltd (USA) údaraithe ag an mBanc Ceannais mar ghnólacht infheistíochta nó chun comhairle infheistíochta a sholáthar.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil anseo.

Is cion coiriúil é ag gnólacht/duine neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht/duine neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí.

Aon duine ar mian leis nó léi faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh sé nó sí glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach cibé acu an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe nó nach bhfuil. Ó tarmligeadh na cumhachtaí dlíthiúla riachtanacha dó i mí Lúnasa 1998, tá ainmneacha 314 gnólacht neamhúdaraithe foilsithe ag an mBanc Ceannais.

Nótaí
• Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Caidreamh leis na Meá[email protected]/+ 353 1 224 6299