Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

09 Feabhra 2017 Irish Category
Tá sé tagtha ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann (’an Banc Ceannais’) le déanaí go raibh gnólacht a thugann Strategic Active Trading Funds plc (www.strategicactivetradingfunds.com) air féin ag feidhmiú mar ghnólacht infheistíochta sa Stát d’uireasa an údaraithe iomchuí. Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí (ainm agus seoladh) gnólachta atá údaraithe agus rialáilte ag an mBanc Ceannais.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht Strategic Active Trading Funds plc atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas neamhúdaraithe seo a rinne clónáil ar a chuid sonraí.

Is cion coiriúil é ag gnólacht neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí.

Tá gnólachtaí neamhúdaraithe áirithe ann a théann i mbun na "mangaireachta fóin" nó a chuireann ríomhphoist chuig tomhaltóirí chun seirbhísí airgeadais a thairiscint dóibh (e.g. an deis chun scaireanna i gcuideachta eile a cheannach). Is minic a bheidh clónáil déanta ag na gnólachtaí sin ar shonraí gnólachta údaraithe agus luafaidh siad uimhir "chláraithe/údaraithe", ar uimhir chláraithe/údaraithe de chuid eintitis údaraithe dhlisteanaigh í. Aon tomhaltóirí a ndearnadh mangaireacht fóin orthu, ar cuireadh ríomhphoist chucu agus ar tairiscíodh seirbhísí airgeadais dóibh, ba cheart dóibh seiceálacha breise a dhéanamh chun a chinntiú gur gnólacht údaraithe dlisteanach é an gnólacht a bhfuil siad ag plé leis. Ba cheart do thomhaltóirí teagmháil a dhéanamh leis an údarás rialála atá luaite ag an ngnólacht mar an údarás rialála a thug údarú dó agus a chinntiú gurbh ionann na sonraí teagmhála atá ag an údarás rialála don ghnólacht sin agus na sonraí teagmhála a thug an gnólacht a rinne mangaireacht fóin orthu/a chuir ríomhphost chucu.

Nótaí

Foilsítear ainm an ghnólachta neamhúdaraithe thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.