Nuacht

Réim nua rialála um shlua-chistiú fógartha ag an mBanc Ceannais

13 Eanáir 2022 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Le Rialachán AE nua, bunaítear réim rialála do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin
  • Ní foláir do sholáthraithe seirbhísí slua-chistithe a bheith údaraithe agus faoi réir ceanglais oibríochta agus bearta cosanta infheisteoirí
  • Beidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faoi cheangal rabhaidh chuí a áireamh ina gcuid fógraíochta d’infheisteoirí ionchasacha

Inniu (13 Eanáir 2022), d’fhógair Banc Ceannais na hÉireann réim nua rialála do Sholáthraithe Seirbhísí Slua-Chistithe faoi Rialachán AE. Tá Banc Ceannais na hÉireann ainmnithe mar an t-údarás inniúil le haghaidh rialáil sluachistiúcháin in Éirinn.

Cé go dtugann sluachistiú deiseanna nua cistiúcháin do ghnóthaí agus deiseanna nua d’infheisteoirí, is tábhachtach infheisteoirí a chosaint go cuí agus a choinneáil ar an eolas go maith maidir leis na priacail ionchasacha. Beidh feidhm anois ag roinnt forálacha den Chód um Chosaint Tomhaltóirí 2012 maidir le fógraíocht arna déanamh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in Éirinn. I measc ceanglas eile, ní foláir d’aon fhógrán a bheith cóir agus soiléir agus ní fhéadfar leis custaiméirí a mhíthreorú ná iarracht a dhéanamh tionchar míchuí a imirt ar thomhaltóirí le linn dóibh a gcinntí infheistíochta a dhéanamh.

Ní foláir do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin teachtaireacht rabhaidh fheiceálach a thaispeáint ar gach fógrán go mbaineann priacail le hinfheistíocht i dtionscadail sluachistiúcháin, lena n-áirítear an priacal go gcaillfear cuid den airgead a bheidh á infheistiú, nó é go léir; agus nach bhfuil aon infheistíocht faoi chumhdach ag scéim ráthaíochta taiscí ná ag scéim chúitimh d’infheisteoirí.

Tá dhá phríomhchineál sluachistiúcháin ann a chumhdaítear faoin Rialachán Sluachistiúcháin seo – sluachistiú infheistíochtbhunaithe agus sluachistiú piar go piar/iasachtbhunaithe. Leis an gcreat nua, is gá do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thiocfaidh faoin raon feidhme bheith údaraithe agus beidh siad faoi réir ceanglais oibríochta agus stuamachta chomh maith le bearta cosanta infheisteoirí.

Dúirt Gerry Cross, Stiúrthóir Rialála Airgeadais – Beartas agus Priacal, “Cuirtear ar fáil le sluachistiú foirm mhalartach airgeadais do ghnólachtaí nuathionscanta agus FMBanna, a bhíonn ag brath ar infheistíochtaí beaga go hiondúil. Tá iontaofacht, muinín agus cóir-dhéileáil riachtanach maidir le haon mhargadh nó táirge airgeadais. Dá bhrí sin, tá se fíorthábhachtach go gcuirfear infheisteoirí ar an eolas maidir leis na priacail a bhaineann le haon infheistíocht den sórt sin.

Tá a chuid rialacha fógraíochta á gcur i bhfeidhm anois ag an mBanc Ceannais maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Cinnteofar leis an méid sin go bhfaighidh tomhaltóirí na hÉireann na cosaintí céanna i ndáil le fógraíocht ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus a cheanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí airgeadais eile.”