Nuacht

Tá an chuma ar an scéal gur lú fás a bheidh ann i mbliana ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo

06 Deireadh Fómhair 2016 Irish Category
  • Is beag athrú atá tagtha ar an méid a tuaradh sa ráiteas a bhí ann roimhe seo, ach amháin go bhfuiltear ag tuar nach mbeidh baileach an oiread céanna fáis ann
  • Níl aon athrú ar réamhaisnéisí geilleagracha ón tionchar measta a bheidh ag Imeacht na Breataine as an Eoraip orainn.
  • Tuigtear gur ón taobh istigh is mó a thiocfaidh fás agus gurb é an taobh amuigh is mó is baol dúinn.

Tá an Ceathrú Ráiteas Ráithe foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann le haghaidh 2016. Scrúdaítear sa Ráiteas sin treochtaí atá le brath le gairid ar an ngeilleagar anseo sa bhaile agus go hidirnáisiúnta, chomh maith le réamhaisnéisí an Bhainc Ceannais maidir le geilleagar na hÉireann agus a chuid tuairimí ar cheisteanna a bhaineann le beartais mhaicreacnamaíochta anseo sa bhaile.

Tuairiscítear sa Ráiteas:

  • Go bhfuiltear ag tuar go dtiocfaidh fás 4.5% ar OTI na hÉireann i mbliana, rud a léiríonn laghdú beag ar easpórtáil agus beagán fáis ar an éileamh intíre.
  • Go bhfuil éiginnteacht ann i dtaobh na socruithe trádála a bheidh ann nuair a chuirfidh an Ríocht Aontaithe Airteagal 50 i bhfeidhm, rud a dhéanann deacair é a thionchar ar gheilleagar na hÉireann a mheas.
  • Gur tháinig fás mór ar chaiteachas tomhaltóirí sa chéad ráithe ach go raibh meath air, coigeartaithe ar bhonn séasúir, sa dara ráithe.

Dúirt an Príomh-Eacnamaí, Gabriel Fagan, go “dtugtar le tuiscint, trí réimse leathan táscairí caiteachais agus gníomhaíochta intíre, go bhfuil fás breá ag teacht ar ghníomhaíocht gheilleagrach na hÉireann i gcaitheamh an ama, cé gur tháinig laghdú beag ar fhorás sa chéad leath den bhliain. Cé go rabhthas an-imníoch faoi thionchar Imeacht na Breataine as an Eoraip ar gheilleagar na Breataine, níltear chomh diúltach céanna faoi le míonna beaga anuas, tráth a bhfuil sonraí geilleagracha na Ríochta Aontaithe níos dearfaí agus an timpeallacht beartais níos réidh.  Cé go meastar, ag éirí as an méid sin, nach bhfuil sé cuí, ag an am seo, cruth níos diúltaí a chur ar na réamhaisnéisí mar gheall ar Imeacht na Breataine, is ann i gcónaí don bhaol go dtiocfadh éifeachtaí diúltacha chun cinn go pras sa mhargadh maicreacnamaíochta, airgeadais agus airgeadra. I gcás mar sin, is coigeartú diúltach a bheadh ar na réamhaisnéisí reatha.

Tá achoimre sa Ráiteas ar Chaineál YouTube an Bhainc maidir le scéal na heacnamaíochta sa tír, áit a gcloistear:

Gabriel Fagan, Príomh-Eacnamaí, ag tabhairt léargais ar chúrsaí eacnamaíochta in Éirinn

Fergal McCann, Príomh-Eacnamaí, ag plé a ailt shínithe dar teideal “Rental markets, savings and the accumulation of mortgage deposits”

Tá an Ráiteas iomlán agus na hailt shínithe ar fáil anseo.