Nuacht

Turas chuig BCE i Frankfurt le buachan trí Ghlúin an €uro-Duais na nDaltaí

06 Deireadh Fómhair 2017 News Categories - Irish

European Union flag

  • Comórtas náisiúnta eacnamaíochta seolta do dhaltaí sa 4ú agus 5ú bliain
  • Scrúdaítear eolas ar BCE agus ar eacnamaíocht an limistéir euro thar 3 bhabhta ar leith
  • Turas chuig BCE i Frankfurt do na buaiteoirí náisiúnta

Agus a chuardach bliantúil ar eacnamaithe óga, éirimiúla na hÉireann á sheoladh ag Banc Ceannais na hÉireann, moltar do dhaltaí agus do mhúinteoirí páirt a ghlacadh i nGlúin an €uro-Duais na nDaltaí.

Sa chomórtas seo, iarrtar ar dhaltaí idirbhliana agus ar dhaltaí sa chúigiú bliain aithris a dhéanamh ar ról Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus beartas oiriúnach airgeadaíochta a chinneadh don limistéar euro.
Beidh idir triúr agus cúigear daltaí ar gach foireann agus ainmneofar múinteoir amháin a bheidh mar mheantóir dóibh.

Déantar na rannpháirtithe a scrúdú thar thrí bhabhta éagsúla. Seoladh an chéad bhabhta inniu, is é sin tráth na gceist ar líne maidir le ról BCE agus an Eurochórais.
Na foirne a n-éiríonn leo sa chéad bhabhta, rachaidh siad ar aghaidh go dtí an dara babhta. Iarrfar orthu ansin anailís a dhéanamh ar dhálaí eacnamaíocha agus ráta úis iomchuí don limistéar euro a chinneadh. Roghnófar trí fhoireann chun freastal ar an mBabhta Ceannais Náisiúnta i mí an Mhárta 2018, áit a gcuirfidh siad a gcuid torthaí i láthair do phainéal eacnamaithe sinsearacha sa Bhanc Ceannais.

Ansin, rachaidh an fhoireann bhuaiteach i dteannta lena múinteoir chuig BCE i Frankfurt chun freastal ar shearmanas bronnta, áit a mbualfaidh siad le hUachtarán BCE, Mario Draghi, agus leis na foirne buaiteacha ó thíortha eile na hEorpa.

Deir Gobharnóir an Bhainc Ceannais, Philip Lane: “Tugann Glúin an €uro-Duais na nDaltaí an deis do dhaltaí imscrúdú a dhéanamh ar an obair a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach, an tEurochóras agus gach ceann de na bainc cheannais náisiúnta nuair a bhíonn páirt á glacadh acu i gcinntí beartais airgeadaíochta agus nuair a rannchuidíonn siad le cobhsaíocht praghsanna. Trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas, bíonn deis ag na daltaí scileanna fiúntacha saoil a fhorbairt lena n-áirítear réasúnú eacnamaíoch, anailís chriticiúil, obair bhuíne agus óráidíocht phoiblí.”

Chun clárú don chomórtas, ba cheart do na foirne dul chuig www.generationeuro.ie. Is é an 1 Nollaig 2017 an dáta deiridh chun clárú agus chun an chéad bhabhta (tráth na gceist ar líne) a chríochnú.

Eolas Breise

Is tionscnamh don limistéar euro é Glúin an €uro - Duais na nDaltaí, arna eagrú ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais rannpháirteacha ar fud an limistéir euro, lena n-áirítear Banc Ceannais na hÉireann.
Tá eolas breise agus acmhainní do dhaltaí agus do mhúinteoirí le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais agus BCE.

Dáta tábhachtacha:

Babhta 1: Tráth na gCeist ar líne 4 Deireadh Fómhair 2017 - 1 Nollaig 2017
Babhta 2: Anailís i scríbhinn: 13 Nollaig 2017 - 23 Eanáir 2018
Babhta 3: Babhta 3 - An Babhta Ceannais Náisiúnta i mBanc Ceannais na hÉireann: 9 Márta 2018
Babhta 4: Ócáid Dámhachtainí Eorpach sa BCE: 10 -11 Aibreán 2018