Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste

(Is gá fianáin a chur “ar siúl” chun an físeán thuas a lódáil) | “Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste – An tEolas is Déanaí Deireadh Fómhair 2022

Rinne Banc Ceannais na hÉireann athbhreithniú cuimsitheach ar chreat na mbeart morgáiste ina iomláine le linn na bliana 2021/22.               

Is éard is cuspóir leis an athbhreithniú uileghabhálach ná a chinntiú go leanfar leis na bearta de bheith oiriúnach don chuspóir, de bharr athruithe a rinneadh don chóras airgeadais agus don gheilleagar ó cuireadh isteach ar dtús iad sa bhliain 2015.

Leag an Banc Ceannais conclúid an athbhreithnithe amach sa chreat maidir le bearta macrastuamachta morgáiste.

Príomhthorthaí an athbhreithnithe

Bearta Morgáiste

Athdhearbhaíodh san athbhreithniú ar chreat na mbeart morgáiste a rinne an Banc Ceannais na tairbhí a bhaineann le bearta morgáiste. Leis na bearta, neartaíodh teacht aniar na n-iasachtaithe, na gceannairí agus an gheilleagair ina iomláine, ó bhí an bhliain 2015 ann. Trí chosaint a thabhairt in aghaidh ardleibhéil an fhiachais agus iasachtú neamh-inbhuanaithe sa mhargadh tithíochta, tá stádas níos fearr ag an ngeilleagar ina iomláine chun turraingí dochracha ón am atá caite a sheasamh, lena n-áirítear turraingí a d’eascair as méaduithe ráta úis nó brúnna costais maireachtála.

Déanann an Banc Ceannais measúnú go bhfuil méadú tagtha ar chostais eacnamaíochta na mbeart ó bhí an bhliain 2015 ann, méaduithe a tháinig chun cinn mar gheall ar fhorbairtí struchtúir go bunúsach agus is mar gheall air sin a bhfuil praghsanna tithe atá ag ardú go seasta ann i gcomparáid le teacht isteach teaghlach.  Mar thoradh air sin, tháinig an Banc Ceannais ar bhreithiúnas go raibh na hathruithe dírithe de réir mar is cuí chun athchothromaíocht a aimsiú idir na tairbhí agus na costais maidir le calabrú na mbeart agus lena chinntiú go bhfuil na bearta oiriúnach i gcónaí don chuspóir amach anseo.

Tiocfaidh na hathruithe ar na bearta i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023, agus ón am sin beidh na nithe seo a leanas i gceist le calabrú na mbeart morgáiste:

Tá an Banc Ceannais ag déanamh roinnt athruithe do na critéir atá ag teastáil ó iasachtaí le bheith á mheas mar FTB chun críocha na mbeart morgáiste.

  • Ó thaobh dearcaidh maidir le “tosú as an nua”, d’fhéadfadh sé go mbeadh iasachtaithe a bhfuil colscaradh faighte acu nó atá scartha óna pháirtí/páirtí nó iasachtaithe atá bancbhriste nó faoi dhócmhainneacht á meas mar FTBanna do na bearta morgáiste (i gcás nach bhfuil spéis níos mó acu sa réadmhaoin roimhe seo).
  • Maidir leis na FTBanna atá ag iarraidh a morgáiste a athmhaoiniú ar an réadmhaoin chéanna, ar choinníoll gurb é an réadmhaoin sin an príomhtheach a bheidh acu i gcónaí, féadfar iad fós a mheas mar FTBanna.

Leis na hathruithe sin, tugtar aitheantas don aiseolas a fuair an Banc Ceannais tríd na himeachtaí éisteachta agus rannpháirtíochta a reáchtáladh le linn an athbhreithnithe agus tugtar léargas ar an tsochaí a bhfuil cónaí orainn inti.

Le linn dó a bheith ag labhairt ar thoradh an Athbhreithnithe ar Chreat na mBeart Morgáiste, dúirt Vasileios Madouros, Stiúrthóir Cobhsaíochta Airgeadais: “Athdhearbhaíodh san athbhreithniú na tairbhí agus na bearta, trí mhargadh morgáiste níos inbhuanaithe a chothú. Ar an iomlán, thug muid breithiúnas gur cuí a bhí athchalabrú sonraithe na mbeart. Laghdaíonn sé sin roinnt de chostais na mbeart, go háirithe do cheannaitheoirí céaduaire, gan cur as do thairbhí na mbeart.”

Tuarascáil Achomair - Imeachtaí Éisteachta agus Rannpháirtíochta ón Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste | pdf 606 KB An tAthbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste - Torthaí Mionsonraithe ar an Suirbhé Rannpháirtíochta Poiblí ar Líne | pdf 1771 KB CP146 – Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste | pdf 1537 KB

Féach freisin: