Buntáistí

Tá neart cúiseanna maithe ann le do ghairm a shaothrú i mBanc Ceannais na hÉireann - idir an luach saothair agus an mothú go bhfuil rud fiúntach á dhéanamh agat agus neart rudaí eile. Tá sé tábhachtach dúinn tacú lenár mbaill foirne chun go mbeidh gairm fhiúntach acu, chun go mbeidh siad ábalta barr a gcumais a bhaint amach ar bhonn gairmiúil agus pearsanta, agus chun go mbeidh siad ábalta caidreamh a chothú lena bhfeabhsófar a n-eispéireas laethúil.
Is iad na baill foirne agus an t-atmaisféar a chothaíonn áit speisialta oibre dúinn anseo.  Cothaímid cultúr inar féidir linn cairdeas a dhéanamh agus bualadh le comhghleacaithe, sult a bhaint as ár bpoist fad a thabharfaimid aghaidh ar dhúshláin, rud éigin a thabhairt ar ais don phobal, ár gcomhshaol a chosaint agus barr ár gcumais a bhaint amach tríd an ról tábhachtach atá againn i gcroílár chóras airgeadais na hÉireann.
A bhfuil á thairiscint againn
Sochair agus Buntáistí
    - Buntuarastal maith
- Pinsean le Sochar Sainithe
- Saoire bhliantúil fhlaithiúil
- Dámhachtainí aitheantais
- Scéimeanna Lasacaine do Ghrúpaí
- Deiseanna tras-scilbhisithe
 
 
Foghlaim agus Forbairt
    - Scéim Oiliúna Acadúil agus Gairmiúil
- Tacaíocht Oideachais
- Creat agus tacaíochtaí gairme
- Curaclam Aon Bhainc
- Cláir cóitseála agus meantóireachta
- Deiseanna iasachta agus malartaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta
- Ionad foghlama agus leabharlann
Faigh tuilleadh eolais maidir le Foghlaim agus Forbairt sa Bhanc Ceannais.
Cultúr agus Timpeallacht 
    - Clubanna Spóirt & Sóisialta
- Cláir ghníomhacha um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach (FSC) 
- Clár folláine
- Clár Cúnaimh d'Fhostaithe
- Campas Glas i gCeantar na nDugaí
- Teicneolaíocht Mhóibíleach
Agus roinnt rudaí eile ...
    - Bialanna foirne ar an láthair
- Stáisiúin caife 
- Torthaí úra gach Céadaoin
- Club do dhaoine atá ar scor
- Seachtain Folláine agus Seachtain Ghlas
- Ranganna corpacmhainne agus spás folláine
 
 Ar spéis leat an méid seo?  Breathnaigh ar na Folúntais Reatha agus faigh tuilleadh eolais faoin Eispéireas sa Bhanc Ceannais.