Nuacht

500,000 bonn €2 lena gcomórtar 50 bliain de Bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach

31 Bealtaine 2023 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Tá bonn €2 nua seolta ag Banc Ceannais na hÉireann chun 50 bliain de bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach a chomóradh.

Ba é an tAire Airgeadais Michael McGrath a sheol an bonn go hoifigiúil ag ócáid i gCé an Phoirt Thuaidh oíche Dé Máirt.

Déanfaidh an Banc Ceannais 500,000 bonn speisialta €2 a bhualadh agus cuirfear i gcúrsaíocht iad ón 22 Meitheamh 2023. Tá na focail ‘Éire EU50’ ar an mbonn mar aon le ‘1973’, an bhliain a ndeachaigh Éire isteach san Aontas Eorpach.

Dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “Is ábhar bróid don Bhanc Ceannais é an bonn nua seo a eisiúint chun 50 bliain de bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach a chomóradh. Tá ríméad orm go bhfuil an tAire McGrath anseo sa Bhanc Ceannais inniu chun an bonn a sheoladh.  Bhí éifeacht shuntasach ag aontachas na hÉireann leis an gComhphobal Eorpach, agus leis an Aontas Eorpach ina dhiaidh sin, ar fhorbairt agus ar nua-aoisiú gheilleagar na hÉireann agus an phobail níos leithne le 50 bliain anuas. Is mór againn an ócáid thábhachtach seo a chomóradh le seoladh an bhoinn seo inniu. Ba chóir do dhaoine ar fud na hÉireann, agus go deimhin ar fud na hEorpa, súil a choinneáil amach don bhonn speisialta €2 seo nuair a chuirfear i gcúrsaíocht é.”

Nóta d'eagarthóirí

Is é Banc Ceannais na hÉireann (mar ghníomhaire don Aire Airgeadais) an t-aon chomhlacht a bhfuil údarás reachtúil aige boinn dlíthairgthe a eisiúint in Éirinn, i bhfoirm bonn a chuirtear i gcúrsaíocht agus i bhfoirm boinn chomórtha. Eisítear táirgí bonn inbhailithe ar bhonn bliantúil in ómós do dhaoine a mbaineann tábhacht náisiúnta leo agus chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí suntasacha i stair na hÉireann.