Nuacht

Brú curtha ar iasachtóirí 13,600 cás rianúcháin breise a chur san áireamh; is ionann íocaíochtaí sásaimh agus cúiteamh anois agus €297 milliún

20 Nollaig 2017 Irish Category

Tracker Mortgage Examination 

tuairisc chun dáta foilsithe ag an mBanc Ceannais maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar an Imscrúdú ar Mhorgáistí Rianúcháin. Deimhnítear sa tuairisc sin:

  • Go bhfuil 13,600 custaiméir breise curtha san áireamh ag iasachtóirí tar éis don Bhanc Ceannais dúshlán a thabhairt d’iasachtóirí, sa chaoi gurb é 33,700 líon iomlán na gcustaiméirí a ndearnadh difear dóibh.
  •  Folaíonn an líon sin 26,600 cás san Imscrúdú ar Mhorgáistí Rianúcháin agus 7,100 cás a réitíodh lasmuigh den Imscrúdú.
  •  Rinneadh €297 milliún a íoc mar shásamh agus mar chúiteamh anuas go dtí lár mhí na Nollag, agus déanfar níos mó íocaíochtaí amach anseo.

Dúirt an Gobharnóir Philip R. Lane: “Tá sé ráite go poiblí ag go leor iasachtóirí go dtugann siad tús áite dá gcustaiméirí. Tugtar le tuiscint ón bhfianaise atá feicthe againn ón Imscrúdú seo nach amhlaidh atá. Aithníonn an Banc Ceannais na héifeachtaí díobhalacha a bhí ag mainneachtainí na n-iasachtóirí ar theaghlaigh agus ar dhaoine aonair. Is é sin an fáth a bhfuilimid ag baint úsáid as ár gcuid cumhachtaí go léir chun brú a chur ar na bainc a chinntiú go ndéanfar na custaiméirí go léir lena mbaineann a chur san áireamh le haghaidh sásaimh agus cúitimh.”

Dúirt Derville Rowland, an tArd-Stiúrthóir, Iompar Airgeadais: “Is toradh fíorthábhachtach é seo do na custaiméirí lena mbaineann. Chruthaigh go leor banc bacainní trí dhul i muinín léamh cúng ar chonarthaí. Chuamar sa tóir orthu gan staonadh d’fhonn brú a chur orthu rudaí a chur ina gceart dá chustaiméirí. Cé gurb é tuairim an Bhainc Ceannais go bhfuil tromlach mór na gcustaiméirí aitheanta anois agus curtha san áireamh le haghaidh sásaimh agus cúitimh, leanfaimid d’obair na n-iasachtóirí a athbhreithniú, a cheistiú agus a fhíorú agus cuirfimid i gcrích ár gclár treallúsach ar an láthair.”

Tá sásamh agus cúiteamh íoctha anois ag na hiasachtóirí le tromlach na gcustaiméirí arna n-aithint ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Sna seachtainí agus sna míonna atá romhainn, tiocfaidh méadú ar líon na gcustaiméirí a gheobhaidh sásamh agus cúiteamh de réir mar a dhéanfar tairiscintí sásaimh agus cúitimh leis na custaiméirí breise a cuireadh san áireamh le déanaí. De bhreis air sin, tá an tImscrúdú ceaptha a chinntiú go mbeidh roghanna breise ar fáil do chustaiméirí lena mbaineann má shíleann siad go bhfuil aon ghné den sásamh nó den chúiteamh arna thairiscint ag an iasachtóir neamhimleor.

Dúirt an Gobharnóir Lane: ‘Ní mór a chur san áireamh gur féidir le custaiméirí glacadh leis an sásamh agus leis an gcúiteamh a thairgtear dóibh agus gur féidir leo achomharc a dhéanamh go fóill - is é sin le rá, is féidir leo an “seic a bhriseadh” agus fios acu go gcoinneoidh siad an cúiteamh sin. Ní féidir tairiscintí sásaimh agus cúitimh a laghdú má dhéanann custaiméir achomharc.’

Leanfaidh gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin an Bhainc Ceannais i dteannta an Imscrúdaithe. Tá trí imscrúdú forfheidhmiúcháin ar siúl faoi láthair, agus táthar ag súil go dtabharfar faoi imscrúduithe ar na príomhbhainc go léir.

CRÍOCH