Nuacht

Bonn inbhailithe George Bernard Shaw seolta ag Banc Ceannais na hÉireann

17 Meitheamh 2025 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland launches George Bernard Shaw collector coin

D’eisigh Banc Ceannais na hÉireann líon teoranta de bhonn inbhailithe profa airgid €15 inniu in ómós don scríbhneoir, George Bernard Shaw. I mbliana, comórtar cothrom 100 bliain ó bhuaigh George Bernard Shaw Duais Nobel na Litríochta.

Ba í Antonella Napolione a dhear an bonn seo ar a dtaispeántar portráid de Shaw agus tá an bhliain 1925 greanta air, an bhliain inar bhuaigh sé Duais Nobel.

Beidh an bonn ar díol ar  www.collectorcoins.ie ó 2pm inniu. Tá 3,000 bonn ar fáil agus cosnóidh siad €65.

Agus an bonn comórtha seo á sheoladh aige inniu ag ócáid speisialta i i Músaem Litríochta na hÉireann, deir an Gobharnóir Gabriel Makhlouf an méid seo a leanas: “Leis na boinn chomórtha, tugtar aitheantas do dhaoine - nó d’ócáidí - a mbaineann tábhacht náisiúnta leo agus inniu tá duine de shárscríbhneoirí na hÉireann, George Bernard Shaw, á chomóradh againn.

“Is comhartha ómóis cuí é an bonn do dhuine na daoine b’éirimiúla ón 20ú haois.  Bronnadh Duais Nobel air in 1925 as a chuid saothar inar léiríodh an t-idéalachas agus an daonnacht, agus ina raibh an aoir lán le háilleacht fhileata ar leith.

“D’fhág George Bernard Shaw scríbhneoireacht amharclainne, fhicseanúil, phoileimiciúil, chriticiúil agus fhealsúnach mar oidhreacht againn.   Scríobh sé an méid seo a leanas: “an Irishman’s heart is nothing but his imagination” agus bhí a ghairm faoi thionchar mór ag an tuiscint a bhí aige ar Éirinn.   Táimid an-bhródúil as ár gcuid bonn comórtha agus tá an-áthas orainn an bonn seo a sheoladh inniu.  Seans go gceapfadh Shaw gurbh aisteach an rud é a aghaidh a léiriú ar bhonn agus go mbeadh sé ag gearán go raibh comóradh á dhéanamh air, rud a cheap sé nuair a bronnadh Duais Nobel air - ach b’fhéidir gur mhór leis freisin an t-aitheantas dó a léiríonn an bonn seo.”