Nuacht
Comórtas dearaidh maidir le nótaí bainc euro amach anseo seolta ag BCE
15 Iúil 2025
Preas Ráiteas

- Cuireadh tugtha do dhearthóirí fud fad na hEorpa iarratas a chur isteach, ag tosú an 15 Iúil 2025.
- Beidh ardán na n-iarratas ar oscailt suas chomh fada leis an 18 Lúnasa 2025.
- Beifear ag súil le cinneadh ón gComhairle Rialaithe maidir leis an dearadh deiridh roimh dheireadh na bliana 2026 i ndiaidh suirbhé poiblí.
Sheol an Banc Ceannais Eorpach (BCE) comórtas poiblí inniu maidir leis an dearadh do nótaí bainc euro amach anseo – an chéad chéim eile i bpróiseas athdheartha na nótaí bainc euro. Tá dhá théama féideartha roghnaithe cheana féin ag Comhairle Rialaithe BCE maidir le nótaí bainc euro amach anseo tar éis di dul i gcomhairle le saineolaithe agus leis an bpobal. Is iad sin: “Cultúr na hEorpa”, ina ndírítear ar spásanna cultúir coiteanna agus Eorpaigh thábhachtacha; agus “Aibhneacha agus éin”, ina ndírítear ar acmhainneacht agus éagsúlacht éiceachórais nádúrtha na hEorpa. I mí Eanáir, rinne an Chomhairle Rialaithe móitífeanna a roghnú freisin chun an dá théama féideartha a léiriú.
Tá sé mar aidhm leis an comórtas dearaidh, atá oscailte do dhearthóirí grafaicí atá ina gcónaí san Aontas Eorpach, na tograí dearaidh is fearr do nótaí bainc euro amach anseo a aithint. Beidh dhá chéim i gceist leis an gcomórtas: an chéim iarratais agus an chéim maidir le tograí dearaidh. Le linn na céime iarratais, ní mór do dhearthóirí na riachtanais shonracha a liostaítear san fhógra comórtais a chomhlíonadh. Déanfar measúnú ar na hiarratasóirí bunaithe ar a gcuid cáilíochtaí agus éachtaí.
Tabharfar cuireadh do na dearthóirí a roghnaítear páirt a ghlacadh sa dara céim agus a gcuid tograí dearaidh a chur isteach. Déanfaidh grúpa de shaineolaithe neamhspleácha – Giúiré an Chomórtais Dearaidh (PDF 135.61KB) – measúnú ar na tograí agus roghnóidh siad suas le cúig cinn in aghaidh an téama.
“Tá níos mó ná airgeadra i gceist leis an euro – is comhartha é d’aontacht agus d’éagsúlacht na hEorpa. Tríd an gcomórtas seo, tugaimid cuireadh do dhearthóirí fud fad na hEorpa tionchar a imirt ar thodhchaí ár nótaí bainc le bheith mar léiriú ar ár bhféiniúlacht chultúir agus ár n-oidhreacht nádúrtha choiteann,” a dúirt Uachtarán BCE Christine Lagarde.
I ndiaidh dheireadh an comórtais, iarrfar ar an bpobal aiseolas a thabhairt maidir leis na dearaí a roghnaíodh. Táthar ag súil go dtiocfaidh an Chomhairle Rialaithe ar chinneadh maidir leis an dearadh deiridh roimh dheireadh na bliana 2026. Beidh na nótaí bainc nua ullamh le dul isteach i gcúrsaíocht roinnt blianta i ndiaidh an chinnidh sin agus i ndiaidh an phróisis táirgthe. Chun faisnéis mhionsonraithe a fháil maidir leis an gcomórtas, féach ar BCE agus ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Iarrtar ar dhearthóirí a bhfuil spéis acu bheith páirteach iarratas a chur isteach faoin 12:00 CET an 18 Lúnasa.