Nuacht
Machnamh á dhéanamh ar na bearta morgáiste le deich mbliana anuas - Madouros
19 Meán Fómhair 2025
Preas Ráiteas

- Bhí tionscnamh na mbeart morgáiste deich mbliana ó shin i measc roinnt de na hidirghabhálacha beartais phoiblí ba thábhachtaí ón mBanc Ceannais, agus bhí ról suntasach aige i dtaca le hacmhainneacht iasachtaithe, iasachtóirí agus an gheilleagair i gcoitinne a neartú.
- Bhí an Banc Ceannais freagrúil i gcónaí don chomhthéacs athraitheach le deich mbliana anuas, trí dhearadh agus calabrúchán na mbeart a dheisiú chun cothromaíocht a aimsiú idir tairbhí agus costais.
- Is dócha go n-éireoidh an timpeallacht ina bhfeidhmíonn na bearta níos dúshlánaí go ceann deich mbliana eile, ach is dócha freisin gur le linn na tréimhse sin a bheidh tairbhí níos fearr ag baint leo.
Thug Leas-Ghobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Vasileios Madouros léacht Richard Cantillon ag Ceardlann Eacnamaíochta Bhaile Átha Cliath inniu an 19 Meán Fómhair 2025.
Roimh an léacht, dúirt an Leas-Ghobharnóir Madouros: “Tá deich mbliana caite anois ó thionscain an Banc Ceannais na bearta morgáiste. Bhí siad sin i measc na n-idirghabhálacha beartais phoiblí ba thábhachtaí a rinne an Banc Ceannais, d’fhonn damáiste don gheilleagar a sheachaint agus chun tomhaltóirí a chosaint.
“Tuigim go rí-mhaith go bhfuil éifeacht an-díreach ag na bearta ar dhaoine. Teach a cheannach is ea an cinneadh airgeadais is tábhachtaí a dhéanfaidh an chuid is mó de dhaoine ina saol. Agus is é an morgáiste an cineál iasachta is mó a dtugann teaghlaigh faoi. Mar sin, tá tábhacht leis na bearta do dhaoine aonair, agus tá tábhacht leo don gheilleagar ina iomláine.
“Tuigim go rí-mhaith freisin nach léir don chuid is mó de dhaoine na tairbhí a bhaineann leis na bearta. Go deimhin, eascraíonn siad as neamhláithreacht rudaí, ar nós borrthaí agus teipeanna neamh-inbhuanaithe, an rófhiachas nó cruatan airgeadais fhorleathain. Is tairbhí fadtéarmacha a bhaineann leis na bearta freisin: d’fhéadfadh sé nach bhfuil siad le sonrú go soiléir inniu, ach éiríonn siad níos follasaí nuair a théann rudaí in aimhréidh.”
“Is éard atá ar eolas againn, tar éis deich mbliana, ná go raibh ról tábhachtach ag na bearta morgáiste i ndáil le hacmhainneacht iasachtaithe, iasachtóirí agus an geilleagar i gcoitinne a neartú. Tá sé tábhachtach gan neamhaird a dhéanamh air sin, go háirithe agus muid ag déanamh ár mbealaigh trí shaol ina dtagann go leor turraingí chun cinn.”
Tairbhí agus costais a chur sa mheá
Agus plé á dhéanamh ar chur chuige an Bhainc Cheannais i ndáil leis na tairbhí agus costais a bhaineann leis na bearta a chur sa mheá, dúirt an Leas-Ghobharnóir Madouros:
“Mar lucht déanta beartais, níl sé d’aidhm againn acmhainneacht a bhaint amach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Ní dhéanfadh sin rath ná fónamh don tsochaí. Ar nós na n-idirghabhálacha beartais ar fad, tá tairbhí agus costais araon ag baint leis na bearta morgáiste ó thaobh an gheilleagair tríd is tríd. Is é an obair atá romhainn cothromaíocht a aimsiú eatarthu sin.
“Gan amhras, níor fhan na bearta morgáiste socair le deich mbliana anuas. Rinneamar iad a choigeartú, bunaithe ar fhianaise, chun cothromaíocht a aimsiú idir na tairbhí agus costais a bhaineann leo, ar mhaithe le leas an phobail. Agus cuirimid lenár dtuiscint ar an tionchar a bhaineann leo i gcónaí, trí fhoghlaim ónár dtaithí féin agus ó thaithí tíortha eile.”
Ag breathnú chun cinn
Maidir leis an gcuma atá ar an todhchaí, dúirt an Leas-Ghobharnóir Madouros: “Ag breathnú chun cinn ar na deich mbliana atá amach romhainn, d’fhéadfadh sé go mbeadh an timpeallacht ina bhfeidhmíonn na bearta níos dúshlánaí fós ná mar a bhí le deich mbliana anuas. Tá cuimhní ar an ngéarchéim airgeadais ag dul i ndearmad, is dócha go dtiocfaidh méadú ar ghníomhaíocht sa mhargadh morgáistí agus tá praghsanna tithe ardaithe cheana féin le hais ioncaim. Mar gheall ar an meascán gnéithe seo, d’fhéadfaí dálaí a chruthú ina mbeadh fiachas níos airde i gceist, go háirithe dá lagódh caighdeáin iasachtaithe sa mhargadh morgáistí.
“Is go cruinn díreach i dtimpeallacht mar é ar dócha go mbeadh luach na mbeart morgáiste níos airde. Beidh sé mar phríomhchúram againn sa Bhanc Ceannais a chinntiú go ndéanfaidh na bearta a gcion oibre i gcónaí amach sa todhchaí, ionas go mbeadh an dinimic sa mhargadh morgáistí – atá mar bhonn agus mar thaca ag gníomhaíocht tithíochta i gcoitinne – inbhuanaithe i gcónaí go fadtéarmach.”
CRÍOCH
Tuilleadh eolais
[email protected] 087 2136313