Nuacht

An Banc Ceannais le comhdháil a reáchtáil mar chuid den chéad chéim eile den Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste

13 Meán Fómhair 2022 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Tá sé mar chuspóir leis an athbhreithniú seo ar an gcreat a chinntiú go leanfaidh na bearta de bheith oiriúnach don fheidhm amach sa todhchaí, le linn éabhlóid leanúnach an chórais airgeadais agus an gheilleagair i gcoitinne.
  • Beidh saineolaithe idirnáisiúnta páirteach sa chomhdháil chun eolas a dhéanamh don athbhreithniú leanúnach
  • Tá clárú oscailte don uile dhuine ar mhian leo freastal ar an gcomhdháil

Beidh comhdháil fhíorúil, ina mbeidh saineolaithe idirnáisiúnta páirteach, á reáchtáil ag Banc Ceannais na hÉireann an tseachtain seo chugainn mar chuid den Athbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste atá ar bun faoi láthair.

Tugadh na bearta morgáiste isteach sa bhliain 2015 agus tá sé d’aidhm acu athléimneacht iasachtaithe agus na hearnála baincéireachta araon a láidriú. Mar chuid den athbhreithniú seo ar an gcreat, tá an Banc Ceannais ag déanamh breithniú ar an gcur chuige, ar an bhfoireann uirlisí agus ar an straitéis fhoriomlán a bhaineann leis na bearta, chun a chinntiú go mbeidh siad fós oiriúnach don fheidhm atá leo de réir mar a bheidh an córas airgeadais agus an geilleagar i gcoitinne ag athrú.

Déanfaidh an chomhdháil - Macroprudential mortgage measures: lessons on design, implementation and effectiveness - eolas don athbhreithniú leanúnach trí shaineolaithe idirnáisiúnta agus oifigigh beartais shinsearacha a thabhairt le chéile chun a gcuid tuairimí a roinnt maidir leis an taithí le bearta macrastuamachta i margadh na morgáistí agus ar cheachtanna don todhchaí.

Reáchtálfar an chomhdháil seo go fíorúil Dé Máirt an 26 agus Dé Céadaoin an 27 Aibreán, agus tá clárú oscailte don phobal agus do pháirtithe leasmhara ar mian leo freastal uirthi.

Lá 1 - Dé Máirt an 26 Aibreán

Is í an Leas-Ghobharnóir Sharon Donnery a thabharfaidh spreagaitheasc ar Lá 1 chun an chomhdháil a oscailt.

Leanfar ar aghaidh i ndiaidh sin le plé ar an tábhacht a bhaineann le bearta iasachtaí-bhunaithe, ina mbeidh na daoine seo a leanas páirteach:

  • David Aikman, Stiurthóir Ionad Qatar don Bhaincéireacht agus Airgeadas Domhanda, agus Ollamh le Cleachtadh Airgeadais, King’s College, Londain
  • Atif Mian, Ollamh John H. Laporte, Jr. Rang na bliana 1967 le hEacnamaíocht, Beartas Poiblí agus Airgeadas in Ollscoil Princeton
  • Moritz Schularick, Ollamh le hEacnamaíocht, Ollscoil Bonn, Sciences Po, Páras

Lá 2 - Dé Céadaoin an 27 Aibreán

Sa chéad seisiún den lá, beidh lucht déanta beartas ó thíortha a bhfuil bearta cosúla curtha i bhfeidhm acu. Áireofar ar na rannpháirtithe:

  • Christian Hawkesby, Leas-Ghobharnóir / Bainisteoir Ginearálta um Chobhsaíocht Airgeadais, Banc Cúlchiste na Nua-Shéalainne
  • Torbjorn Hageland, Stiúrthóir Feidhmiúcháin um Chobhsaíocht Airgeadais, Norges Bank
  • Ana Cristina Leal, Ceann Roinne, Cobhsaíocht Airgeadais, Banco de Portugal

Le linn an dara painéal, beidh saineolaithe sinsearacha idirnáisiúnta ag déanamh iniúchadh ar an gcaoi inar féidir an creat macrastuamachta d’iasachtú morgáiste a choimeád oiriúnach don fheidhm amach anseo, i gcomhthéacs athruithe níos leithne sa chóras airgeadais agus sa gheilleagar.

Is í an Leas-Ghobharnóir Sharon Donnery a bheidh ina cathaoirleach ar an bpainéal seo, agus ar na rannpháirtithe, beidh:

  • Patrick Honohan, iarGhobharnóir, Banc Ceannais na hÉireann
  • Marja Nykänen, Leas-Ghobharnóir, Banc na Fionlainne
  • Sarah Breeden, Stiúrthóir Feidhmiúcháin um Straitéis Cobhsaíochta Airgeadais agus Riosca, Banc Shasana

Leis an gcomhdháil seo, cuirtear tús le céim bhreise de chomhpháirteachas poiblí mar chuid den athbhreithniú. An samhradh seo caite, thug an Banc Ceannais faoi shuirbhé ar líne, chomh maith le sraith imeachtaí éisteachta. Níos luaithe i mbliana, seoladh comhairliúchán poiblí  le go mbeadh deis ag páirtithe leasmhara aiseolas a chur ar fáil ar réimse ceisteanna a bhaineann le creat na mbeart morgáiste.

Is é an t-aiseolas ón suirbhé, ó na himeachtaí éisteachta, ón gcomhairliúchán agus ón gcomhdháil, mar aon le taighde agus anailís bhreise a rinne an Banc Ceannais, a dhéanfaidh eolas do na conclúidí deiridh ar leagan amach an chreata.

Déanfaidh an Banc Ceannais na himpleachtaí do chalabrú agus do chur i ngníomh na mbeart morgáiste a bhreithniú ansin. Tá an t-athbhreithniú creata le cur i gcrích sa dara leath den bhliain 2022.

Dúirt an Stiúrthóir ar Chobhsaíocht Airgeadais, Vasileios Madouros: “Thugamar le fios go soiléir ón tús go mbeadh teagmháil le raon leathan páirtithe leasmhara ina bunghné den athbhreithniú ar chreat na mbeart morgáiste. Bhí an-tairbhe ag baint leis an teagmháil go dtí seo. Is ionann an chomhdháil agus céim bhreise sa chomhpháirteachas poiblí atá ar bun againn agus tabharfar le chéile saineolaithe idirnáisiúnta léi chun eolas a dhéanamh don athbhreithniú. Tá bearta cosúla glactha ag tíortha eile, agus tá neart le foghlaim againn ón taithí a bhí acu, ón anailís atá déanta acu orthu agus ó na dearcthaí atá acu ina leith. Molaim do pháirtithe leasmhara freastal ar an gcomhdháil agus páirt a ghlacadh sa phlé.”

Féach ar chlár na comhdhála. Déardaoin an 21 Aibreán is ea an dáta deiridh chun clárú don chomhdháil.