Nuacht

An dara Comhdháil bhliantúil ar an gCóras Airgeadais á hóstáil ag Banc Ceannais na hÉireann

08 Samhain 2023 Preas Ráiteas

  • Ag an gComhdháil ar an gCóras Airgeadais, tugtar le chéile cainteoirí iomráiteacha a phléann saincheisteanna a mbaineann tábhacht airgeadais dhomhanda leo
  • Comhairliúchán maidir le nuálaíocht seolta ag an nGobharnóir Makhlouf, agus tiomantas tugtha do Chlár um Bosca Gainimh Nuálaíochta
  • Príomhghnéithe an Chreata Cuntasaíochta Aonair deimhnithe aige

Tá an dara Comhdháil bhliantúil ar an gCóras Airgeadais á hóstáil ag Banc Ceannais na hÉireann inniu, Dé Céadaoin an 8 Samhain 2023 ag Staid Aviva. Is é téama #FSC2023, ‘Torthaí maithe a bhaint amach i dtimpeallacht éiginnte’, agus tugtar dearcthaí éagsúla le chéile ar shaincheisteanna amhail an éiginnteacht atá i réim i dtimpeallacht na geo-eacnamaíochta, an chaoi ina gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, cuntasaíocht aonair agus rialáil airgeadais AE.

Agus #FSC2023 á sheoladh aige ar maidin, dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “Tá athrú suntasach tagtha ar ár gcóras airgeadais le blianta beaga anuas sa mhéid go bhfuil iontrálaithe nua, táirgí nua agus bealaí nua ann chun freastal ar thomhaltóirí agus ar an ngeilleagar. Cruthaíonn sé seo go leor deiseanna; ach mura mbainistítear i gceart é, d’fhéadfadh rioscaí eascairt as freisin.

“Tá áthas orm fáilte a chur roimh na cainteoirí go léir, ina measc siúd: Andrew Bailey, Gobharnóir, Banc Shasana; Lisa D. Cook, Gobharnóir, an Cúlchiste Feidearálach; agus Alessandra Perrazzelli, Leas-Ghobharnóir, Banca d’Italia, atá anseo inniu chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí agus i bplé le linn an lae, agus táim ag tnúth go mór le héisteacht leis na painéil iontacha atá anseo agus le foghlaim uathu.

Ag tagairt don bhliain atá imithe tharainn, agus ag féachaint chun cinn, dúirt an Gobharnóir Makhlouf: “Le linn 2023, ba iad seo a leanas príomhthosaíochtaí intíre an Bhainc Ceannais: comhairliúchán agus rannpháirtíocht maidir le forbairtí rialála ar ár gCreat um Chosaint Tomhaltóirí agus ar ár gCreat Cuntasaíochta Aonair, mar aon leis an obair ar an gcur chuige maidir le nuálaíocht.

“Sna míonna atá le teacht, beidh an dlaoi mhullaigh á cur againn ar ár n-athbhreithniú ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí agus beidh an Creat Cunasaíochta Aonair á chur chun feidhme againn. Is é is aidhm don dá réimse oibre sin torthaí níos fearr a bhaint amach: i dtéarmaí na hathléimneachta, an rialachais, agus i dtéamaí torthaí do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí, fad a chuirfear feabhas ar an gcomhthéacs foriomlán rialála do ghnólachtaí.

“Tacar aonair rialacháin do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon a bheidh sa Chód Tomhaltóirí athbhreithnithe, rud a léiríonn na hathruithe atá ag tarlú sa chóras airgeadais. Príomhaidhm an athbhreithnithe ar an gCód is ea soiléire a chur ar na forbairtí sin, léargas a thabhairt ar chruth na timpeallachta rialála agus, ag féachaint romhainn, intuarthacht shoiléir a chur ar fáil, mar aon le cinnteacht fheabhsaithe maidir lenár gcuid ionchas i leith gnólachtaí. 

“Le linn an chomhairilúcháin a sheolamar maidir leis an gCreat Cuntasaíochta Aonair, aonaíodh go ginearálta go ndéanfadh an Creat Cuntasaíochta Aonair soiléiriú ar fhreagrachtaí, rud a bheadh mar bhonn taca faoin rialachas fónta ar fud na hearnála airgeadais, agus a chuirfeadh feabhas ar chultúr na cuntasaíochta i ngnólachtaí agus a thabharfadh soiléireacht do dhaoine aonair maidir leis na caighdeáin iompair atá le comhlíonadh acu.”

Ag tagairt don phróiseas comhairliúcháin rathúil don Chreat Cuntasaíochta Aonair, dúirt an Gobharnóir Makhlouf an méid seo a leanas faoin rannpháirtíocht ón tionscal:  “Le linn an chomhairliúcháin, cuireadh in iúl an tuairim go raibh líon agus raon feidhme na bhFreagrachtaí Forordaithe suntasach. Mar fhreagairt ar an tuairim sin, rinneamar athbhreithniú ar líon na bhfreagrachtaí agus laghdaíomar iad, fad a rinneadh a soiléire fhoriomlán a chothabháil.

“Chinneamar go gcuirfí siar feidhmiú an Chreata i leith INEDanna/NEDanna go ceann aon bhliain amháin chun a chumasú don Bhanc Ceannais agus do ghnólachtaí rialáilte foghlaim ó fheidhmiú an chreata nua i leith feidhmeannach ar an gcéad dul síos agus foghlaim faoin gcaoi inar féidir linn leas a bhaint as an gcreat mar bhonn eolais dár maoirseacht. Go háirithe, ba cheart go gcumasófaí do ghnólachtaí bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar na saincheisteanna atá aitheanta maidir le comhfhreagracht na mbord a chur in oiriúint don chreat cuntasaíochta aonair nua.”

I bhfianaise córas airgeadais atá ag athrú, tá comhairliúchán á sheoladh ag an mBanc Ceannais inniu ina leagtar amach an chaoi ina bhfuil sé i gceist ag an mBanc Ceannais a chur chuige maidir lena rannpháirtíocht ar nuálaíocht a fhorbairt agus a neartú. Folaítear sa chomhairliúchán, feabhsuithe ar an gcaoi ina n-oibríonn an Mol Nuálaíochta agus moladh suntasach nua chun Clár um Bosca Gainimh Nuálaíochta a bhunú. Leis an mBosca Gainimh, cumasófar do ghnólachtaí agus d’iontrálaithe nua nuálaíochtaí a fhorbairt trí bhíthin comhairle agus tacaíocht rialála, ar nuálaíochtaí iad a chuirfidh torthaí níos fearr chun cinn don tsochaí agus don chóras airgeadais.  Beidh an clár beartaithe ar oscailt d’iarratais ó gach earnáil den chóras airgeadais, beidh próiseas iarratais trédhearcach i gceist, agus cuirfidh an Banc Ceannais na torthaí ar ghníomhaíocht bosca gainimh in iúl do pháirtithe leasmhara ar bhonn bliantúil.

Arsa an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “Go dtí seo, chuidigh ár rannpháirtíocht linn ár gcuid aidhmeanna beartais phoiblí a fhorbairt, ach i gcóras airgeadais atá ag athrú, ní mór dúinn measúnú agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar ár gcur chuige.  Leis an gClár um Bosca Gainimh Nuálaíochta atá beartaithe, beidh rannpháirtíocht idir nuálaithe agus saineolaithe ábhartha ón mBanc Ceannais. Cabhróidh sé seo le gnólachtaí an iarmhairt ionchasach rialála a bheidh ag a gcuid nuálaíochtaí a thuiscint, fad a chothófar nuálaíocht chun freastal ar riachtanais na dteaghlach agus na ngnóthaí amach anseo.”

Léigh téacs iomlán aitheasc tosaigh an Ghobharnóra Makhlouf ag an gComhdháil ar an gCóras Airgeadais.

Tá beoshruth de Chomhdháil 2023 ar an gCóras Airgeadais ar Webex agus is féidir breathnú ar thaifid de na seisiúin aonair ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Nóta d'Eagarthóirí