Nuacht
Banc Ceannais – Leasú Spriocdhírithe ar Bhearta Morgáiste Maidir le hIasachtaí Idirlinne do Phríomháit Chónaithe
08 Aibreán 2026
Preas Ráiteas

D'fhógair Banc Ceannais na hÉireann inniu sonraí faoi leasú spriocdhírithe ar na bearta morgáiste, lena ndíolmhófar iasachtaí idirlinne áirithe do phríomháit chónaithe ón teorainn Iasachta in aghaidh Ioncaim (LTI) (PDF 151.2KB). Beidh feidhm i gcónaí ag an teorainn Iasachta in aghaidh Luacha (LTV) maidir leis na táirgí sin, agus fanann gach gné eile de na bearta morgáiste gan athrú.
Aithnítear leis an leasú gur gné de mhargadh morgáistí na hÉireann atá ag teacht chun cinn iad táirgí maoinithe idirlinne, agus cinntítear leis go ndéanfar an creat rialála a oiriúnú go cuí chun leanúint de thacú le dea-fheidhmiú an mhargaidh gan caighdeáin iasachtaithe ná athléimneacht iasachtaithe agus iasachtóirí sa mhargadh morgáistí a chur i mbaol.
Faoi na bearta, is iasacht ghearrthéarmach (a bhfuil uastréimhse 18 mí léi) í iasacht idirlinne do phríomháit chónaithe a chuireann ar chumas úinéirí tí atá ann cheana príomháit chónaithe nua a cheannach sula gcuirtear díolachán a maoine reatha i gcrích. Murab ionann agus morgáistí caighdeánacha, aisíoctar na hiasachtaí sin as fáltais ó dhíolachán na maoine seachas as ioncam rialta.
Seo an méid a dúirt an Leas-Ghobharnóir Vasileios Madouros: "Léirítear leis an leasú spriocdhírithe seo ár ndúthracht lena chinntiú go mbeadh na bearta morgáiste oiriúnach dá gcuspóir i gcónaí de réir mar a thagann athrú ar an margadh. Tá ról tábhachtach ag iasachtaí idirlinne chun cuidiú le húinéirí tí bogadh ó mhaoin amháin go maoin eile, agus is lú an bhaint atá ag an teorainn Iasachta in aghaidh Ioncaim (LTI) i ndáil le táirgí nuair a aisíoctar as fáltais ó shócmhainní a dhíol seachas as ioncam rialta.
Fanann gach gné eile de na bearta morgáiste gan athrú. Is freagairt chomhréireach í seo ar fhorbairtí sa mhargadh, agus coinnítear lenár bpríomhchuspóirí i ndáil le hiasachtú inbhuanaithe."
Níl sé mar aidhm leis na bearta morgáiste go gcuirfí iad in ionad chritéir stuama fhrithgheallta na n-iasachtóirí féin. Ní mór d’iasachtóirí measúnú a dhéanamh i gcónaí ar oiriúnacht agus ar inacmhainneacht iasachtaí idirlinne do gach iasachtaí aonair. Baineann rialacha cosanta tomhaltóirí go hiomlán leis na táirgí sin freisin. Ní mór iasachtaithe a chur ar an eolas go hiomlán faoi na rioscaí, agus ní mór d’iasachtóirí a chinntiú go mbeadh maoiniú idirlinne oiriúnach do chúinsí gach aon chustaiméara.
Déanfaidh an Banc Ceannais faireachán ar fheidhmiú na díolúine. Beidh an faireachán seo ina ghné de mheasúnú rialta leanúnach an Bhainc ar na bearta morgáiste d’fhonn aon iarmhairtí neamhbheartaithe nó aon rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint.
Forbraíodh an leasú tar éis dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara na sochaí sibhialta agus leis an tionscal.
Nótaí don Eagarthóir
Maidir leis na Bearta Morgáiste
Is rialacháin mhacrastuamachta iad na bearta morgáiste lena leagtar síos teorainneacha ar iasachtú morgáiste chun tacú le caighdeáin inbhuanaithe iasachtaithe agus chun athléimneacht iasachtaithe agus an chórais airgeadais a chosaint. Áirítear leis an gcreat reatha:
- Teorainneacha Iasachta in aghaidh Ioncaim (LTI): Uasmhéid de 4 oiread an ollioncaim bhliantúil do cheannaitheoirí céaduaire; 3.5 oiread an ollioncaim bhliantúil do cheannaitheoirí dara huair agus do cheannaitheoirí ina dhiaidh sin.
- Teorainneacha Iasachta in aghaidh Luacha (LTV): Uasmhéid de 90% do mhorgáistí do príomháit chónaithe; 70% do réadmhaoine ceannach le ligean ar cíos.
- Liúntas Solúbthachta: Féadfaidh iasachtóirí suas le 15% de luach na hiasachta do cheannaitheoirí céaduaire (FTB) agus do cheannaitheoirí ina dhiaidh sin (SSB) a leithdháileadh ar iasachtaí a sháraíonn na teorainneacha; 10% i gcás iasachtaithe ceannach le ligean ar cíos (BTL).
Maidir le hIasachtaí Idirlinne do Phríomháit Chónaithe
Is socruithe maoinithe gearrthéarmacha iad iasachtaí idirlinne do phríomháit chónaithe a chuireann ar chumas úinéirí tí atá ann cheana príomháit chónaithe nua a cheannach sula gcuirtear díolachán a maoine reatha i gcrích. Áirítear leis na príomhthréithe:
- Uastréimhse 18 mí
- Níl aon cheanglas i gceist aisíocaíochtaí caipitil a dhéanamh le linn na tréimhse
- Aisíocaíocht as fáltais ó dhíolachán na maoine bunaidh
Tuilleadh Eolais
Ceisteanna Coitianta
Elaine Scanlon 087 2136313 elaine.scanlon@centrabank.ie / media@centralbank.ie