Nuacht

Bearta morgáiste an Bhainc Ceannais gan athrú i ndiaidh athbhreithniú

28 Samhain 2018 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Is cuid den chreat macracstuamachta níos leithne iad na bearta morgáiste agus tá dhá phríomhchuspóir á mbaint amach leo, is iad sin, cobhsaíocht airgeadais a chothabháil agus tomhaltóirí a chosaint.
  • Tá na bearta gan athrú, teorainneacha ar chóimheasa iasachta le hioncam (CII) agus teoireannacha ar chóimheasa iasachta le luach (CIL) san áireamh.
  • Tá an ráta fáis ar iasachtú nua morgáiste fós láidir ach tá líon na n-iasachtaí morgáiste fós faoi bhun na leibhéal a shamhlaítear le margadh tithíochta atá lánfheidhmiúil.

Tá an t-athbhreithniú bliantúil ar na bearta morgáiste chónaithe foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann. Bunaíodh an t-athbhreithniú ar anailís mhionsonraithe a rinneadh ar shonraí maidir le hiasachtú morgáiste i gcomhthéacs forbairtí sa mhargadh tithíochta níos leithne.

Rinneadh measúnú san athbhreithniú ar an riosca sistéimeach a bhaineann leis an margadh morgáiste agus leis an margadh tithíochta. Dearbhaítear leis an anailís sin go bhfuil na cuspóirí chun cobhsaíocht airgeadais a chothabháil agus tomhaltóirí a chosaint á mbaint amach leis na bearta morgáiste mar atá calabraithe faoi láthair.

Cé go bhfuil an ráta fáis ar iasachtú morgáiste fós láidir, tá scóip ann i gcomhair tuilleadh méaduithe inbhuanaithe ar ghníomhaíocht mhorgáiste. Léirítear san athbhreithniú gur cosúil nach é iasachtú morgásite an ghné spreagtha is mó ó thaobh forbairtí ar phraghas tithe. Ba cheart go gcuirfí leis an maolú ar fhás praghasanna le méaduithe ar an soláthar tithíochta agus ar láimhdeachas.

Agus é ag déanamh cur síos ar shonraí an athbhreithnithe, dúirt an Gobharnóir Philip R. Lane: “Tacaíonn na bearta morgáiste la hiasachtú inbhuanaithe morgáiste sa mhargadh tithíochta níos leithne, agus dá bharr sin, cuirtear leis an gcobhsaíocht airgeadais agus le cosaint iasachtaithe ó fhiachas rómhór. Léirítear inár n-athbhreithniú, gur beag an t-athrú a bhí ann ar CIInna agus CILanna méanacha agus nach bhfuil aon chomhartha ann de mheath ginearálta ar chaighdeáin an iasachtaithe, cé go bhfuil ráta láidir fáis ann ar iaschachtú nua morgáiste. Ar bhonn na dtorthaí sin, níl aon ghá an creat atá ann anois a athrú.

Cé gur údar imní ó thaobh inacmhainneachta iad praghasanna tithe agus cíosanna, go háirithe i gceantair uirbeacha, is é leathnú suntasach, inbhuanaithe ar sholáthar tithíochta an bunréiteach:  ní bhaintear amach margadh tithíochta lánfheidhmiúil, inbhuanaithe trí ghlacadh le caighdeáin neamhstuama iasachtaithe ó bhainc nó trí ghlacadh le hiasachtú iomarcach ó theaghlaigh.”

I gcomhar leis an gCúlchiste Fritimthriallach a chuireamar i ngníomh i mí Iúil, tá na bearta morgáiste ríthábhachtach chun a chinntiú go bhfuil stuamacht ár seasaimh macrastuamachta iomchuí: is é an aidhm atá ann go mbeidh córas aigeadais níos athléimní in ann tionchar na gcúluithe amach anseo a iompar ar bhealach níos fearr.”

Sa tuarascáil  mhionsonraithe a foilsíodh inniu, leagtar amach an anailís a bhí mar bhonn agus mar thaca le torthaí an athbhreithnithe.

Mar chuid den athbhreithniú bliantúil ar na bearta morgáiste, leanfaidh an Banc Ceannais d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí.