Nuacht

Best Investments Plan - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

02 Nollaig 2025 Warning Notice

Warning

Rabhadh:Gnólacht Infheistíochta/Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta NeamhúdaraitheBest Investments Plan 
Suíomh gréasáin

https://bestinvestmentsplan.com/

https://bestinvestmentsplan.com/lp/
Údarú in ÉirinnNíl Best Investments Plan údaraithe chun seirbhísí infheistíochta nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis Bhreise 

Is sampla é an chamscéim infheistíochta seo de “chamscéim suímh gréasáin chomparáide”, áit a gcruthaíonn calaoiseoirí suíomh gréasáin a mhaíonn gur féidir leis cabhrú le tomhaltóirí táirgí infheistíochta nó coigiltis éagsúla a aimsiú agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Tomhaltóirí ar mian leo infheistíocht a dhéanamh, cuireann siad a gcuid sonraí (i.e. sonraí teagmhála, méid le hinfheistiú, ráta toraidh inmhianaithe) isteach ar fhoirm ar líne agus déanann na calaoiseoirí teagmháil leo ina dhiaidh sin ar an nguthán nó leis an ríomhphost.

Maíonn na calaoiseoirí seo gur ó bhainc nó ó ghnólachtaí infheistíochta aitheanta iad, agus tairgeann siad deiseanna infheistíochta in infheistíochtaí/i gcamscéimeanna bréige.


Go minic, cuirfidh na calaoiseoirí bróisiúir ar fáil a bhfuil cuma oifigiúil agus ainm agus brandáil na mbanc nó na ngnólachtaí aitheanta seo orthu.

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.