Nuacht
Boinn chomórtha phrofa óir agus airgid Dhónaill Uí Chonaill á seoladh ag an mBanc Ceannais
12 Meán Fómhair 2025
Preas Ráiteas

Sheol Banc Ceannais na hÉireann boinn inbhailithe phrofa óir agus airgid inniu (an 12 Meán Fómhair 2025) chun comóradh a dhéanamh ar 250 bliain ó rugadh Dónall Ó Conaill, duine de na pearsana is suntasaí i stair na hÉireann.
Leis na boinn, tugtar aitheantas do shaol agus d’oidhreacht shuntasach Dhónaill Uí Chonaill atá fós le brath in Éirinn agus ar fud na cruinne. Is é Michael Guilfoyle a dhear na boinn, ar a bhfuil portráid de Dhónall Ó Conaill leis an inscríbhinn ‘An Fuascailteoir’.
Beidh na boinn ar díol inniu ag 12:30pm ó www.collectorcoins.ie.
Tá teorainn eisiúna de 3,000 bonn ag baint leis an mbonn profa airgid agus tá sé á mhiondíol ar €65. Bualadh an bonn in airgead steirling 28.28g.
Tá teorainn eisiúna de 750 bonn ag baint leis an mbonn profa óir agus tá sé á mhiondíol ar €995. Is 1/4 unsa óir troí atá sa bhonn.
Tá teorainn eisiúna de 250 tacar ag baint leis an tacar dúbailte - ina bhfuil dhá bhonn - agus tá sé á mhiondíol ar €1,095.
Agus na boinn á seoladh le linn searmanais inniu i dTigh Mhór Dhoire Fhíonáin – baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill – dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf:
“Leis an mbonn atá á sheoladh againn inniu, insítear scéal faoin gcumhacht a bhaineann le gníomhaíocht shíochánta, dhaonlathach agus faoin streachailt leanúnach chun comhionannas sóisialta a bhaint amach. Tháinig Dónall Ó Conaill chun cinn mar phearsa claochlaitheach mar gheall ar a fheachtasaíocht gan staonadh ar mhaithe le comhionannas agus ionadaíocht chothrom. Thuig Ó Conaill go raibh dlúthcheangal idir cumhachtú geilleagrach agus cearta polaitíochta, agus chaith sé a shaol i mbun na bacainní sin a shárú lenar coinníodh siar an oiread sin daoine. Dá bhrí sin, tá sé oiriúnach urraim a thabhairt dá oidhreacht inniu leis an mbonn seo, ar comhartha é maidir le luach, malartú agus dul chun cinn.
“Bhain codarsnachtaí móra leis an ionchas geilleagrach le linn ré Uí Chonaill. Ce gur bhain sciar beag daoine leas as na pribhléidí a bhain le húinéireacht talún agus cumhacht gheilleagrach, bhí formhór den daonra ag streachailt. Thuig Ó Conaill go raibh ceartas geilleagrach agus cearta polaitíochta fite fuaite ina chéile. Chreid sé go raibh rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí – bíodh sin trí chaitheamh vótaí, a bheith i seilbh réadmhaoine, nó trí phá cothrom a thuilleamh – ina gné bhunriachtanach i dtaca le comhionannas a bhaint amach. Chruthaigh sé ceann de na chéad mhórghluaiseachtaí polaitíochta daonlathacha ar domhan, agus mar gheall ar a chuid iarrachtaí, leagadh síos an dúshraith do go leor de na hathchóirithe sóisialta agus geilleagracha a chuirfí i gcrích i gcaitheamh na mblianta i ndiaidh a bháis.
“Ní uirlisí tráchtála amháin atá i mboinn; tá siad ina léiriú ar chonradh sóisialta comhchoiteann. Ní hamháin gur comharthaí atá sna boinn a úsáidimid sa lá atá inniu ann ar luach geilleagrach, ach is comharthaí iad freisin ar luachanna comhchoiteanna lena dtugtar muid ar fad le chéile mar phobal. Thuig Ó Conaill an luach a bhain le pobal agus an tábhacht a bhain le comhionannas sóisialta, ceartas agus athchóiriú síochánta, ar luachanna iad a bhfuil tábhacht ag baint leo i gcónaí sa lá atá inniu ann.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Bonn inbhailithe an bonn profa, ní bhíonn i gceist go mbeadh a leithéid sa ghnáthchúrsaíocht. Déantar an bualadh le dísle agus le boinn bhána speisialta shnasta a fhágann cuma an scátháin mar bhailchríoch orthu.
Eisíonn an Banc Ceannais, thar ceann an Aire Airgeadais, boinn éagsúla gach bliain mar tháirgí inbhailithe. Cuireann Grúpa Comhairle na mBonn Inbhailithe comhairle ar an mBanc maidir le téamaí oiriúnacha. Bíonn fáilte ag an mBanc Ceannais roimh thuairimí agus moltaí ón bpobal freisin maidir le téamaí.
Grianghraif
Grianghraf den bhonn faoi iamh. Déanfaidh Arthur Ellis Photography na grianghraif ó sheoladh na mbonn a shindeacáitiú.
Tuilleadh eolais
Martin Grant, [email protected], 086 078 7868