Nuacht

Bonn Comórtha Seolta ag Banc Ceannais na hÉireann in Ómós don Drámadóir Seán O’Casey

30 Márta 2026 Preas Ráiteas

Sheol Banc Ceannais na hÉireann bonn comórtha inniu lena gcomórtar beatha agus saothar an drámadóra cháiliúil Seán O’Casey. Comórtar leis an mbonn seo 100 bliain ó léiríodh a shárshaothar The Plough and The Stars in Amharclann na Mainistreach den chéad uair.

Beidh an bonn profa airgid ar díol ón lá inniu (Dé Luain an 30 Márta 2026) ag 1pm ar www.collectorcoins.ie. Arna dhearadh ag PJ Lynch, níl ach 3,000 bonn ar fáil agus cosnóidh siad €90.

Bhronn an Gobharnóir Gabriel Makhlouf an bonn ar iníon Sheáin O’Casey, Shivaun, ag an seoladh in Amharclann na Mainistreach, ar fhreastail muintir O’Casey agus foireann aisteoirí an léiriúcháin reatha air agus is ómós cuí é do cheann de na saothair dhrámata is tábhachtaí atá againn in Éirinn.

Cuireadh The Plough and the Stars ar an ardán den chéad uair in Amharclann na Mainistreach in 1926, níos lú ná deich mbliana i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916. Tá an greann agus an tragóid fite fuaite go foirfe sa dráma seo ina léirítear gnáthshaolta atá réabtha ó chéile ag idéalachas na linne. Amharclannaíocht dhaonna agus pholaitiúil is ea an sárshaothar seo le O’Casey agus tá sé ábhartha i gcónaí sa lá atá inniu ann.

Dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf an méid seo a leanas: “Tá The Plough and the Stars le Seán O’Casey ar cheann de na saothair dhrámata is mó agus is cumhachtaí in Éirinn go fóill. Céad bliain ó léiríodh den chéad uair é, tá ábharthacht i gcónaí ag an léiriú macánta a thug O’Casey ar an gcaoi a ndéanann suaitheadh polaitiúil difear do ghnáthdhaoine. Leis an mbonn comórtha seo, tugtar urraim do bhua ealaíne O’Casey agus is mór ag an mBanc Ceannais an comóradh tábhachtach cultúrtha seo a cheiliúradh.” 

The Plough and Stars ar siúl in Amharclann na Mainistreach go dtí an 30 Aibreán 2026 i léiriú nua arna stiúradh ag Tom Creed.

Tuilleadh Faisnéise

Elaine Scanlon – elaine.scanlon@centralbank.ie 087 213 6313

Nótaí don Eagarthóir

Is boinn inbhailithe iad boinn phrofa; ní chuirtear i gcúrsaíocht iad. Déantar iad a bhualadh ag baint úsáid as díslí agus crotáin snasta speisialta, rud a thugann bailchríoch scátháin dóibh.

Gach bliain, eisíonn an Banc Ceannais táirgí boinn thar ceann an Aire Airgeadais. Cuireann an Grúpa Comhairleach um Boinn Inbhailithe comhairle ar an mBanc maidir le téamaí bonn. Cuireann an Banc Ceannais fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal maidir le téamaí.