Nuacht

Bonn comórtha €15 chun cothrom 350 bliain Jonathan Swift a cheiliúradh

30 Samhain 2017 News Categories - Irish

756x350_Banner

·      Eisiúint theoranta de bhoinn airgid eisithe chun comóradh a dhéanamh ar bheatha duine de mhórúdair na hÉireann, Jonathan Swift

 

·       Bonn Comórtha eisithe ar chothrom an lae a rugadh Jonathan Swift 350 bliain ó shin ar an 30 Samhain 1667

 

·       Tá an bonn seo ar fáil ar €60 ón lá inniu ar collectorcoins.ie

 

Tá eisiúint theoranta de bhoinn chomórtha phrofa airgid €15 in ómós do Jonathan Swift eisithe ag Banc Ceannais na hÉireann ar chothrom an lae a rugadh an t-údar cáiliúil 350 bliain ó shin ar an 30 Samhain 1667. Ar an mbonn comórtha airgid seo, arna bhualadh in airgead steirling .925, comórtar mórshaothar an údair chailiúil le híomhánna ón saothar is cáiliúla dá chuid, Gulliver’s Travels. Seoladh an bonn in Ard-Eaglais Phádraig, Baile Átha Cliath. 

 

 

Bhí an t-aorthóir agus scríbhneoir aistí Éireannach seo ina Dhéan ar Ard-Eaglais Phádraig ar feadh breis agus 30 bliain, áit ar cuireadh é nuair a bhásaigh sé in 1745 agus é 78 bliain d’aois. Thiomnaigh Swift a mhaoin do bhunú Ospidéal Phádraig, an chéad ospidéal síciatrach in Éirinn a bhíonn ag freastal ar mhuintir na hÉireann go dtí an lá atá inniu ann.

 

Seoladh comórtas oscailte le haghaidh dearthaí boinn agus, ar an dearadh buaiteach leis an ealaíontóir Polannach Sebastian Mikolajczak, léirítear Gulliver ina sheasamh ar leabhar oscailte, Gulliver’s Travels.

 

Tá bonn Jonathan Swift ar fáil ón lá inniu ar €60. Tá teorainn eisiúna 2,000 bonn ag gabháil leis. Is féidir boinn a cheannach ar collectorcoins.ie.