Nuacht

Bonn comórtha profa airgid seolta ag an mBanc Ceannais in ómós don údar Maeve Binchy, nach maireann

13 Deireadh Fómhair 2026 Preas Ráiteas
Governor Gabriel Makhlouf with Maeve Binchy's family

Sheol Banc Ceannais na hÉireann bonn comórtha profa airgid €15 inniu lena gcomórtar oidhreacht liteartha an údair mór le rá, Maeve Binchy, nach maireann. Leis an mbonn seo, aithnítear dúthracht Maeve Binchy i leith na litríochta agus a tionchar leanúnach ar léitheoirí ar fud an domhain.

Beidh an bonn ar díol ón lá inniu (Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair 2026) ag a 12pm ar collectorcoins.ie . Níl ach 3,000 bonn ar fáil agus cosnóidh siad €129.95.

Is fearr aithne ar Maeve as a cuid úrscéalta, Circle of Friends, Tara Road, agus Light a Penny Candle san áireamh. Bhí cáil uirthi mar dhuine de mhórscéalaí na hÉireann mar gheall ar cé chomh croíúil, deisbhéalach agus géarchúiseach agus a bhí sí. Rinneadh cuid mhaith d’úrscéalta Maeve a chur in oiriúint don stáitse agus don teilifís.

Arna dhearadh ag Antonella Napolione, léirítear portráid de Maeve Binchy mar aon le leabhar oscailte faoi ghob pinn thobair, samhailchomhartha dá scríbhneoireacht. Taispeántar síniú Maeve, atá le fáil ar roinnt mhaith de na clúdaigh leabhair dá cuid, ar an mbonn freisin.  Ar an imeall, tá an inscríbhinn ‘MAEVE BINCHY 1940-2012’. Ar chlé, tá an luach 15 EURO. Tá an chruit, an bhliain 2026 agus Éire ar an taobh eile den bhonn.

Rinne an Gobharnóir, Gabriel Makhlouf, an bonn a bhronnadh ar theaghlach Binchy ag an seoladh inniu ag Caisleán & Ionad Oidhreachta Dheilginise. Ag an ócáid inniu, cuimhníodh freisin ar fhear céile Maeve, an t-údar Gordon Shell, a fuair bás suaimhneach i mí Aibreáin. Bhíodh an lánúin i mbun scríbhneoireachta i dteannta a chéile sa bhaile i nDeilginis.

Dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf an méid seo a leanas: “Bhí an-chion go deo ar Maeve Binchy mar dhuine de mhórscríbhneoirí na tíre seo. Bhí tionchar mór ag a sárscil scéalaíochta ar léitheoirí ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain chomh maith. Bhí gairmréim an-rathúil aici - 17 n-úrscéal, trí dhráma, go leor bailiúchán gearrscéalta, agus iriseoireacht leathan - inar éirigh léi a méar a leagan ar chuisle na sochaí in Éirinn. Is mór an onóir don Bhanc Ceannais sároidhreacht liteartha Maeve a cheiliúradh leis an mbonn comórtha seo. Tá súil againn go mbeidh an bonn seo ina ómós cuí do ghuth éachtach Éireannach a dtugann a cuid saothar sólás agus ceangal do léitheoirí i ngach aon áit.”

Rugadh Maeve i nDeilginis, Co. Bhaile Átha Cliath. Rinne sí staidéar ar an stair i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí sí ag múineadh i scoileanna éagsúla cailíní fad a bhí a scríbhneoireacht á saothrú aici.  I 1968, chuaigh sí i mbun oibre leis an Irish Times. Tar éis di seal a chaitheamh i Londain sna 1970idí, agus colúin á scríobh aici as gach cearn den domhan, d’fhill sí ar Éirinn lena fear céile go luath sna 1980idí agus foilsíodh an chéad úrscéal dá cuid, Light a Penny Candle, i 1982.

Dhíol sí breis is 43 milliún cóip dá leabhair i 37 dteanga, agus tá aistriúcháin nua tagtha amach ó fuair sí bás in 2012.

Óstáiltear an ECHOES Maeve Binchy Literary Festival i gCaisleán Dheilginise an chéad deireadh seachtaine de mhí Dheireadh Fómhair gach bliain. Beidh ECHOES ar siúl ón 2 Deireadh Fómhair go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2026. Sonraí faoin bhféile seo ar fáil ar echoes.ie

Grianghraif

Grianghraif den bhonn i gceangal leis seo. Robbie Reynolds Photography.

Tuilleadh Eolais

Martin Grant, martin.grant@centralbank.ie, 086 078 7868

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Is boinn inbhailithe iad boinn phrofa; ní chuirtear i gcúrsaíocht iad. Déantar iad a bhualadh ag baint úsáid as díslí agus crotáin snasta speisialta, rud a thugann bailchríoch scátháin dóibh.

Gach bliain, eisíonn an Banc Ceannais táirgí boinn thar ceann an Aire Airgeadais. Cuireann an Grúpa Comhairleach um Boinn Inbhailithe comhairle ar an mBanc maidir le téamaí bonn. Cuireann an Banc Ceannais fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal maidir le téamaí.