Nuacht

Bonn comórtha U2 seolta ag Banc Ceannais na hÉireann ag comóradh 50 bliain ó bunaíodh an banna

13 Deireadh Fómhair 2026 Preas Ráiteas
U2 band members with a black background

Tá bonn comórtha €2 nua seolta ag Banc Ceannais na hÉireann inniu (Dé hAoine an 25 Mean Fómhair) in ómós do U2, ceann de na bannaí is fearr ar domhan, ag comóradh 50 bliain a bhunaithe i 1976.

Ar an mbonn, taispeántar íomhá den cheathrar ball den bhanna, Adam Clayton, Bono, The Edge agus Larry Mullen Jr. Ba é Shaughn McGrath a dhear.

Ba é Vasileios Madouros (Leas-Ghobharnóir, Airgeadaíocht agus Cobhsaíocht Airgeadais) a sheol an bonn go hoifigiúil inniu ag ócáid a óstáladh i Músaem Beag Bhaile Átha Cliath. Bhí Larry Mullen i láthair thar ceann an bhanna.

Bunaíodh U2 i 1976 nuair a chuir Larry Mullen Jr. nóta lámhscríofa “Drummer Seeks Musicians to Form Band” ar chlár na bhfógraí i Mount Temple Comprehensive School.  Tháinig forbairt ar an teacht le chéile sin a tharla i gcistin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath chun bheith ar cheann de na bannaí is tábhachtaí riamh.

Le caoga bliain anuas, tá na glúnta faoi dhraíocht ag U2. Tá an banna tar éis dul ar camchuairt ar fud an domhain go mion minic, tá 15 albam stiúideo eisithe acu, os cionn 175m albam díolta acu, agus an iliomad duaiseanna buaite acu, lena n-áirítear 22 Ghradam Grammy agus an Gradam Ambasadóir Coinsiasa ó Amnesty International.

Arsa an Leas-Ghobharnóir Madouros: “Is mór an onóir do Bhanc Ceannais na hÉireann urraim a thabhairt do U2 le bonn comórtha €2. Le boinn chomórtha, insítear scéalta faoi na daoine agus na heachtraí a mhúnlaigh an tír seo agus a thug inspioráid don domhan. Léiríonn U2 scoth na cruthaitheachta agus na talainne Éireannaí agus cuireann siad i lár an aonaigh dhomhanda. Le 50 bliain anuas, tá a gceol ag tabhairt inspioráid do na milliúin daoine ar fud an domhain. Is ómós cuí é an bonn comórtha seo dá n-oidhreacht agus don mhórtionchar a bhí acu ar an gcultúr coiteann agus tuilleadh lena chois.”

“Four heads on a coin… Ready to be bought, sold, held, lost, traded, stolen, loved, missed, and gambled… win or lose… Grateful to be put on a train track and flattened… but not to crack. To be spent in a sweet shop on liquorice allsorts, gobstoppers, acid drops, and fizz bombs… Tayto and 99s... Four heads and a silver harp… not a bad metaphor for this Irish band. But the coin can be spent anywhere in Europe… we like that too. The coin is still spinning in the air… it hasn't landed yet.

And we hope that whatever way you call it, you win.” – Bono, The Edge, Adam Clayton agus Larry Mullen Jr.

Beidh an bonn ar díol ón lá inniu (Dé hAoine an 25 Meán Fómhair 2026) ag a 12pm ar collectorcoins.ie. Beidh sé ar fáil in dhá fhormáid do dhaoine a bhfuil spéis acu i mboinn agus do bhailitheoirí bonn araon.

  • Beidh 150,000 cárta boinn €2 ar fáil de cháilíocht niamhrach nár cuireadh i gcúrsaíocht agus cosnóidh gach ceann díobh €14.95.
  • Beidh 5,000 leabhrán boinn €2 ar fáil agus cosnóidh gach ceann díobh €39.95.

CRÍOCH

Tuilleadh Faisnéise

Martin Grant / +353 86 078 7868 / martin.grant@centralbank.ie

Caidreamh leis na Meáin: media@centralbank.ie

Nótaí d'eagarthóirí

Cáilíocht Lonrach Nár Cuireadh i gCúrsaíocht (BU)

Is ionann boinn BU agus na chéad bhoinn a bhuailtear le dísle nua, rud a fhágann cuma shnasta orthu i gcomparáid le boinn a chuirtear i gcúrsaíocht. Ní dhéantar na boinn seo a bhualadh lena gcur i gcúrsaíocht, is do bhailitheoirí boinn agus do dhaoine a bhfuil suim mhór acu i mboinn áille atá siad beartaithe.

Cáilíocht Phrofa

Is ionann cáilíocht phrofa agus an grád cáilíochta is airde bonn. Baintear úsáid as teicnící éagsúla chun cáilíocht agus cuma na mbonn seo a fheabhsú. Áirítear ar na teicnící sin, crotáin shnasta agus díslí bonn, rud a fhágann go bhfuil codarsnacht shuntasach idir an rilíf agus an cúlra. Tá bailchríoch scátháin gan cháim ar an gcúlra, agus tá an rilíf ardaithe scamallach (neamhlonrach).  Dá bhrí sin, déantar na boinn phrofa a bhualadh ceann ar cheann, a phacáistiú i dtiachóg agus a láimhseáil le lámhainní amháin. Déantar gach bonn profa a phacáistiú i dtiachóg chun é a chosaint agus chun nach ndéanfar damáiste dó.

Gach bliain, eisíonn an Banc Ceannais táirgí boinn thar ceann an Aire Airgeadais. Cuireann an Grúpa Comhairleach um Boinn Inbhailithe comhairle ar an mBanc maidir le téamaí bonn. Cuireann an Banc Ceannais fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal maidir le téamaí.