Nuacht

Bonn profa airgid €15 seolta ag Banc Ceannais na hÉireann chun Foireann Sacair Náisiúnta Ban na hÉireann a cheiliúradh

14 Iúil 2023 Preas Ráiteas

A few people walking on path at Central Bank of Ireland building                                                                                                                                                                       
Tá líon teoranta de bhonn comórtha €15 seolta ag Banc Ceannais na hÉireann chun éachtaí fhoireann Sacair Náisiúnta Ban na hÉireann a cheiliúradh.

Leis an mbonn profa airgid seo, aithnítear an tionchar tábhachtach atá ag Foireann Sacair Náisiúnta na mBan ar shacar na mban agus na gcailíní in Éirinn. Is tráthúil an bonn seo a sheoladh anois nuair atá an fhoireann ag ullmhú do chluiche tosaigh Chorn Domhanda na mBan in aghaidh na hAstráile a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn. 

Ghlac imreoirí idirnáisiúnta Jamie Finn agus Abbie Larkin sos óna gcuid ullmhúcháin don Chorn Domhanda chun an bonn a sheoladh leis an nGobharnóir Gabriel Makhlouf agus leis an Aire Spóirt agus Corpoideachais, Thomas Byrne TD, i bPáirc na Tulchann. Thacaigh imreoirí ó fhoireann óige Shíol Bhroin, Daisy White agus Ellie O’Mahony, leis an seoladh freisin.

Tá teorainn eisiúna 3,000 bonn i gceist agus cosnaíonn sé €65. Buaileadh an bonn chuig caighdeán profa in airgead .925 steirling. Beidh siad ar díol ar www.collectorcoins.ie  ó 10:00 ar an 14 Iúil 2023.

Ghlac Éire páirt ina céad chluiche idirnáisiúnta oifigiúil de shacar na mban sa Bhreatain Bheag ar an 13 Bealtaine 1973. Bhuaigh na hÉireannaigh 3-2, bua a chuir tús le haistear speisialta. Bhí go leor sealanna thuas ag an bhfoireann ó shin i leith, ach ba bhuaicphointe dóibh é cáiliú do Chorn Domhanda FIFA na mBan i ndiaidh a mbua ar an Albain i gcluiche cáilithe as baile. Leis sin, d’éirigh leo áit a bhaint amach i mórchomórtas den chéad uair riamh.

Dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “Is mór an onóir do Bhanc Ceannais na hÉireann é an bonn seo a sheoladh chun tábhacht fhoireann Sacair Náisiúnta Ban na hÉireann a cheiliúradh. Is mór an chreidiúint don tír iad agus is laochra iad don ghlúin óg imreoirí agus lucht leanúna. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Vera Pauw agus ar na himreoirí go léir agus iad i mbun a gcuid ullmhúcháin don Chorn Domhanda. Is ócáid iontach é do shacar agus do spórt na hÉireann agus táimse féin ag tnúth go mór le breathnú air agus tacaíocht a thabhairt don fhoireann.”

Arsa Louise Cassidy, Stiúrthóir ar Mhargaíocht & ar Chumarsáid sa FAI: “Is bliain speisialta é seo do shacar na mban agus na gcailíní in Éirinn agus is ómós cuí é seo d’Fhoireann Náisiúnta Ban na hÉireann. Beidh gean ar an mbonn comórtha seo go ceann tamall fada agus is meabhrú é ar an éacht a bhain an fhoireann seo amach nuair a cháiligh siad do Chorn Domhanda FIFA na mBan. 

Arsa an tAire Spóirt agus Corpoideachais, Thomas Byrne TD: “Is tréimhse chorraitheach, iontach é seo do shacar na mban in Éirinn. Leis an éacht iontach seo atá déanta ag foireann na hÉireann nuair a cháiligh siad don Chorn Domhanda den chéad uair riamh, tugtar spreagadh don tír iomlán. Tá cailíní ar fud na hÉireann ag breathnú ar thaispeántas iontach na foirne náisiúnta, rud a thugann spreagadh dóibh aithris a dhéanamh air. Táimid go léir ag tnúth go mór le tacaíocht a thabhairt do Vera Pauw agus don fhoireann agus le héachtaí breise amach anseo.”

 

Nótaí d’Eagarthóirí

Is boinn inbhailithe iad boinn phrofa; ní chuirtear i gcúrsaíocht iad. Déantar iad a bhualadh ag baint úsáid as díslí agus crotáin snasta speisialta, rud a thugann bailchríoch scátháin dóibh. Déantar na boinn seo a bhualadh faoi dhó ar a laghad le linn an phróisis buailte. Déantar iad a láimhseáil go leithleach agus a stóráil go cosantach chun teimheal a sheachaint. Tá sé seo i gcodarsnacht leis na boinn a chuirtear i gcúrsaíocht, toisc nach ndéantar iad a bhualadh ach an t-aon uair amháin le linn an phróisis buailte agus go láimhseáiltear ar an mórchóir iad. Bíonn cuma mhionsaothraithe, snasta ar bhoinn phrofa agus is dá bhrí sin go mbíonn éileamh ag bailitheoirí orthu.

Gach bliain, eisíonn an Banc Ceannais táirgí boinn thar ceann an Aire Airgeadais. Lorgaítear moltaí ón bpobal i ndáil le téamaí agus molann an Coiste Comhairleach Moneolaíochta clár bonn don Bhanc.