Nuacht

Bonn profa airgid nua €15 a sheoladh chun comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Sir Charles Algernon Parsons

01 Meán Fómhair 2017 Irish Category

 Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Sir Brendan Parsons (7th Earl of Rosse, Lord Rosse) and Lady Rosse

  • Sheol an Banc Ceannais bonn airgid speisialta d’fhonn comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Sir Charles Algernon Parsons a cheap an tuirbín gaile.
  • Ní chruthófar ach 6,000 bonn airgid agus beidh siad le ceannach ar €60 an ceann.
  • Is féidir gach boinn airgid le haghaidh bailitheoirí agus gach tacar bonn a cheannach ar líne ar www.collectorcoins.ie

Sheol an Banc Ceannais líon teoranta bonn airgid speisialta €15 d’fhonn comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Sir Charles Algernon Parsons (1854-1931) a cheap an tuirbín gaile. Is féidir an bonn comórtha a cheannach anois ar an suíomh idirlín nua-sheolta www.collectorcoins.ie.

Ní chruthófar ach 6,000 bonn airgid comórtha Charles Algernon Parsons agus beidh siad le ceannach ar €60. Is é seo an tríú bonn airgid i Sraith Eolaíochta agus Aireagán an Bhainc Ceannais, agus is féidir iad go léir a cheannach ar líne, mar aon le boinn airgid chomórtha eile agus tacar bonn do bhailitheoirí.

Dul chun cinn ollmhór san innealtóireacht leictreach agus i nginiúint cumhachta leictrí ba ea an t-inneall tuirbín gaile a cheap Parson. D’athraigh tuirbíní gaile Parson iompar ar muir agus cogaíocht ar muir ó bhonn, agus é ag cur le luas agus éifeachtúlacht na n-árthaí mara.

Tá portráid an innealtóra mar aon le leagan luath an innill tuirbín gaile laistigh de scríbhinn agus samhail na lann tuirbín ar an mbonn profa airgid. Ba í Antonella Napolione a dhear an bonn chun comóradh a dhéanamh ar éachtaí Sir Charles Algernon Parsons agus bhuail BH Mayer Mint as airgead steirling .925 é.

D’fhás Sir Charles Parsons aníos i gCaisleán Bhiorra i gCo. Uíbh Fhailí, áit a meallann Ionad Eolaíochta agus Garraíodóireachta Chaisleán Bhiorra daoine ó ar fud an domhain a bhfuil spéis acu san eolaíocht. Thóg a athair siúd, an Tríú hIarla, an Teileascóp Mór a bhfuil cliú agus cáil air, agus ba ghrianghrafadóir ceannródaíoch í a mháthair. 


Nótaí

  • Tá eolas breise ar Sir Charles Parsons agus ar a shaothar, le fáil in Ionad Eolaíochta Bhiorra ag Gairdíní Chaisleán Bhiorra Birr Castle, mar a bhfuil Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag tógáil teileascóp raidió ceannródaíoch faoi láthair. Tá cónaí ar theaghlach Parsons, an Tiarna agus an Bhantiarna Rosse, ar dhiméin Chaisleán Bhiorra i gcónaí.

Bonn profa

Is boinn inbhailithe iad boinn phrofa agus ní bheidh siad i gcúrsaíocht ghinearálta. Buailtear iad agus úsáid á baint as díslí agus boinn bhána sainsnasta ionas go mbeadh bailchríoch ar aon dul le scáthán orthu. Buailtear na boinn airgid faoi dhó ar a laghad i rith an phróisis bhuailte. Láimhseáiltear gach ceann díobh de láimh agus stóráiltear faoi chosaint iad ionas nach mbeadh aon smál orthu. Ní hionann é sin agus boinn airgid le haghaidh gnáthchúrsaíochta a bhuailtear uair amháin i rith an phróisis bhuailte agus a láimhseáiltear i mbulc. Baineann caighdeán inbhailithe le boinn airgid phrofa a mbíonn cuma ghlioscarnach, mhaisithe agus dhea-bhuailte orthu.

Eolas faoi collectorcoins.ie

  • Is féidir le custaiméir reatha agus ionchais brabhsáil leo ar www.collectorcoins.ie mar a bhfuil eolas ar gach bonn le fáil.
  • Beidh custaiméirí rialta in ann orduithe agus stair ordúcháin a sheiceáil agus is féidir le custaiméirí leas a bhaint as mianliostaí agus as ciseáin shábháilte agus iad ag siopadóireacht.