Nuacht

Bonn Profa Óir á sheoladh ag Banc Ceannais na hÉireann agus comóradh á dhéanamh ar chéad bliain ó bunaíodh an Stát

23 Samhain 2022 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Déanann an bonn Profa Óir comóradh ar 100 bliain ó bunaíodh an Stát.
  • Sheol an tAire Airgeadais Paschal Donohoe agus Gobharnóir an Bhainc Ceannais Gabriel Makhlouf an bonn i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
  • Níl ach 750 bonn ann agus miondíolfar iad ar €1,225.

Sheol Banc Ceannais na hÉireann bonn profa óir inniu (23 Samhain 2022) agus comóradh á dhéanamh ar 100 bliain ó bunaíodh Stát na hÉireann. Sheol an tAire Airgeadais Paschal Donohoe agus Gobharnóir an Bhainc Ceannais Gabriel Makhlouf an bonn ag ócáid i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Beidh an bonn ar fáil lena cheannach ar www.collectorcoins.ie ón 30 Samhain 2022, ar miondíol ar €1,225.

Buaileadh an bonn chuig caighdeán profa in ór 999.9 agus is í Mary Gregoriy a dhear é.

Agus é i mbun cainte ag an seoladh, dúirt an Gobharnóir Makhlouf: "Tá ríméad orm go bhfuil an tAire Donohoe linn chun an bonn comórtha óir a sheoladh ar maidin. I gcomhthéacs 100 bliain an Stáit, níor tháinig mise go hÉirinn go dtí le déanaí agus is breá liom níos mó a fhoghlaim faoina stair agus faoi na himeachtaí a chabhraigh leis an tír ina mairimid sa lá atá inniu ann a mhúnlú. Cor cinniúnach i stair na hÉireann ab ea bunú Stát na hÉireann agus tá áthas orainn comóradh céad bliain a dhéanamh le seoladh an bhoinn seo."

Ghabh an tAire Donohoe buíochas leis an slua a bhí in éineacht leis ag an ócáid, agus dúirt sé: "Is iontach a bheith páirteach in ócáid thábhachtach i stair an Stáit. Is mór an onóir dom ní hamháin an bonn óir iontach seo a sheoladh chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain den Stát in éineacht leis an nGobharnóir Makhlouf, ach tá sé de phribhléid agam é sin a dhéanamh san ionad stairiúil seo, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann."

Cruthaíodh Foireann na Bliana 2022 de chuid an Bhainc Ceannais freisin chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó bunaíodh Stát na hÉireann. Tá ainmníochtaí uile bhoinn na hÉireann ó 1c go €2 san fhoireann seo i sparán séalaithe. Tá sí ar fáil lena ceannach ó www.collectorcoins.ie, ar miondíol ar €33.