Nuacht

Bronnann an Gobharnóir Makhlouf bonn comórtha ar Fhoireann Sacair Ban na hÉireann 1973

01 Samhain 2023 Preas Ráiteas

Chuir an Gobharnóir Gabriel Makhlouf fáilte roimh imreoirí agus ionadaithe ó Fhoireann Sacair Ban Phoblacht na hÉireann 1973 chuig Banc Ceannais na hÉireann inniu le haghaidh ócáid chomórtha speisialta.

Ba iad seo na chéad mhná le geansaí na hÉireann a chaitheamh, agus d’imríodar a gcéad chluiche idirnáisiúnta ar an 13 Bealtaine 1973 sa Bhreatain Bheag. Scóráil Paula Gorham as Dún Dealgan trí chúl an oíche sin, rud a bhuaigh an cluiche do na Cailíní i nGlas.

Níos luaithe i mbliana, d’eisigh Banc Ceannais na hÉireann bonn comórtha €15, a raibh eisiúint theoranta ag baint leis, d’fhonn éachtaí na foirne reatha a cheiliúradh, tar éis dóibh cáiliú do Chorn Domhanda FIFA na mBan.

Ag an ócáid speisialta inniu, thug an Gobharnóir Makhlouf an bonn teoranta seo do na himreoirí agus na hionadaithe go léir ó fhoireann 1973 in ómós dá gcuid éachtaí.

Dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “I mbliana, chéiliúraigh Banc Ceannais na hÉireann tionchar iontach fhoireann sacair náisiúnta na mban. Tá sé an-tábhachtach, áfach, go dtuigfidh imreoirí 1973 go mbaineann an tionchar sin leo freisin, mar aon leis na foirne go léir a tháinig ina ndiaidh. Is ceannródaithe iad. Tharla go leor rudaí éagsúla in 1973. Chuaigh Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE). Cuireadh deireadh sa bhliain sin freisin leis an mbac a bhí ar mhná pósta bheith ag obair sa stát seirbhís, an Banc Ceannais san áireamh. Deirim an méid seo toisc nach féidir linn aitheantas a thabhairt d’éachtaí na n-imreoirí sin gan an saol inar mhair siad agus inar oibrigh siad a chur san áireamh freisin.”

Arsa Linda Gorman, a bhí ag imirt mar bhall d’fhoireann 1973, agus a bhí ina captaen ar an bhfoireann agus ina bainisteoir ar an bhfoireann idirnáisiúnta níos déanaí: “Tá 50 bliain ann anois ón gcéad chluiche idirnáisiúnta agus, le linn na bliana seo, d’fhreastalaíomar ar imeachtaí éagsúla chun an cluiche sin a chomóradh. Is mór an onóir dúinn glacadh leis an mbonn comórtha seo ón nGobharnóir Makhlouf, agus sinn ag druidim le deireadh na bliana comórtha seo.

Rinneadh an bonn a bhualadh chuig caighdeán profa in airgead steirling .925 agus tá praghas €65 air. Tá siad ar díol ar www.collectorcoins.ie