Nuacht

Bua ag Coláiste Charraig an Tobair sa Bhabhta Ceannais de Ghlúin an €uro

29 Márta 2023 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Duais is airde buaite ag Coláiste Charraig an Tobair, Co. Thiobraid Árann
  • Ba iad Coláiste Dheoise Naomh Mhuireadaigh, Co. Mhaigh Eo, agus Coláiste Choill Chluana Gabhann, Co. Chill Dara, a bhain an dara háit amach sa bhabhta ceannais.

Bhí iomaíocht ghéar ann idir eacnamaithe éirimiúla óga na hÉireann - daltaí ó Choláiste Charraig an Tobair, Co. Thiobraid Árann, ó Choláiste Dheoise Naomh Mhuireadaigh, Co. Mhaigh Eo, agus ó Choláiste Choill Chluana Gabhann, Co. Chill Dara - sa bhabhta náisiúnta de Ghlúin an €uro - Duais na nDaltaí a bhí á reáchtáil ag Banc Ceannais na hÉireann.

Bhuaigh daltaí ó Choláiste Charraig an Tobair, Co. Thiobraid Árann, an chéad duais sa bhabhta náisiúnta tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil ar dhianiomaíocht.

Is é seo an deichiú bliain den chomórtas scoile ina n-iarrtar ar dhaltaí san Idirbhliain agus sa 5ú bliain beartas airgeadaíochta a chinneadh. Bíonn an comórtas á reáchtáil ag Banc Ceannais na hÉireann i gcomhar leis an mBanc Ceannais Eorapch (BCE).

Déanfaidh na daltaí eacnamaíochta, Peter Heaney, Padraig Duggan agus Ronan O'Connor ó Choláiste Charraig an Tobair, agus a múinteoir, Pat Egan, ionadaíocht anois d’Éirinn sa Bhanc Ceannais Eorpach (BCE), áit a mbuailfidh siad le hUachtarán BCE, Christine Lagarde, agus leis na foirne buaiteacha eile as na tíortha Eorpacha eile.

Thug an Leas-Ghobharnóir, Sharon Donnery, ardmholadh do na heacnamaithe óga as páirt a ghlacadh sa bhabhta ceannais: “Cuirtear go leor deiseanna éagsúla ar fáil maidir le gairmeacha do dhaltaí a dhéanann staidéar ar an eacnamaíocht. Anseo sa Bhanc Ceannais, earcaítear eacnamaithe chuig raon leathan ról ar fud an Bhainc Ceannais agus bíonn na heacnamaithe sin ag obair ar shaincheisteanna éagsúla amhail boilsciú, cobhsaíocht airgeadais, an t-athrú aeráide agus airgeadas iompraíoch i measc nithe eile.”

Anuas air sin, dúirt an Leas-Ghobharnóir Donnery: “Tá an Banc Ceannais meáite ar eacnamaithe na todhchaí a spreagadh. Reáchtálaimid Glúin an €uro anseo in Éirinn agus, chomh maith leis sin, urraímid duais mar chuid de Dhuais Eacnamaí Óg na Bliana. Bímse féin agus mo chuid comhghleacaithe ag caint go rialta le daltaí agus le mic léinn a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar an eacnamaíocht ag an dara agus an tríú leibhéal.”

Dúirt an Leas-Ghobharnóir Donnery an méid seo a leanas faoin bhfoireann bhuaiteach: “Léirigh na daltaí ó Choláiste Charraig an Tobair mioneolas agus miontuiscint ar na cúraimí casta a bhíonn idir lámha ag an BCE. Ag an tráth seo nuair atá obair BCE agus ár gcuid oibre féin anseo sa Bhanc Ceannais chomh feiceálach sin i saol na hÉireann, is ábhar soláis é gur féidir linn brath ar an gcéad ghlúin eile.”

Nótaí

  • Is ionann Glúin an €uro - Duais na nDaltaí agus an príomhchomórtas eacnamaíochta in Éirinn do dhaltaí atá san idirbhliain agus sa 5ú bliain.
  • Bíonn an comórtas á reáchtáil ag Banc Ceannais na hÉireann i gcomhpháirt leis an mBanc Ceannais Eorpach agus bíonn sé ar siúl i mbainc cheannais eile sa limistéar euro ag an am céanna. Gach bliain, lorgaímid eacnamaithe éirimiúla óga na hÉireann chun ról Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ghlacadh chucu féin, a gcuid anailíse féin a dhéanamh ar an ngeilleagar agus ráta úis iomchuí, dar leo, a shocrú don limistéar euro.
  • Bíonn idir triúr agus cúigear daltaí ar gach foireann agus ainmnítear múinteoir amháin chun a bheith mar mheantóir dóibh. Déantar na rannpháirtithe a scrúdú thar thrí bhabhta éagsúla - tráth na gceist, anailís i scríbhinn agus cur i láthair. Na foirne sin a n-éiríonn leo i dtráth na gceist ar líne, téann siad ar aghaidh chuig an dara babhta. Iarrtar orthu ansin anailís a dhéanamh ar dhálaí eacnamaíocha agus ráta úis iomchuí, dar leo, a chinneadh don limistéar euro. Ansin cuireann siad a gcuid torthaí i láthair do phainéal eacnamaithe sinsearacha sa Bhanc Ceannais.