Nuacht

Buaileann an Banc Ceannais le hionadaithe ó ghnóthaí as Maigh Eo

12 Deireadh Fómhair 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Bhuail Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Gabriel Makhlouf, agus Derville Rowland, an tArd-Stiúrthóir ar Iompar Airgeadais, le húinéirí gnóthaí i Maigh Eo inniu le linn dhá imeacht seimineár gréasáin mar chuid de chlár for-rochtana an Bhainc Ceannais.

D'fhreastail ionadaithe ó ghnóthaí áitiúla ó Chomhlachas Tráchtála Chaisleán an Bharraigh agus Chathair na Mart ar na seimineáir gréasáin. Thugadar deis luachmhar don Ghobharnóir Makhlouf agus do Derville Rowland Uasal, ar as Caisleán an Bharraigh í ó dhúchas, dul i mbun rannpháirtíochta le húinéirí gnóthaí áitiúla agus eolas níos fearr a fháil ar na saincheisteanna atá os a gcomhair, agus ceisteanna a fhreagairt agus tuiscint ar obair an Bhainc Ceannais a neartú.

Dúirt an Gobharnóir Makhlouf i ndiaidh na gcruinnithe, "Ba mhór agam an deis a bheith agam inniu éisteacht leis an méid a bhí le rá ag an lucht gnó i gCaisleán an Bharraigh agus i gCathair na Mart. Leagadar béim ar shaincheisteanna a mbaineann tábhacht leo do ghnóthaí i Maigh Eo, amhail tacaíochtaí do ghnólachtaí le linn na paindéime, deontais agus iasachtaí ina measc, fáil a bheith ar sheirbhísí baincéireachta, chomh maith le bealaí chun geilleagar Mhaigh Eo agus an Iarthair a fhorbairt. Léiríonn sé sin an tábhacht a bhaineann le himeachtaí for-rochtana an Bhainc Ceannais, imeachtaí a thugann deis dúinn bualadh le daoine ar fud na tíre agus cloisteáil faoi na saincheisteanna atá tábhachtach dóibhsean agus dá bpobail."

Dúirt sé freisin, "Tá an Banc Ceannais tiomanta don rannpháirtíocht ghníomhach le pobail áitiúla agus níos mó a fháil amach faoin tionchar a bhíonn ag obair an Bhainc Ceannais ar a saol agus ar a ngnólthaí. Tá na cruinnithe seo thar a bheith luachmhar don Bhanc Ceannais mar go mbíonn na dearcthaí ar leith a fhaighimid ó phobail réigiúnacha ina mbonn eolais dár gcuid oibre agus cuireann ar ár gcumas léargas a fháil ar an bhfíorgheilleagar ar fud na tíre. Mo mhíle buíochas le gach duine a chur am i leataobh chun bualadh linn inniu agus a dtaithí a roinnt linn."

Le linn na bliana 2020, bhí clár for-rochtana an Bhainc Ceannais comhdhéanta de shraith seimineár gréasáin le hionadaithe ó Chomhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Gaillimhe chomh maith le turais go dtí Trá Lí agus go dtí Cill Orglan ag tús na bliana.