Nuacht

Buaileann an Gobharnóir Makhlouf le gnólachtaí agus mic léinn Chorcaí

02 Márta 2023 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Chas Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann Gabriel Makhlouf le gnólachtaí, oideachasóirí agus mic léinn áitiúla i gCorcaigh le linn a chuairte lae inné.

Bhuail an Gobharnóir Makhlouf le Comhlachas Tráchtála Chorcaí, áit ar chuir sé ceist faoi thaithí ionadaithe gnó sa gheilleagar reatha, faoi na dúshláin atá rompu, agus phléigh sé athbhreithniú leanúnach an Bhainc ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí.

Ag cruinniú agus seisiún ceisteanna agus freagraí leis an Uachtarán, le Déan na Scoile Gnó agus le mic léinn UCC, mhínigh an Gobharnóir obair an Bhainc Ceannais, agus d'fhiafraigh sé de na mic léinn faoina dtuairimí ar an tírdhreach eacnamaíoch reatha.

Phléigh an Gobharnóir an margadh saothair ag cruinniú le Network Ireland Cork, atá mar chuid d'eagraíocht náisiúnta a spreagann forbairt phearsanta agus ghairmiúil na mban.  D'iarr sé tuairimí freisin maidir le hearnáil na mbanc agus an leibhéal tacaíochta do ghnólachtaí.

Agus é ag labhairt i ndiaidh na gcruinnithe, dúirt an Gobharnóir Makhlouf: "Tá sé thar a bheith tábhachtach dom go mbeadh an deis agam cuairt a thabhairt ar gach cearn d'Éirinn agus cloisteáil ó mhuintir na hÉireann.

Bhain mé sult as bualadh le húinéirí agus le hionadaithe an oiread sin gnólachtaí i gCorcaigh inniu. Tá sé tábhachtach go n-éisteann an Banc Ceannais le daoine ar fud na hÉireann agus go dtéitear i dteagmháil leo agus go bhfuil ár gcuid oibre bunaithe ar eispéiris agus dearcthaí ón bhfíorshaol. Ba mhaith linn éisteacht le gnólachtaí áitiúla agus le gnáthdhaoine faoin méid atá ag titim amach sa gheilleagar reatha, faoin tionchar atá ag boilsciú ar a saol, agus labhairt faoin gcúis ar ardaíodh rátaí úis.

Is é an jab atá againn cobhsaíocht airgeadais a choimeád ar bun, agus chun é sin a dhéanamh, ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar thionchar ár bpolasaithe ar shaol na ndaoine. Tuigimid go rímhaith an tionchar sin agus is mór againn plé an lae inniu le gnólachtaí agus le hearnálacha éagsúla.

Bhain mé an-taitneamh as an deis inniu bualadh le mic léinn ó UCC agus a gcuid ceisteanna a fhreagairt faoi obair an Bhainc agus an gheilleagair i gcoitinne. Tá súil agam go mbeidh cuid acu ag obair leis an mBanc amach anseo."

Tá an chuairt sin ar cheann de shraith imeachtaí áitiúla a mbeidh an Gobharnóir ag freastal orthu ar fud na hÉireann i mbliana.