Nuacht

Cartlann Bhanc Ceannais na hÉireann ar oscailt do thaighde poiblí

31 Lúnasa 2017 Irish Category

Making Money Archive

  • Cartlann ar fáil den chéad uair le haghaidh taighde phoiblí.
  • Ar ábhar ón gcartlann tá oibiachtaí, cáipéisí agus mórleabhair ón tréimhse 1786 go 1986.
  • Cuirfear ábhar ar fáil ar bhonn 30 bliain as seo amach.

Osclaíodh cartlann Bhanc Ceannais na hÉireann le haghaidh taighde phoiblí den chéad uair. I measc ábhar na cartlainne tá raidhse ábhar a chruthaigh agus a fuair an Banc Ceannais, lena n-áirítear oibiachtaí, cáipéisí agus mórleabhair ón tréimhse 1786 go 1986. As seo amach beidh taifid a chruthaigh, a choinnigh agus a fuair an Banc Ceannais agus a bhfuil 30 bliain d’aois slánaithe acu, ar fáil. Beidh an t-ábhar go léir ar fáil do thaighdeoirí i seomra poiblí taighde faoi leith sa champas nua ar Ché an Phoirt Thuaidh ach fógra 48 uair an chloig a thabhairt.

Insíonn cartlann Bhanc Ceannais na hÉireann scéal an dul chun cinn agus na forbartha geilleagraí in Éirinn, bunú agus dearadh airgeadra na hÉireann agus obair an Bhainc Ceannais ó lá go lá agus baineann na chéad taifid leis an mbliain 1786.

I measc ábhar na cartlainne tá:

  • Breis is 12,000 comhad páipéir;
  • Breis is 2,000 foilseachán de chuid an Bhainc Ceannais;
  • Breis is 4,000 prionta fótagrafach;
  • Breis is 560 plean agus líníocht ailtireachta;
  • Breis is 250 mórleabhar ceangailte;
  • Ábhar a bhaineann le Choimisiún an Airgid Reatha, Cuideachta na bhFoirgneamh Tráchtala, agus maoine difriúla a bhí i seilbh an Bhainc Ceannais.

Cuir an Banc Ceannais catalóg ar líne le chéile d’ábhar na cartlainne ionas go mbeadh an pobal in ann an t-ábhar is spéis leo a chuardach agus a aimsiú. Is féidir coinne a dhéanamh ar líne chomh maith chun féachaint ar an ábhar sa seomra léitheoireachta.

Dearadh ceanncheathrú nua an Bhainc Ceannais ar Ché an Phoirt Thuaidh go sonrach go mbeadh seomra léitheoireachta cartlainne agus áiseanna tacaíochta ann a thabharfadh deis do thaighdeoirí ábhar cartlainne is spéis leo a cheadú. Tá Ionad nua Cuairteoirí san fhoirgneamh nua chomh maith, a bheidh ar oscailt don phobal ó 10am go 4pm laethanta dála agus tá dhá thaispeántas ann faoi láthair. Rianann an chéad cheann díobh forbairt airgeadra na hÉireann agus an dara ceann bunú an Euro.

Tá an Banc Ceannais chun ábhar cartlainne a chur ar fáil de réir mar a bheidh 30 bliain a chruthaithe caite, faoi mar a dhéantar ar fud na hearnála poiblí.

Agus é ag labhairt ag seoladh na cartlainne, ba é a dúirt an Gobharnóir Philip Lane:

“Tá oscailt na cartlainne seo ag teacht lenár ngealltanas i ndáil le trédhearcacht a fheabhsú agus tuiscint an phobail ar ról agus ar fheidhmeanna an Bhainc Ceannais a mhéadú. Ach a mbeidh teacht níos forleithne ar an gcartlann beidh fáil ag lucht déanta beartais agus ag scoláirí ar shonraí fadtréimhseacha geilleagair agus baincéireachta. Cé go mbíodh fáil ag an bpobal i gcónaí ar fhoilseacháin phoiblí, beidh teacht anois ag taighdeoirí scolártha ar an gcúis a bhí le go leor de na cinntí beartais a rinneamar in go leor cásanna. Creidim go gcuirfidh sé seo go mór le taighde geilleagrach, airgeadais agus sóisialta.”