Nuacht

“Cé go bhfuil na hionchais d’fhás láidir, inmharthana dearfach i gcónaí, eascraíonn rioscaí as tosca seachtracha, go háirithe na héiginnteachtaí a bhaineann le Brexit.”

26 Eanáir 2017 Irish Category
  • Leanann geilleagar na hÉireann de bheith ag fás ar luas measartha maith, le fás láidir ar fhostaíocht.
  • Athbhreithniú beag anuas déanta ar réamhaisnéisí don fhás i gcomparáid leis an bhFáisnéis Ráithiúil roimhe seo, rud a léiríonn ionchas níos laige do ghlan-onnmhairí.
  • Is é Brexit an príomhriosca ar an taobh thíos don gheilleagar.
  • Beidh an méadú ar fhostaíocht agus ar ioncam mar phríomhspreagadh an fháis, ach eascraíonn rioscaí don ionchas as tosca seachtracha.

Tá an chéad Fhaisnéis Ráithiúil do 2017 foilsithe ag an mBanc Ceannais. San Fhaisnéis Ráithiúil seo, scrúdaítear treochtaí le déanaí sa gheilleagar intíre agus sna geilleagair idirnáisiúnta, agus cuirtear réamhaisnéisí an Bhainc Ceannais do gheilleagar na hÉireann i láthair, mar aon lena thuairimí ar shaincheisteanna beartais intíre mhaicreacnamaíoch.

Tuairiscítear an méid seo a leanas san Fhaisnéis Ráithiúil:

  • Meastar go dtiocfaidh méadú 3.3 faoin gcéad ar OTI na hÉireann i mbliana, is é sin 0.3 faoin gcéad anuas ón bhFaisnéis Ráithiúil roimhe seo, rud a léiríonn ionchas níos laige do ghlan-onnmhairí.
  • Bhí an fás ar OTI i gcomhréir tríd is tríd leis an mbunéileamh intíre agus le fostaíocht. Bhí treocht fritháirimh in infheistíocht agus i dtrádáil á ceilt aige seo.
  • Meastar go mbeidh caiteachas tomhaltais phearsanta mar cheann de phríomhspreagthaí an fháis. D’ainneoin na rioscaí, is é an t-ionchas do 2018 go saróidh leibhéil tomhaltais per capita na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim.

Mar a deir an Príomh-Eacnamaí, Gabriel Fagan: Leis na tomhais is iontaofa ar chaiteachas intíre agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch, tugtar le fios go leanann geilleagar na hÉireann de bheith ag fás ar luas measartha maith, cé go bhfuil comharthaí ann go bhfuil moilliú áirithe tagtha ar fhuinneamh an fháis sin. Ag féachaint romhainn, cé go bhfuil na hionchais d’fhás láidir, inmharthana dearfach i gcónaí, eascraíonn rioscaí don ionchas as tosca seachtracha, go háirithe na héiginnteachtaí a bhaineann le Brexit. Go dtí seo, agus d’uireasa aon lagú ar gheilleagar na Ríochta Aontaithe, bhí iarmhairt thoradh reifreann Brexit ar gheilleagar na hÉireann le brath go príomha tríd an luaineacht i ráta malairte euro/steirling. Léiríodh an éiginnteacht sa tréimhse i ndiaidh an reifrinn le lagú suntasach ar tháscairí seintiminte gnó, ar tháinig aisphreabadh láidir orthu ina dhiaidh sin, rud a thugann le tuiscint go raibh iarmhairt mhaothaithe fhoriomlán ag tosca a bhain le Brexit sa dara leath de 2016.



Pléann Gabriel Fagan an t-ionchas don gheilleagar ar Chainéal YouTube an Bhainc.

Ina theannta sin, pléann Jenny Osborne-Kinch an t-alt sínithe dá cuid “The Aircraft Leasing Industry in Ireland: Cross Border Flows and Statistical Treatment“