Nuacht

Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí - an dtuigeann tú go bhfuil iasacht á fáil agat?

14 Samhain 2023 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Tá táirgí Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí á n-úsáid mar mhodh íoca, lena n-áirítear um Nollaig
  • Léiríonn taighde ón mBanc Ceannais nach dtuigeann go leor tomhaltóirí gur cineál creidmheasa é Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí
  • Molann an Banc Ceannais do thomhaltóirí gan íocaíochtaí a chailliúint agus cuireann sé na hiarmhairtí a bhaineann leis an rófhiachas in iúl

Molann Banc Ceannais na hÉireann do thomhaltóirí a bheith ar an eolas maidir lena bhfuil i gceist le Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí, ar modh íocaíochta é a mbíonn tóir air um Nollaig.

Is ionann táirge a cheannach le Ceannaigh Anois, Íoc ar Ball agus earraí agus seirbhísí a cheannach i dtráthchodanna. Bíonn an chéad tráthchuid le híoc nuair a cheannaíonn tú an táirge, is cuma an íocann tú ag an gcuntar nó ar líne, ansin déantar an t-iarmhéid a thabhairt duit mar iasacht agus bíonn sé dlite mar chineál creidmheasa ghearrthéarma ó iasachtóir Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí.

De ghnáth, ní íoctar aon ús ar an gcuid den íocaíocht atá mar iasacht. Ach bíonn táillí riaracháin i gceist le go leor comhaontuithe Ceannaigh Anois, Íoc ar Ball, lena n-áirítear i leith íocaíochtaí déanacha nó íocaíochtaí caillte.

D’eisigh an Banc Ceannais taighde  inniu a léiríonn nach bhfuil tomhaltóirí ar an eolas maidir leis na rioscaí a bhaineann le Ceannaigh Anois, Íoc Níos Deanaí a úsáid chun íoc as earraí agus seirbhísí. Níl tuiscint iomlán ag 22% de thomhaltóirí ar an gcaoi ina n-oibríonn Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí, agus ceapann 36% díobh gur modh íocaíochta é seachas cineál creidmheasa. Léiríonn na tátail ón taighde go mbíonn tomhaltóirí ag díriú ar an méid míosúil seachas ar an méid iomlán a fhaightear ar iasacht nuair a bhíonn rud éigin a cheannach acu.

Cé gur cineál creidmheasa áisiúil agus dlisteanach é íocaíocht a dhéanamh ina tráthchodanna, bíonn oibleagáidí agus táillí breise i gceist le hiasachtaí má chailleann tú íocaíocht. Arís, léiríonn an taighde go gceapann 38% de dhaoine a úsáideann Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí gur dóichí ná a mhalairt go gceannóidh siad rudaí nach bhfuil de dhíth orthu mar gheall ar Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí agus ceapann 43% díobh go gcaitheann siad níos mó airgid go minic ná mar a bhí i gceist acu nuair a úsáideann siad Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí.

Arsa Gerry Cross, an Stiúrthóir ar Bheartas agus Riosca sa Bhanc Ceannais, “Teastaíonn uainn tacú le tomhaltóirí le linn thréimhse na Nollag trí iarraidh orthu smaoineamh ar na rioscaí a bhaineann le creidmheas gearrthéarma amhail Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí. Sula gcliceálann tú ar an gcnaipe sin ar líne, nó sula síníonn tú an fhoirm sa siopa, bí cinnte gurb é creidmheas gearrthéarma an rogha is fearr duit.

“Sula gceannaíonn tú aon rud, déan cinnte go bhfuil buiséadú déanta agat do na híocaíochtaí go léir seachas díreach an chéad íocaíocht mar d’fhéadfadh costas airgeadais a bheith i gceist má chailleann tú íocaíochtaí agus d’fhéadfadh sé sin tionchar a imirt ar do phróifíl creidmheasa amach anseo. Agus más léir duit go bhfuil tú ag brath ar chreidmheas gearrthéarma chun íoc as rudaí a bhí ar d’acmhainn roimhe seo, d’fhéadfadh gur comhartha é sin go bhfuil deacrachtaí airgeadais ag teacht chun cinn duit.”

Deir sé freisin “Má tá deacracht airgeadais agat nó má fheictear duit go bhfuil creidmheas gearrthéarma á úsáid agat anois chun íoc as rudaí a bhí ar d’acmhainn roimhe seo, is féidir leat tacaíocht neamhspleách a fháil saor in aisce ó MABS. Cuireann MABS seirbhís ar fáil chun cuidiú leat do chuid airgid a bhainistiú agus guaim a fháil ar fhiachas.”

Maidir leis an gcaoi ina mbíonn an Banc Ceannais ag obair thar ceann tomhaltóirí a úsáideann táirgí Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí, deir Gerry Cross “Tá an Banc Ceannais ag plé go díreach leis na gnólachtaí Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí is mó in Éirinn chun a chinntiú go bhfuil téarmaí agus coinníollacha a gcuid táirgí soiléir agus trédhearcach do thomhaltóirí. Ní mór an fhaisnéis ábhartha go léir a chur in iúl do thomhaltóirí sa chaoi go mbeidh siad in ann cinneadh láneolach a ghlacadh i dtaobh cibé acu an bhfuil an táirge seo oiriúnach dóibh agus leanann an Banc Ceannais d’fhaireachán a dhéanamh ar na réimsí seo.”

CRÍOCH