Nuacht

Comhairliúchán i ndáil le moltaí maidir le bearta trédhearcachta a fheabhsú i leith préimheanna árachais mhótair

09 Samhain 2017 Irish Category

Cars in Traffic

  • Lorgaítear aiseolas i ndáil le moltaí maidir le trédhearcacht a fheabhsú do thomhaltóirí i leith préimheanna
  • Moltaí um eolas níos mionsonraithe i meastacháin árachais agus moltaí um an tréimhse fógra athnuachana a mhéadú ó 15 go 20 lá oibre
  • Moltaí a d'eascair as togra ilpháirtithe leasmhara chun dul i ngleic le costas ardaitheach árachais mhótair

D’fhoilsigh an Banc Ceannais Páipéar Comhairliúcháin 114– ‘Leasuithe ar na Rialacháin um Árachas Neamhshaoil (Soláthar Faisnéise) (Athnuachan Polasaí Árachais) 2017 (I.R. Uimh. 74 de 2007)’. Is é is aidhm leis an gcomhairliúchán seo tuairimí páirtithe leasmhara a fháil i leith dhá mholadh ón bPlean Gnímh, ar cuid é de Thuairisc na Meithle um Chostas Árachais i ndáil le Costas an Árachais Mhótair.

Ar na moltaí sin tá go gcuirfeadh árachóirí eolas breise ar fáil faoi mhionsonraí na préimhe do thomhaltóirí agus an tréimhse fógra athnuachana reatha a fhadú, a fhad agus a bhaineann sí le hárachas mótair, ó 15 lá oibre go 20 lá oibre.

Tá an Banc Ceannais ag lorg tuairimí féachaint ar chóir feidhm a bheith ag an tréimhse fógra fhadaithe sin i gcás cineálacha eile árachais atá faoi choimirce na reachtaíochta. Ina measc sin tá árachas timpiste, sláinte, dóiteáin, damáiste eile do mhaoin, agus dliteanais ghinearálta.

Ba chóir aighneachtaí i ndáil leis an bpáipéar comhairliúcháin, mar aon le tuairimí nó ceisteanna, a sheoladh chuig [email protected].  Is é an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí an 9 Feabhra 2018. Foilseofar gach aighneacht ar www.centralbank.ie.

Nótaí

  • Is féidir na moltaí sin a choimriú mar seo a leanas:

- Breis eolais le cur ar fáil ag árachóirí sna mionsonraí préimhe do thomhaltóirí (Moladh 2); agus

- An tréimhse fógra athnuachana reatha le fadú ag árachóirí ó 15 lá oibre go 20 lá oibre ionas gurbh éasca ag tiománaithe praghsanna a chur i gcomparáid lena chéile agus árachas mótair á cheannach (Moladh 3).

  • Tagann na haicmí seo a leanas árachais neamhshaoil faoi choimirce IR Uimh. 74:

- árachas timpiste agus sláinte;

- árachas i gcoinne dóiteáin agus damáiste eile do mhaoin; agus

- dliteanas ginearálta.

  • I mí Iúil 2016, bhunaigh an Rialtas an Mheitheal um Chostas Árachais (CIWG). Is é cuspóir CIWG a dhéanamh amach cé na nithe a chuireann le costas an árachais mhótair agus iad a scrúdú agus bearta a mholadh chun dul i ngleic leo.
  • I mí Eanáir 2017, d’fhoilsigh an Roinn Airgeadais an Tuairisc a rinne CIWG i ndáil le Costas an Árachais Mhótair, ina raibh Plean Gnímh chun na moltaí a dhéanfaí a chur i bhfeidhm.
  • Bhí ionadaíocht ag an mBanc Ceannais ar CIWG, mar aon leis na Ranna Airgeadais, Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát agus an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta.
  • Rinne Tuairisc CIWG 33 moladh. I dteannta an dá mholadh a luaitear thuas, tá an Banc Ceannais ag obair i gcomhar leis an Roinn Airgeadais chun bunachar sonraí éileamh náisiúnta a bhunú (Moladh 11), d’fhonn dul i ngleic leis an easnamh sonraí atá ann agus d’fhonn trédhearcacht a chur ar fáil i ndáil le treochtaí éilimh. Tá an moladh sin lasmuigh de scóip an Pháipéir Chomhairliúcháin seo.
  • Is príomhthéamaí na Tuairisce agus na moltaí a ghabhann léi tomhaltóirí a chosaint agus trédhearcacht níos fearr a chur ar fáil do shealbhóirí polasaithe árachais mhótair.