Nuacht

Comhleachtaitheoirí Sealadacha ceaptha le Comhar Creidmheasa an Rátha

13 Deireadh Fómhair 2017 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Gníomh déanta ar mhaithe le cistí na mball
  • Tá taiscí incháilithe na mball faoi chosaint na Scéime Ráthaíochta Taiscí
  • Ní bhaineann sé seo le coigiltis i gcomhair chreidmheasa eile

Rinne Banc Ceannais na hÉireann (“An Banc Ceannais”) achainí a thíolacadh don Ard-Chúirt inniu go gceapfaí leachtaitheoirí sealadacha le Comhar Creidmheasa an Rátha Teoranta ("Comhar Creidmheasa an Rátha”). Ceapadh David O’ Connor agus Jim Hamilton ó BDO ina gcomhleachtaitheoirí sealadacha.

Ní chuireann ceapadh na gcomhleachtaitheoirí sealadacha le Comhar Creidmheasa an Rátha isteach beag ná mór ar choigiltis na mball de chomhar creidmheasa eile. Tuigeann an Banc Ceannais go bhfuil éileamh ar sheirbhísí comhair chreidmheasa sa cheantar agus táthar meáite ar a chinntiú go mbeadh seirbhísí comhair chreidmheasa ar fáil don phobal.

Scéim Ráthaíochta Taiscí

Baineadh feidhm as an Scéim Ráthaíochta Taiscí (“DGS”). Tá taiscí oiread agus €100,000 an duine an institiúid cosanta faoin DGS. Eiseofar íocaíochtaí go huathoibríoch chuig an seoladh atá ar taifead ag an gcomhar creidmheasa. Ní gá do bhaill teagmháil a dhéanamh leis an gcomhar creidmheasa ná leis an mBanc Ceannais, toisc go n-eiseofar íocaíochtaí cúitimh go huathoibríoch de bhun seic le gach taisceoir a dheimhnítear go cuí. Déanfar na híocaíochtaí sin a luaithe agus is féidir laistigh den sprioc-am reachtúil 20 lá oibre. Tá eolas breise agus cothrom le dáta ar an DGS le fáil ar www.depositguarantee.ie.

Earnáil na gComhar Creidmheasa

Tacaíonn an Banc Ceannais go hiomlán i gcónaí le hearnáil na gcomhar creidmheasa in Éirinn agus tá sé meáite ar earnáil láidir agus inbhuanaithe a fhorbairt a fhreastalóidh ar riachtanais athraitheacha na mball agus a chosnóidh a gcuid taiscí.

Na céimeanna a glacadh roimh an iarratas

Rinne an Banc Ceannais an achainí seo de bhrí gur dhóigh leis gur sháraigh Comhar Creidmheasa an Rátha roinnt treoracha rialála agus go bhfuil a staid airgeadais i gcruachás.

Mura dtabharfadh an Banc Ceannais faoin ngníomh seo, tá baol ann go go gclisfeadh go mí-ordúil ar Chomhar Creidmheasa an Rátha, dar leis.

Agus a bhreithiúnas á chur i láthair na cúirte, leag an Banc Ceannais amach gur dóigh leis gur ídíodh gach rogha fhéideartha a bhí ar fáil don chomhar creidmheasa chun a chúlchistí a mhéadú agus a choinneáil ag na leibhéil a éilítear de réir an dlí. Tá Clárlann na gComhar Creidmheasa i dteagmháil le Comhar Creidmheasa an Rátha le roinnt blianta anuas féachaint an gcuirfí laigí na staide airgeadais ina gceart. Is é tuairim an Bhainc Ceannais gurb é an toradh atá ar neamhábaltacht an chomhair chreidmheasa staid na gcúlchistí a réiteach, in ainneoin maoiniú seachtrach a fháil roimhe seo, gur ghá achainí a dhéanamh ar fhoirceannadh an chomhair chreidmheasa. Is é tuairim an Bhainc Ceannais gur tugadh gach deis don chomhar creidmheasa chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus, dar leis an mBanc Ceannais, níor tugadh aghaidh orthusan go leordhóthanach.

Ba é Gobharnóir an Bhainc Ceannais a rinne an cinneadh achainí a thíolacadh don Ard-Chúirt go ndéanfaí Comhar Creidmheasa an Rátha a fhoirceannadh. Leagtar amach na forais dlí lenar féidir leis an nGobharnóir an cinneadh seo a dhéanamh in Acht an Bhainc Ceannais agus na bhForas Creidmheasa (Réiteach), 2011 (“Acht 2011”) mar seo a leanas:

a) gurbh é leas an phobail é, i dtuairim an Bhainc, an foras creidmheasa sin a fhoirceannadh;

b) gur mhainnigh an foras creidmheasa sin ordachán ón mBanc a chomhlíonadh— i gcás comhair creidmheasa, faoi alt 87 den Acht um Chomhar Creidmheasa, 1997;

c) gur dóigh leis an mBanc gurb é leas daoine a bhfuil taiscí (lena n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) acu leis an bhforas creidmheasa sin go ndéanfaí é a fhoirceannadh.

Déanann an Banc Ceannais cinneadh a chumhacht dlíthiúil a úsáid chun achainí a thíolacadh don Ard-Chúirt chun comhar creidmheasa a fhoirceannadh tar éis féachaint go cuí go na cúinsí ábhartha go léir. Rinne Gobharnóir an Bhainc Ceannais, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar an Tuairisc Réitigh ina leagtar amach na cúinsí ábhartha go léir agus ar na cumhachtaí dlíthiúla a bhí ar fáil don Bhanc, cinneadh gur chóir don Bhanc Ceannais achainí a thíolacadh don Ard-Chúirt chun Comhar Creidmheasa an Rátha a leachtú.

An achainí

Rinneadh an achainí a thíolacadh don Ard-Chúirt ex parte, agus dá bhrí sin ní raibh uiríoll ag Comhar Creidmheasa an Rátha ann agus ní raibh deis aige a chás a chur faoi bhráid na Cúirte. Ag an gcéim seo sa phróiseas, ar chúiseanna dlí, tá srian ar an mBanc Ceannais i ndáil leis mionsonraí a chur ar fáil ach a ndéanfaidh an Ard-Chúirt cinneadh faoin bhfoirceannadh.

Na Chéad Chéimeanna Eile

Is é cuspóir an Bhainc Ceannais a bheith chomh trédhearcach agus is féidir ach eolas a chur ar fáil a chuirfeadh baill an chomhair chreidmheasa ar a suaimhneas maidir leis an ngníomh a rinneadh, ach ag an am céanna cloí leis an bpróiseas dlí. Ar mhaithe leis an trédhearcacht, foilseoidh an Banc Ceannais an Tuairisc Réitigh agus mionnscríbhinn Wesley Murphy ó Rannán Réitigh an Bhainc Ceannais a fhoilsiú ar centralbank.ie; ba chuid iad sin den achainí a tíolacadh chuig an Ard-Chúirt inniu ach a dtabharfar an éisteacht iomlán um fhoirceannadh Chomhar Creidmheasa an Rátha chun críche.

Eolas Breise

Tá eolas breise ar cheapadh na gcomhleachtaitheoirí sealadacha agus ar an leachtú féin le fáil ar centralbank.ie.

Eolas ar an Scéim Ráthaíochta Taiscí -Riarann Banc Ceannais na hÉireann an Scéim Ráthaíochta Taiscí agus tugann sí cosaint do thaiscí incháilithe oiread agus €100,000 an taisceoir an institiúid creidmheasa (bainc, cumainn foirgníochta agus comhair chreidmheasa) údaraithe in Éirinn