Nuacht

DEV Limited (CLÓN) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

21 Eanáir 2026 Warning Notice

Warning

RabhadhGnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe 
Ainm an Ghnólachta NeamhúdaraitheDEV Limited (Clón)
Suíomh gréasáinhttps://devltd.org/
Uimhir ghutháin+353 89 950 6326
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear[email protected]   
Údarú in ÉirinnNíl an gnólacht clóin, a dhéanann clónáil ar an ainm, DEV Limited, údaraithe chun seirbhísí creidmheasa a sholáthar in Éirinn.
Faisnéis bhreiseAgus úsáid á bhaint aige as an ainm, DEV Limited, tá clónáil déanta ag an ngnólacht clóin ar ainm agus ar sheoladh cuideachta atá cláraithe in Éirinn agus a bhfuil an t-ainm céanna air.  Tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach atá cláraithe in Éirinn é, ach tabhair faoi deara nach bhfuil ceangal ar bith idir an chuideachta dhlisteanach atá cláraithe in Éirinn agus an t-eintiteas calaoiseach.  

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800 nó gnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú go díreach don Bhanc Ceannais.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.