Nuacht

Dlús faoi fhás an gheilleagair, ach tá baol róthéimh ann

31 Iúil 2018 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Dlús maith faoi fhás an gheilleagair de bhun gníomhaíocht láidir sa tír agus timpeallacht oiriúnach idirnáisiúnta fáis
  • Agus an geilleagair ag gluaiseacht i dtreo lán-acmhainneachta, tá baol ann go gcruthódh leathnú láidir leanúnach brú róthéimh
  • Tá baol ábhartha a bhaineann le Breatimeacht ‘crua’ agus is bagairtí iad an cosantachas agus athruithe a d’fhéadfadh tarlú sa chóras cánachais idirnáisiúnta

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann an tríú Fáisnéis Ráithiúil do 2018 inniu. Scrúdaíonn an Fáisnéis treochtaí le déanaí sa gheilleagar intíre agus tugann sé teilgin an Bhainc Ceannais do gheilleagar na hÉireann agus a thuairimí i dtaobh saincheisteanna beartais mhaicreacnamaíoch intíre.

Tuairiscítear san Fheasachán:

  • Is é éileamh intíre is mó a chuirfidh dlús faoi fhás, agus meastar go dtiocfaidh fás 4.4% ar an éileamh intíre i mbliana agus 4.1% an bhliain seo chugainn
  • Meastar go dtiocfaidh maolú de réir a chéile sna blianta amach romhainn ar fhás leanúnach fostaíochta, atá idir láidir agus fairsing. Meastar go mbeidh ráta dífhostaíochta 5.4% ann in 2018 – atá níos ísle ná an meastachán a rinneadh i bhfáisnéis an Aibreáin – agus gur 4.8% a bheidh ann an bhliain seo chugainn
  • Meastar go mbeidh boilsciú measartha íseal ag 0.7% i mbliana agus 0.8% an bhliain seo chugainn. Déantar an cheist maidir le laige i mboilsciú praghsanna earraí a iniúchadh i mBosca E
  • Tá codanna tábhachtacha den infheistíocht intíre, cuir i gcás tógáil agus foirgníocht, ag téarnamh i gcónaí, cé gur ag ardú ó bhonn sách íseal atá siad
  • I bhfianaise figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), laghdaíodh meastacháin maidir le soláthar tithíochta ó fheasachán an Aibreáin. Meastar go dtabharfar 17,500 teach chun críche i mbliana agus 22,000 an bhliain seo chugainn. Mar sin féin, tá an teilgean maidir le ráta fáis an tsoláthair thithíochta trí chéile gan athrú
  • Ciallaíonn an laghdú ar an leibhéal measta GNI* i sonraí nua CSO gurb ionann cóimheas fiachas-le-GNI* comhlán Ginearálta an Rialtais agus 114% de GNI* i 2016, i gcomparáid le 106% roimhe sin. 111% a bhí ann in 2017.

Is é a dúirt Mark Cassidy, Stiúrthóir Eacnamaíochta agus Staidrimh: “Cuirtear fáilte roimh an bhfás leanúnach sa gheilleagar, atá cothromaithe den chuid is mó idir gníomhaíocht intíre agus onnmhairithe. Fáiltítear chomh maith roimh an bhfás a mheastar a thiocfaidh ar fhostaíocht. Meastar go gcruthófar 100,000 post nua sa gheilleagar faoi dheireadh 2019.

“Mar sin féin, tá baol do gheilleagar na hÉireann ann ó chúinsí difriúla agus níor chóir neamhaird a dhéanamh orthu. Is léir gur mó an baol le cúpla mí anuas é go mbeidh Breatimeacht "crua" nó suaiteach ann, agus níor mhaolaigh an baol a bhaineann le cogaí trádála agus athruithe ar chánachas idirnáisiúnta.

“Maidir le cúinsí intíre, ciallaíonn an dlús atá faoi fhás an gheilleagair go bhfuil an baol ann go mbainfidh an geilleagar a lán-acmhainneacht amach, rud a chothaíonn baol an róthéimh nó go mbeidh timthriallta ‘borradh-cliseadh’ ann. Leagann sé sin go léir béim ar a thábhachtaí atá sé cosaintí airgeadais a chothú tráth a mbíonn dlús faoin ngeilleagar.”