Nuacht

Dlús láidir faoin bhfás eacnamaíoch in 2018 a mhaolóidh in 2019 & 2020

12 Deireadh Fómhair 2018 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Athbhreithnithe aníos ar fhás agus ar réamhaisnéisí fostaíochta do 2018 agus do 2019 - 2020 foilsithe den chéad uair freisin
  • Rioscaí ábhartha intíre agus seachtracha ann i gcónaí do na réamhaisnéisí fáis
  • Taighde nua ar na himpleachtaí a bheidh ag comhaontú trádála mar atá leagtha amach i bPáipéar Bán na Ríochta Aontaithe maidir le Brexit ar gheilleagar na hÉireann.

Tá an ceathrú Faisnéis Ráithiúil do 2018 foilsithe ag an mBanc Ceannais inniu. San Fhaisnéis Ráithiúil seo, scrúdaítear na treochtaí atá feicthe le déanaí sa gheilleagar intíre agus cuirtear réamhaisnéisí an Bhainc Ceannais do gheilleagar na hÉireann i láthair, mar aon lena thuairimí ar shaincheisteanna beartais eacnamaíoch intíre.

Tuairiscítear an méid seo a leanas san Fhaisnéis Ráithiúil:

  • Meastar go dtiocfaidh fás 5.6% ar an mbunéileamh intíre i mbliana (athbhreithniú aníos ó 4.4% san Fhaisnéis Ráithiúil roimhe seo), agus go maolóidh an fás sin go dtí 4.2% in 2019 agus go dtí 3.6% in 2020.
  • Tugann na réamh-mheastacháin don mhargadh saothair le tuiscint i gcónaí go bhfuil an geilleagar ag druidim i dtreo na lánfhostaíochta, ach d’fhéadfadh acmhainn bhreise a bheith ann trí inimirce bhreise agus trí rannpháirtíocht níos leithne sa mhargadh saothair.
  • Tugann sé seo le tuiscint go mbeidh 154,000 post breise ann faoi 2020 agus go mbainfear buaicphointe fostaíochta amach arb ionann a leibhéal agus 2.35 milliún.
  • D’ainneoin go bhfuil luaineacht ag baint i gcónaí leis an tomhas príomha, tugann an fhianaise le tuiscint go bhfuil luathú suntasach tagtha ar an bhfás ar phríomhghnéithe infheistíochta intíre áirithe, go háirithe tithíocht agus foirgníocht neamhchónaitheach.
  • Rinneadh athbhreithniú aníos ar na réamh-mheastacháin d’árais nua chónaithe ó foilsíodh an Fhaisnéis Ráithiúil dheireanach go dtí 19,000 i mbliana (+ 1,500), 24,000 in 2019 (+ 2,000) agus 28,500 in 2020.
  • Meastar go dtiocfaidh méadú 2.8% ar chúiteamh in aghaidh an fhostaí in 2018 agus go n-ardóidh sé sin go dtí 3.3% in 2019 agus go dtí 3.4% in 2020.
  • Tá srian maith ar bhrúnna boilscitheacha d’ainneoin láidreacht an éilimh intíre agus géarú ar dhálaí an mhargaidh saothair. Táthar ag tuar go bhfanfaidh boilsciú ICPT cobhsaí ag 0.8% in 2018 agus in 2019 agus go n-ardóidh sé beagán go dtí 1.1% in 2020.

Ina theannta sin, tarraingíonn an Fhaisnéis Ráithiúil aird ar roinnt rioscaí ábhartha don fhás eacnamaíoch:

  • Riosca an róbhorrtha a eascraíonn as láidreacht an éilimh intíre agus as géarú ar dhálaí an mhargaidh saothair.
  • Rioscaí a bhaineann le sreafaí cánach corparáide - féach Bosca C. Mar chion den cháin fhoriomlán, níl ach tír amháin san Aontas Eorpach, Lucsamburg, ar mó a spleáchas ar cháin chorparáide ná Éire.  I dteannta le dlús ard na ngnólachtaí ilnáisiúnta atá faoi úinéireacht eachtrach (go háirithe gnólachtaí na S.A.), fágann sé seo go bhfuil Éire níos neamhchosanta ná tíortha eile AE ar athruithe sa timpeallacht cánach agus trádála idirnáisiúnta.
  • Brexit mí-ordúil a chruthódh dúshláin láithreacha do gheilleagar agus do chóras airgeadais na hÉireann.
  • Scrúdaítear cás eile Brexit san Fhaisnéis Ráithiúil. I mBosca A, breathnaítear ar impleachtaí maicreacanamaíocha na dtograí atá le fáil i bPáipéar Bán Rialtas na Ríochta Aontaithe, dá ngairtear “Chequers” go hiondúil. D’ainneoin nach mbeadh an laghdú seo ar ghníomhaíocht eacnamaíoch na hÉireann ach leath chomh holc leis an laghdú sa chás arna leagan ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, bheadh iarmhairt shuntasach dhiúltach fhadtéarmach ag an socrú beartaithe ar aschur agus ar fhostaíocht na hÉireann.  I gcomparáid le bonnlíne atá bunaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, áit a mbeadh dlúthchaidreamh trádála ag an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach, tuartar go mbeidh na torthaí seo a leanas ann i ndiaidh tréimhse cúig bliana, d’ainneoin go bhfuil an Banc Ceannais fós ag súil le fás dearfach foriomlán ar aschur agus ar fhostaíocht thar an tréimhse sin:
    o Leibhéal fostaíochta 1% níos ísle
    o Leibhéal OTI na hÉireann 1.7% níos ísle

Mar a deir, Mark Cassidy, an Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh:

“Tá fás láidir á thuar i mbliana sna réamhaisnéisí seo, agus tiocfaidh maolú áirithe ar an bhfás sin in 2019 agus in 2020. Táimid ag súil go gcruthófar 150,000 post breise sa gheilleagar faoi 2020 agus, ó tharla gur dócha go mbeidh an boilsciú ar phraghsanna do thomhaltóirí maolaithe i gcónaí, féadfar a bheith ag súil le méaduithe suntasacha ar an bhfíorchumhacht ceannaigh.

“Cé go gcuirtear fáilte roimh an méid sin ar fad, ní mór d’Éirinn ciall cheannaithe a bheith aici agus a bheith réamhghníomhach ó thaobh timthriallta borradh agus cliseadh a sheachaint trí mhaoláin a mhéadú chun costais cor chun donais amach anseo a theorannú.

“Tá sé seo níos tábhachtaí fós i bhfianaise na rioscaí soiléire atá ag bagairt ar an ngeilleagar. I gcomparáid lenár gcomharsana Eorpacha, táimid an-leochaileach d’aistrithe ionchasacha sa timpeallacht cánach agus trádála idirnáisiúnta. Tá baol ann i gcónaí ó Brexit mí-ordúil a mbeadh éifeacht shuaiteach láithreach aige ar gheilleagar na hÉireann, fad a léiríonn an taighde atá déanta againn go mbeadh iarmhairt go fóill ag Brexit níos fabhraí nó Brexit “bog” ar aschur eacnamaíoch na hÉireann, ar onnmhairí agus ar fhostaíocht.”