Nuacht

Doherty Bergin Financial Services Ltd (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

16 Eanáir 2026 Warning Notice

Warning

Rabhadh:Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta NeamhúdaraitheDoherty Bergin Financial Services Ltd (Clón)
Suíomh gréasáinhttps.dohertybergin.com 
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear[email protected] 
Uimhir ghutháin a úsáidtear

+353 19 079 830

Údarú in ÉirinnNíl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí infheistíochta agus/nó seirbhísí comhairleacha infheistíochta a chur ar fáil in Éirinn. 
Faisnéis Bhreise

Tá clónáil déanta ag an eintiteas camscéime seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach, Doherty Bergin Financial Services Ltd, atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí.

Níl aon cheangal idir an gnólacht dlisteanach atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas calaoiseach seo.

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800 nó gnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú go díreach don Bhanc Ceannais.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha.
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.