Nuacht

Drochchleachtais ghnó, nochtadh neamhéifeachtach agus athruithe i seirbhísí airgeadais ina rioscaí do thomhaltóirí seirbhísí airgeadais – Tuarascáil Ionchais um Chosaint Tomhaltóirí

14 Márta 2022 Irish Category

Banc Ceannais na hÉireann ar Ché an Phoirt Thuaidh

  • Sonraí sa Tuarascáil Ionchais um Chosaint Tomhaltóirí ar chúig réimse riosca ar cheart do ghnólachtaí airgeadais beart a ghlacadh ina leith d’fhonn dochar do thomhaltóirí a sheachaint
  • Rioscaí i gcomhthéacs thírdhreach seirbhísí airgeadais atá ag athrú go sciobtha
  • Tabharfaidh clár rannpháirtíochta deis do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt ar na rioscaí agus ar na dúshláin a fheiceann siad do thomhaltóirí

D’fhoilsigh an Banc Ceannais an Tuarascáil Ionchais um Chosaint Tomhaltóirí ina dtarraingítear aird ar na cúig phríomhriosca trasearnála atá ag bagairt ar thomhaltóirí na seirbhísí airgeadais, chomh maith leis an méid a bhfuil an Banc Ceannais ag súil leis ó ghnólachtaí rialáilte airgeadais i leith na rioscaí sin. Is iad seo a leanas na rioscaí:

  • Drochchleachtais ghnó agus próisis ghnó laga

Is é freagracht bhunúsach Soláthróra Seirbhíse Airgeadais dea-chaighdeán seirbhíse a chur ar fáil, ag cur an leas is fearr don tomhaltóir i gcroílár na caoi ina leagtar amach an tseirbhís sin agus na caoi ina gcuirtear ar fáil í. Cuireann drochchleachtais ghnó agus próisis ghnó laga isteach air sin agus d’fhéadfadh dochar do thomhaltóirí a bheith mar thoradh orthu.

  • Nochtadh neamhéifeachtach do thomhaltóirí

I gcás go dteipeann ar ghnólachtaí faisnéis shoiléir a chur ar fáil do thomhaltóirí ag pointe ar bith le linn shaolré táirge nó seirbhís, beidh tionchar aige sin ar chumas tomhaltóra cinntí eolacha a dhéanamh agus d’fhéadfadh dochar a bheith mar thoradh air sin.

  • Tírdhreach oibríochta atá ag athrú

Tá roinnt athruithe suntasacha á ndéanamh ar an tírdhreach airgeadais. Ní mór do ghnólachtaí an t-athrú sciobtha seo a láimhseáil ar bhealach ina gcuirtear an leas is fearr do thomhaltóirí i gcroílár a gcinnteoireachta agus rioscaí a chruthú do thomhaltóirí a sheachaint.

  • Rioscaí do chosaint tomhaltóirí atá bunaithe ar theicneolaíocht

Cuireann teicneolaíocht deiseanna iontacha ar fáil chun rochtain ar sheirbhísí airgeadais a fheabhsú agus chun rogha seirbhísí níos fearr a chur ar fáil agus tá sí ag éirí níos lárnaí i dtaobh gach gné dár saol. De réir mar a fhorbraíonn gnólachtaí teicneolaíochtaí nua agus mar a chuireann siad i bhfeidhm iad, ní mór dóibh a chinntiú go nglacann siad a ndóthain aire na rioscaí go ndéanfaí dochar do thomhaltóirí a mhaolú, ar rioscaí iad a eascraíonn as úsáid na dteicneolaíochtaí sin.

  • Tionchar samhlacha gnó atá ag athrú

Is de bharr na bhforbairtí a leagtar amach sa tuarascáil seo go bhfuil go leor gnólachtaí ag déanamh athmheasúnú ar a gcuid seirbhísí agus ar an gcaoi a gcuireann siad ar fáil iad. Tá gnólachtaí ag féachaint freisin ar nuálaíocht agus ar athdhearadh a dhéanamh ar a gcuid samhlacha gnó. De réir mar a dhéanfaidh siad sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh seirbhís níos fearr do thomhaltóirí mar thoradh ar athrú ar bith a dhéantar agus go ndéanfadh gnólachtaí an t-aistriú a bhainistiú do thomhaltóirí ar bhealach atá freagrach, trédhearcach agus cothrom.

Déantar cur síos sa tuarascáil ar obair a thabharfaidh an Banc Ceannais fúithi chun ár Straitéis a sheachadadh i leith na rioscaí sin. Áirítear na cláir oibre reatha a thabhairt chun críche air sin chun torthaí a bhaint amach a fhreastalaíonn ar an leas is fearr do thomhaltóirí chomh maith le feabhas a chur ar ár n-éifeachtúlacht mar mhaoirseoirí. Áirítear obair an bhainc air sin freisin, i gcomhar le daoine eile, chun an creat níos leithne a fheabhsú d’fhonn cosaint a thabhairt dár dtomhaltóirí agus d’fhonn eolas a dhéanamh do dhíospóireacht phoiblí ar na saincheisteanna a imríonn tionchar ar ár saol agus ar gheilleagar na tíre.

Táimid ag lorg tuairimí ar na rioscaí sin agus tá pointe teagmhála tiomnaithe socraithe suas le go ndéanfaidh daoine teagmháil linn.

Is éard a dúirt an Stiúrthóir ar Cosaint Tomhaltóirí, Colm Kincaid, “Tá ról ríthábhachtach ag seirbhísí airgeadais inár saol laethúil agus sa chaoi a ndéanaimid cúram don todhchaí. Tá sé de dhualgas ar ghnólachtaí rialáilte na seirbhísí sin a chur ar fáil ar bhealach a chosnaíonn an leas is fearr do thomhaltóirí. Sa tuarascáil seo, déanaimid príomhchúiseanna na rioscaí do thomhaltóirí a aithint, cúiseanna a fheicimid trínár gcuid oibre maoirseachta, chomh maith lena bhfuilimid ag súil leis ó ghnólachtaí i dtaobh beart a dhéanamh i leith na rioscaí sin.

“Táimid ag iarradh tuairimí a fháil ó dhaoine ar na rioscaí sin. An aontaíonn daoine leis na rioscaí sin, an bhfeiceann siad rioscaí eile? Is féidir le daoine agus le heagraíochtaí teagmháil dhíreach a dhéanamh linn chun na tuairimí sin a roinnt. Táimid ag pleanáil sraith cruinnithe le páirtithe leasmhara sna míonna amach romhainn freisin. Múnlóidh an t-eolas a thabharfaidh daoine dúinn an obair a dhéanaimid agus an méid a mbeimid ag súil leis ó na gnólachtaí a bhíonn á rialáil againn sna blianta atá le teacht.”