Nuacht

Fadhbanna i ndáil le margaíocht táirgí infheistíochta casta sainaitheanta ag athbhreithnithe an Bhainc Ceannais

13 Meán Fómhair 2022 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Margadh infheistíochta miondíola ag gluaiseacht i dtreo táirgí atá ag éirí níos casta.
  • San athbhreithniú, sainaithníodh roinnt droch-chleachtas agus laigí i ngnólachtaí, rud a mhéadaíonn na rioscaí atá ann d’infheisteoirí.
  • Ní mór do ghnólachtaí bearta sonracha a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil infheisteoirí cosanta.

Tá scéala i scríbhinn curtha ag Banc Ceannais na hÉireann chuig gnólachtaí infheistíochta MiFID, ina dtugtar achoimre ar thorthaí sraithe athbhreithnithe spriocdhírithe ar Tháirgí Miondíola Struchtúrtha (TMSanna). Leis na hathbhreithnithe seo, rinneadh scrúdú ar TMSanna arna ndearadh agus arna ndáileadh ag gnólachtaí infheistíochta in earnáil infheistíochta MiFID (Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais). Sainaithníodh roinnt réimsí inar gá do ghnólachtaí gníomh breise a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh a rialachas agus maoirseacht ar TMSanna ag coinneáil suas le margadh infheistíochta miondíola atá ag éirí níos casta i rith an ama, ionas go ndéanfaí infheisteoirí a chosaint mar is cuí.

Sainaithníodh san athbhreithniú roinnt droch-chleachtas agus laigí i ngnólachtaí, rud a mhéadaíonn na rioscaí atá ann d’infheisteoirí. Áirítear air seo mainneachtain ag gnólachtaí breithniú a dhéanamh ar dheacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag infheisteoirí i ndáil le tuiscint a fháil ar na gnéithe casta de TMSanna áirithe; mainneachtain faisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo a chur i láthair ar bhealach cóir cothrom; agus gan rabhaidh fheiceálacha maidir le caipiteal faoi riosca a áireamh ar ábhair mhargaíochta.

Is éard a dúirt an Stiúrthóir um Chosaint Tomhaltóirí, Colm Kincaid:  “Tá an margadh infheistíochta miondíola ag athrú go sciobtha, agus táimid ag bogadh ó tháirgí traidisiúnta caipitil chosanta chuig táirgí caipitil faoi riosca atá níos casta. De réir mar a mhéadaíonn an chastacht, méadaíonn na rioscaí atá ann d’infheisteoirí leis, mar aon leis na freagrachtaí atá ar ghnólachtaí rialáilte chun leas na n-infheisteoirí sin a chosaint. Sa Tuarascáil Ionchais a d’fhoilsíomar le déanaí, tarraingíodh aird ar roinnt rioscaí do thomhaltóirí a thagann aníos de thoradh cleachtais ghnó atá ag athrú agus nochtadh neamhéifeachtach maidir le táirgí infheistíochta, agus tarraingíodh aird freisin ar an méid a bhfuil súil againn ó ghnólachtaí rialáilte i dtaobh beart a dhéanamh chun na rioscaí sin a láimhseáil. Tá an obair seo atá á foilsiú againn inniu, rud a chuirfidh leis an Tuarascáil.

Thugamar faoi na hathbhreithnithe seo toisc go bhfuilimid ag iarraidh go gcomhlíonfaidh gnólachtaí rialáilte ardchaighdeáin maidir leis an gcaoi a ndéanann siad táirgí infheistíochta casta a dhearadh, a mhonarú agus a dháileadh ar infheisteoirí miondíola. Ba mhaith linn a fheiceáil go háirithe go dtabharfaí fíor-riachtanais infheistíochta chun cuimhne agus táirgí infheistíochta casta á ndearadh, go ndíreofaí ar infheisteoirí a bhfuil na riachtanais sin acu agus orthu sin amháin agus go ndéanfaí na rioscaí a mhíniú mar is ceart. Táimid ag éileamh ar ghnólachtaí beart a dhéanamh chun feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht i ngach ceann de na réimsí seo, agus tá aird á díriú againn ar dhea-chleachtais a bhfuilimid ag súil go ndéanfar aithris orthu ar fud na hearnála.”

Leis an litir, éilítear ar ghnólachtaí rialáilte beart a dhéanamh chun spriocmhargadh atá sách gráinneach a shainaithint do TMSanna agus feabhsúcháin i dtaobh cáilíocht agus trédhearcacht nochtadh faisnéise d’infheisteoirí maidir leis na rioscaí a bhaineann leis na táirgí seo a bhrú chun cinn. Go sonrach:

  • I bhfianaise chineál na TMSanna atá ag éirí níos casta i rith an ama, tá sé bunriachtanach go ndéanfar measúnú ar an spriocmhargadh ar bhealach comhréireach, ar bhealach lena gcuirfí nádúr agus castacht an táirge san áireamh. Dá chasta an TMS is ea is duainéisí agus is gráinní an measúnú spriocmhargaidh a theastaíonn.
  • Sa chás go molfaí gnéithe casta, ní mór do ghnólachtaí oiriúnacht na ngnéithe sin don mhargadh miondíola a bhreithniú agus cinneadh a dhéanamh ar cibé ar dócha go dtuigfidh an spriocmhargadh iad. Ba cheart ceadú gnéithe den sórt seo a bheith faoi réir rialú láidir agus faoi réir agóide lena chinntiú go bhfuil údar leo agus gur chun leas na gcliant iad, agus ba cheart é seo a dhoiciméadú go soiléir.
  • Sa chás go gcuirfí faisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo (faisnéis chúltástála) i láthair, ní mór í a bheith cóir agus cothrom, arna tacú le hinsint agus comhthéacs soiléir, agus ní mór gan beag a dhéanamh den seans a d’fhéadfadh a bheith ann go dtarlódh caillteanas caipitil. Ba chóir go seachnófaí léargas ródhearfach nó léargas claonta a thabhairt i leith na dtorthaí is dócha a bheidh i gceist d’infheisteoirí.
  • Ní mór rabhaidh maidir le Caipiteal faoi Riosca a thaispeáint in áit fheiceálach ar gach comhfhreagras margaíochta agus ar gach fógra.
  • I gcás táirgí casta amhail TMSanna, teastaíonn aire ar leith nuair atá faisnéis mhargaíochta á leagan amach agus á cur i láthair lena chinntiú go mbeadh soiléireacht i gceist i gcónaí, ní hamháin i ndáil le ton agus ábhar foriomlán na faisnéise nuair a léifí san iomlán í, ach leis na ráitis aonair chomh maith, agus le go mbeadh siad cóir, gan eolas míthreorach ar bith iontu. Ní mór a bheith aireach go háirithe gan léargas ródhearfach ná léargas claonta a thabhairt i leith na dtorthaí is dócha a bheidh i gceist d’infheisteoirí.
  • Ní mór an riosca go bhféadfaí athstruchtúrú a dhéanamh ar tháirge a nochtadh do chliaint sula ndéanfaí an díolachán a chomhaontú.
  • Tá an Banc Ceannais ag súil go gcloífidh gnólachtaí leis na caighdeáin is airde ó thaobh cosaint infheisteoirí, agus go ngníomhóidh siad chun leas na n-infheisteoirí i gcónaí.  Táimid ag leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh infheistíochta miondíola, agus déanfar torthaí na n-athbhreithnithe seo agus na hionchais atá leagtha amach i litir an lae inniu a bhreithniú mar chuid de ghníomhaíochtaí maoirseachta amach anseo.

Nótaí d'Eagarthóirí:

  • Déantar soláthar seirbhísí infheistíochta in ionstraimí airgeadais a rialú leis an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II). Baineann an Treoir le gnólachtaí infheistíochta, le bainisteoirí rachmais, le déantóirí táirgí agus le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe chun gníomhaíochtaí MiFID a dhéanamh.
  • Faoi Rialachán 32(1) de MiFID II, ceanglaítear ar ghnólachtaí a dhéanann ionstraimí airgeadais a chinntiú go leagtar amach na hionstraimí sin chun riachtanais spriocmhargadh sainaitheanta cliant deiridh a shásamh.
  • Faoi Rialachán 32(3) de MiFID II, ceanglaítear ar ghnólachtaí a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis uile a dhírítear ar chliaint cóir agus soiléir, agus nach bhfuil sí míthreorach.
  • Faoi Rialachán 32(6) de MiFID II, ceanglaítear ar ghnólachtaí a chinntiú go bhfuil rabhaidh chuí san áireamh leis an bhfaisnéis ar ionstraimí airgeadais, lena gcuirtear in iúl na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sna hionstraimí sin.
  • Ceanglaítear le hAirteagal 48(1) de Rialachán Tarmligthe MiFID II ón gCoimisiún gur cheart do ghnólachtaí, agus iad ag cur faisnéis ar ionstraimí airgeadais ar fáil do chliaint, faisnéis a bhaineann le feidhmiú agus feidhmíocht de réir coinníollacha éagsúla margaidh a áireamh, lena n-áirítear coinníollacha dearfacha agus coinníollacha diúltacha araon.