Nuacht

Faisnéis Ráithiúil 2023:1 – boilsciú ag maolú ach ardaithe i gcónaí

08 Márta 2023 Preas Ráiteas

Banc Ceannais na hÉireann ar Ché an Phoirt Thuaidh

  • Tá boilsciú ard ann i gcónaí ach tá sé ag maolú, agus meastar anois go mbeidh boilsciú príomha agus croí-bhoilsciú níos ísle ná mar a tuaradh in 2023, eadhon 5 faoin gcéad agus 3.5 faoin gcéad faoi seach.
  • Meastar go bhfanfaidh an ráta dífhostaíochta íseal, ag 4.4 faoin gcéad ar an meán go dtí 2025, agus go leanfaidh diandálaí sa mhargadh saothair.   
  • Tuartar go bhfásfaidh an t-éileamh modhnaithe intíre faoi 3.1 faoin gcéad in 2023, faoi 2.9 faoin gcéad in 2024 agus faoi 2.6 faoin gcéad in 2025.

Tá an chéad Fhaisnéis an chéad Fhaisnéis Ráithiúil de 2023 de 2023 foilsithe ag an mBanc Ceannais inniu (8 Márta 2023). Agus an Fhaisnéis Ráithiúil á seoladh, deir Robert Kelly, an Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh an méid seo a leanas: “D’éirigh ní b’fhearr leis an gcúlra eacnamaíoch domhanda ná mar a tuaradh, agus tá geilleagar na hÉireann athléimneach i gcónaí.  I bhfianaise margadh saothair teann, táthar ag súil go dtiocfaidh fíorioncaim na dteaghlach chucu féin arís de réir a chéile le linn na bliana, rud a thacóidh le bunfhás sa gheilleagar intíre. Tá maolú ag teacht ar bhrúnna boilscitheacha príomha ach meastar go bhfanfaidh boilsciú ag leibhéal ardaithe in 2023 agus 2024, cé go mbeidh na rátaí níos ísle ná mar a tuaradh roimhe seo.”

“Agus impleachtaí eacnamaíocha chogadh na Rúise san Úcráin fós le brath, ba chúnamh do gheilleagar na hEorpa iad meascán d’aimsir shéimh agus de ghníomhaíochtaí beartais agus d’éirigh ní b’fhearr leis le míonna beaga anuas ná mar a bhíothas ag súil leis.  In Éirinn, tá maolú tagtha ar bhoilsciú príomha ón mbuaicphointe is déanaí a chonacthas an fómhar seo caite, is é sin 9.4 faoin gcéad, de réir mar a laghdaíonn éifeacht an ardaithe thobainn ar phraghsanna fuinnimh.  Mar sin féin, tá leibhéil na bpraghsanna i bhfad níos airde go fóill ná mar a bhí roimh an gcogadh agus roimh phaindéim COVID-19.”

Tá maolú tagtha ar bhoilsciú in Éirinn le míonna beaga anuas, rud atá inchurtha go páirteach do bhearta amhail taillí iompair phoiblí agus táillí oideachais tríú leibhéal. I bhfianaise ionchais margaidh maidir le praghsanna mórdhíola fuinnimh, agus moilliú dóchúil ar a gcur ar aghaidh chuig praghsanna do thomhaltóirí, meastar go mbeidh an boilsciú príomha níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo agus go leanfaidh an treocht sin thar thréimhse na réamhaisnéise.  É sin ráite, tá éiginnteacht shuntasach ag baint i gcónaí le conair an bhoilscithe, agus maidir le cé chomh fada is a bheidh na tomhais ar bhoilsciú bunúsach amhail croí-bhoilsciú ardaithe.

Tá boilsciú ar phraghsanna do thomhaltóirí ard i gcónaí ach is cosúil go bhfuil sé ag moilliú.  Tá laghdú tagtha ar bhoilsciú príomha bliantúil, mar a thomhaistear le ICPT é, ó 9.6 faoin gcéad i mí Iúil 2022 go dtí 8 faoin gcéad i mí Feabhra 2023. Tá laghdú tagtha freisin ar chroí-bhoilsciú, lena n-eisiatar praghsanna luaineacha fuinnimh agus bia, rud atá inchurtha do laghduithe ar phraghsanna iompair phoiblí agus ar tháillí oideachais tríú leibhéal.  Meastar gur lú an bhaint a bheidh ag arduithe ar phraghsanna fuinnimh le forbairtí ar bhoilsciú príomha in 2023, fad a bheidh boilsciú bia agus boilsciú ar sheirbhísí a ghintear sa chríoch baile ag teacht chun cinn.  Tá laghdú suntasach tagtha ar phraghsanna todhchaíochtaí ola agus gáis i margaí idirnáisiúnta ó foilsíodh an Fhaisnéis Ráithiúil dheireanach i mí Dheireadh Fómhair, rud atá ag freagairt do laghdú ar an éiginnteacht maidir le soláthairtí a bhí i réim ó thús an chogaidh san Úcráin.  Is é an t-ionchas níos dearfaí maidir le praghsanna fuinnimh i gcomparáid leis an réamhaisnéis roimhe seo an ghné ba mhó ba bhun le hathbhreithniú 1.3 pointe céatadán anuas ar an réamhaisnéis do bhoilsciú ICPT go dtí 5.0 faoin gcéad don bhliain seo. Ar a shon sin, meastar go mbeidh éifeacht na turrainge do phraghsanna fuinnimh fós le brath ar phraghsanna earraí agus seirbhísí eile le linn na bliana, sa mhéid go meastar go mbeidh ICPT gan boilsciú fuinnimh san áireamh comhionann le 4.3 faoin gcéad do 2023, ag maolú go 2.6 faoin gcéad in 2025.

Tháinig méadú 8.2 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre in 2022, de réir mar a tháinig caiteachas tomhaltóirí chuige féin arís i ndiaidh na paindéime agus de réir mar a tháinig méadú géar ar infheistíocht fhisiciúil ag fiontair ilnáisiúnta in Éirinn.  Tá luas an fháis maolaithe ag constaicí ó bhoilsciú níos airde ach meastar go maolóidh na constaicí sin de réir a chéile le linn 2023.  Tá feabhas tagtha ar an ionchas maidir le hioncam indiúscartha réadach na dteaghlach, atá mar bhonn faoin réamhaisnéis maidir le fás ar chaiteachas tomhaltóirí, i gcomparáid leis an bhFaisnéis Ráithiúil dheireanach i bhfianaise chonair an bhoilscithe atá níos ísle ná mar a tuaradh roimhe seo agus neart leanúnach an mhargaidh saothair.  Cé go meastar go bhfuil laghdú 0.8 faoin gcéad tagtha ar ioncam indiúscartha réadach na dteaghlach in 2022, tuartar anois go dtiocfaidh fás 2.1 faoin gcéad agus 2.3 faoin gcéad air in 2023 agus 2024, rud a thacóidh le fás 4.8 faoin gcéad agus 3.7 faoin gcéad ar an bhfás ar thomhaltas i mbliana agus an bhliain seo chugainn.  Idir an dá linn, meastar go mbeidh maolú suntasach ar fhás modhnaithe infheistíochta i ndiaidh aschur fíorláidir in 2022.  Meastar go mbeidh moilliú ar infheistíocht in innealra agus i dtrealamh agus i dtógáil agus i bhfoirgniú, agus meastar go bhfanfaidh líon na n-aonad tithíochta nua faoi bhun 30,000 i mbliana agus an bhliain seo chugainn. Tríd is tríd, meastar go méadóidh an Bunéileamh Modhnaithe Intíre faoi 3.1 faoin gcéad in 2023, faoi 2.9 faoin gcéad in 2024 agus faoi 2.5 faoin gcéad in 2025.  Tá an borradh dearfach faoin éileamh á mhaolú go pointe ag beartas airgeadaíochta níos déine a fhéachann le boilsciú sa limistéar euro a thabhairt ar ais go sprioc 2 faoin gcéad sa mhéantéarma, mar aon le normalú toimhdithe ar bheartas fioscach.

Tuartar go leanfaidh diandálaí sa mhargadh saothair thar thréimhse na réamhaisnéise.  Meastar go bhfanfaidh an ráta dífhostaíochta ag 4.3 agus 4.4 faoin gcéad go dtí 2025.  Meastar go mbeidh fás níos moille ar fhostaíocht agus méadú níos moille ar fhás pá le linn thréimhse na réamhaisnéise de réir mar a éiríonn srianta acmhainne níos ceangailtí, agus meastar go dtiocfaidh méadú 6.4 faoin gcéad ar chúiteamh in aghaidh an fhostaí i mbliana agus méadú 5.2 faoin gcéad air an bhliain seo chugainn.  Mar sin féin, tugtar le fios le méid na gcoigeartuithe atá fós ag teacht chun cinn sa mhargadh saothair agus sa gheilleagar níos leithne de thoradh na paindéime agus an chogaidh gur gá forbairtí le déanaí agus forbairtí gearrthéarmacha a mheasúnú go cúramach i dtaobh an léiríonn siad athrú fadtéarmach struchtúrach.  D’fhonn fás inbhuanaithe a bhaint amach sa mheántéarma, mar aon le rátaí inbhuanaithe an bhoilscithe bhunúsaigh, is gá go mbeidh fás ar rátaí pá agus ar chorrlaigh bhrabúis fréamhaithe i mbunfhás táirgiúlachta sa gheilleagar.

Tháinig méadú 15 faoin gcéad ar onnmhairí Éireannacha i dtéarmaí a méid in 2022, agus ba iad gníomhaíochtaí fiontar ilnáisiúnta i seirbhísí TCF agus cógaisíochta a bhí i dtreis.  Bhain tuairim is 60 faoin gcéad den fhás ar luach onnmhairí Éireannacha le linn na bliana le táirgí arna seoladh amach as Éirinn.  Mar a tharla i mblianta roimhe seo, meastar go mbeidh trádáil sna hearnálacha atá ag fás go tapa mar bhorradh leanúnach faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch in Éirinn thar thréimhse na réamhaisnéise. Meastar go dtiocfaidh fás 8.2 faoin gcéad ar onnmhairí in 2023, fás 6.2 faoin gcéad in 2024 agus fás 7.9 faoin gcéad in 2025. Tacaíonn sé seo le fás i dtéarmaí OTI a bheidh os cionn 5 faoin gcéad ar an meán in aghaidh na bliana go dtí 2025.

Tá ról suntasach ag beartas intíre maidir leis an gcaoi ina dtéann an geilleagar in oiriúint don turraing dhiúltach atá ann ó thaobh an tsoláthair de mar gheall ar an gcogadh, agus na hiarmhairtí a bhíonn aige sin ar an ioncam náisiúnta agus ar chumas táirgthe an gheilleagair sa mheántéarma.  Tá dúshláin ar leith ann ó thosaigh an cogadh, tráth a bhí coigeartuithe suntasacha ag tarlú cheana féin don éileamh domhanada agus intíre agus do dhálaí soláthair de bharr na freagartha do phaindéim COVID-19.  Ba bhearta suntasacha iad bearta costais mhaireachtála chun iarmhairt ghearrtéarmach an bhoilscithe níos airde a mhaolú, agus bhíodar spriocdhírithe go páirteach ar na daoine is mó a ndéanann costais na turrainge láithrí difear dóibh. Trína chinntiú go scaoilfear na bearta sealadacha beartais seo ar mhodh tráthúil, ar bearta iad a thacaíonn le dálaí éilimh, laghdófar an fhéidearthacht go méadófar brúnna boilscitheacha sa mheántéarma agus go gcruthófar leochaileacht níos fadtéarmaí san airgeadais poiblí.  Ag an am céanna, baineann ríthábhacht le bearta a thacaíonn le hathrú chuig geilleagar níos athléimní i gcás inar lú an dóchúlacht go dtiocfaidh turraingí den sórt sin chun cinn agus i gcás inar lú an costas a bheadh ag baint leo sa todhchaí.  Sa cháil seo, cuirfear fáilte roimh an tionscamh chun an ghné amhantair d’fháltais ó cháin chorparáide a úsáid chun cur leis an gCúlchiste Náisiúnta. Tá gá le tréaniarrachtaí maidir le beartas eacnamaíoch intíre chun dul i ngleic ar bhonn inmharthana le dúshláin láithreacha amhail tithíocht agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú déimeagrafach, trí bhíthin leibhéil agus cineálacha infheistíochta iomchuí. Leis seo, beidh sé níos éasca fás inbhuanaithe a bhaint amach ar chaighdeáin mhaireachtála na dteaghlach agus staid iomaíoch na ngnóthaí in Éirinn san fhadtéarma.