Nuacht

Feachtas seolta ag an mBanc Ceannais chun cuidiú le tomhaltóirí oibríochtaí sceamála a sheachaint

01 Samhain 2023 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Tá caimiléirí ag díriú ar líon níos mó, agus raon níos leithne, tomhaltóirí Éireannacha
  • Baineann caimiléirí leas as na meáin shóisialta, suíomhanna gréasáin bréige agus as cóipeáil a dhéanamh ar shuíomhanna gréasáin dlisteanacha, chun bob a bhualadh ar thomhaltóirí
  • Má thairgtear rud éigin duit a bhfuil cuma rómhaith air, is dóichí ná a mhalairt gur sceamáil é

Tá bealaí níos sofaisticiúla á n-úsáid ag calaoiseoirí anois chun bob a bhualadh ar thomhaltóirí. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ardleibhéal feasachta ag teastáil ó thomhaltóirí, agus gur gá dóibh a bheith san airdeall i gcónaí maidir leis an mbagairt.

Sheol an Banc Ceannais feachtas eolais an tseachtain seo chun cuidiú le tomhaltóirí sceamálacha airgeadais phearsanta a sheachaint. Chruthaigh an Banc Ceannais ‘tástáil SAFE’, a mholann do thomhaltóirí ceithre chéim phraiticiúla a ghlacadh nuair a bheidh táirge airgeadais á cheannach acu nó nuair a bheidh siad ag déileáil le gnólacht trí shuíomh gréasáin, trí na meáin shóisialta, trí ghlaoch gutháin, ríomhphost, trí théacs nó trí bhosca aníos gan choinne.  Is iad seo a leanas na céimeanna seo a leanas atá sa tástáil sin:

  1. Stop. Smaoinigh agus ceistigh cad atá á thairiscint duit.
  2. Athbhreithnigh. Déan cinnte gur gnólacht dlisteanach é.
  3. Fíricí a sheiceáil. Faigh comhairle chun a chinntiú gur táirge dlisteanach nó seirbhís dhlisteanach é.
  4. É a nochtadh agus a thuairisciú. Má tá aon ábhar imní agat, déan teagmháil leis an mBanc Ceannais.

Tá cineálacha éagsúla oibríochtaí sceamála ann; calaois réamhtháille, soláthraithe iasachtaí bréige, ‘clóin’ ar sholáthraithe seirbhísí airgeadais phearsanta (amhail bainc), gnóthaí infheistíochtaí bréige, i measc cinn eile.

Deir Leas-Ghobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Derville Rowland, an méid seo a leanas: “Faraor, níl aon duine saor ón mbagairt ó chalaois airgeadais. Toisc go mbíonn caimiléirí i mbun gníomhaíochta ar líne, agus go háirithe sna meáin shóisialta, tá gach glúin agus déimeagrafach i mbaol. Cruthaíonn an dul chun cinn maidir le teicneolaíocht go leor deiseanna do thomhaltóirí ach tugann sé deiseanna do chaimiléirí teagmháil a dhéanamh le daoine chomh maith. Tá roinnt de na sceamálacha a thuairiscítear don Bhanc Ceannais an-sofaisticiúil agus áititheach. Tá súil againn go mbeidh tomhaltóirí ábalta cur i gcoinne na gcoirpeach cadránta sin trí chéimeanna simplí praiticiúla a ghlacadh.”

An tseachtain seo caite, thug an Banc Ceannais rabhadh to thomhaltóirí chun a bheith san airdeall ar aon ghnólacht a lorgaíonn réamhtháille. Is sceamáil chealgach ar leith é calaois réamhtháille toisc go ndíríonn sé ar dhaoine a bhfuil creidmheas ardchostais á lorg acu, rud a úsáideann daoine uaireanta chun buiséad nó dúshláin airgeadais eile a bhainistiú.

Deir an Leas-Ghobharnóir Rowland, “Tóg do chuid ama i gcónaí nuair a bheidh táirgí infheistíochta á gceannach agat nó nuair a bheidh iarratas ar iasacht á dhéanamh agat. Ná déan aon rud ar an toirt - go háirithe má tá soláthraí ag cur brú ort glacadh le ‘margadh’ - is comhartha é seo nach bhfuil tú ag plé le soláthraí seirbhíse dlisteanach. Má thairgtear rud éigin duit a bhfuil cuma rómhaith air, is dóichí ná a mhalairt gur sceamáil é.

“Bain leas i gcónaí as tástáil SAFE – tá físeán úsáideach foislithe ag an mBanc Ceannais a chuireann in iúl duit cé na céimeanna atá le glacadh agat. Má shíleann tú go raibh tú ag plé le coirpeach - déan é sin a thuairisciú. Cuir glaoch ar an nGarda Síochána agus ar an mBanc Ceannais, is féidir linn cabhrú leat”.

Tá faisnéis ar líne ag an mBanc Ceannais ag  agus is féidir le tomhaltóirí glaoch a chur ar 0818 681 681 nó is féidir leo ghnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú anseo.