Nuacht
FTI Finance Limited (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
05 Meitheamh 2026
Warning Notice

| Rabhadh: | Gnólacht Infheistíochta/Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe |
| Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | FTI Finance Limited (Clón) |
| Suíomh gréasáin | • https://client.ftifinanceltd.com/auth/login • https://ftifinance-ltd.com/ • https://ftifinancelimited.com |
| Seoladh ríomhphoist a úsáidtear | |
| Údarú in Éirinn | Níl FTI Finance Limited (Clón) údaraithe mar ghnólacht infheistíochta nó mar ghnólacht gnó infheistíochta in Éirinn. |
| Faisnéis Bhreise | Tá clónáil déanta ag an ngnólacht camscéime seo ar shonraí eintitis atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann agus a bhfuil an t-ainm céanna air d’fhonn cuma na dlisteanachta a chur ar an gcamscéim. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht dlisteanach agus an t-eintiteas camscéime. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800 nó gnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú go díreach don Bhanc Ceannais.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.