Nuacht

Glacann daltaí scoile ról BCE orthu féin ag Glúin an €uro-Duais na nDaltaí

30 Samhain 2020 Preas Ráiteas

Banc Ceannais na hÉireann ar Ché an Phoirt Thuaidh

Thug Banc Ceannais na hÉireann aitheantas d’éachtaí daltaí óga san eacnamaíocht ag an mbabhta ceannais de Ghlúin an €uro-Duais na nDaltaí ar an Aoine 27 Samhain. Bhí an bua ag foireann ó Scoil Pháirc Chill Fhionntain (Sutton Park School) ag an ócáid fhíorúil.

D’éirigh leis na daltaí ó Scoil Pháirc Chill Fhionntain an lámh in uachtar a fháil ar fhoireann Choláiste Pobail Chill Orglan (Killorglin Community College) i ndianchomórtas sa bhabhta ceannais. Ghlac an dá fhoireann ról Chomhairle Rialaithe BCE orthu féin trí anailís a dhéanamh ar an eacnamaíocht agus an ráta úis iomchuí a shocrú don limistéar euro. Rinne an dá fhoireann mionphlé ar na dúshláin atá roimh an limistéar euro faoi láthair agus moladh go hard cumas na ndaltaí anailís a dhéanamh ar thimpeallacht eacnamaíoch atá ag athrú go tapa de thoradh ghéarchéim COVID-19.

Bhronn an Leas-Ghobharnóir, Sharon Donnery, trófaithe ar na foirne agus tharraing sí aird ar éachtaí na ndaltaí a bhain an babhta ceannais amach; “trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas seo, léirigh na daltaí ó Scoil Pháirc Chill Fhionntain agus ó Choláiste Pobail Chill Orglan go bhfuil an-tuiscint acu ar phrionsabail na heacnamaíochta agus an bheartais airgeadaíochta, agus léiríodar cruinneas ina gcuid measúnuithe ar na roghanna beartais airgeadaíochta a bhí ar fáil agus ról Chomhairle Rialaithe BCE á ghlacadh orthu féin”.

Agus í ag labhairt faoin bhfoireann bhuaiteach, dúirt sí gur léirigh Scoil Pháirc Chill Fhionntain “sárthuiscint ar shainordú BCE ó thaobh cobhsaíocht praghsanna de agus leagadar amach na rioscaí a bhain leis sin. Thairis sin, dhéileáladar go han-mhaith leis na ceisteanna agus léiríodar mioneolas ar an ábhar.”

Agus í ag trácht ar an tábhacht a bhaineann leis an gcéad ghlúin eile d’eacnamaithe, dúirt an Leas-Ghobharnóir Donnery go bhfuil “an Banc Ceannais meáite ar eacnamaithe na todhchaí a spreagadh. Is chun ár leasa féin é a chinntiú go bhfuil sreafaí de dhaoine óga ann a bhfuil spéis acu san eacnamaíocht agus a bheartóidh slí bheatha a bhaint amach sa réimse seo amach anseo. Bíonn rogha mhaith gairmeacha ar fáil do dhaltaí a dhéanann staidéar ar an eacnamaíocht.”

Leis an gcur i láthair seo, cuirtear bailchríoch ar an obair go léir atá déanta ag na foirne seo le beagnach bliain anuas mar chuid de Ghlúin an €uro-Duais na nDaltaí. Tá lúcháir ar an mBanc Ceannais an babhta ceannais a sheoladh go fíorúil chun éachtaí na bhfoirne iomaíocha a aithint.

Nótaí:

Is é Glúin an €uro-Duais na nDaltaí príomhchomórtas eacnamaíochta na hÉireann do dhaltaí Idirbhliana agus do dhaltaí sa 5ú Bliain.

Bíonn an comórtas á reachtáil ag Banc Ceannais na hÉireann i gcomhpháirt leis an mBanc Ceannais Eorpach agus bíonn sé ar siúl i mbainc cheannais eile sa limistéar euro ag an am céanna. Gach bliain, cuardaímid eacnamaithe óga, éirimiúla na hÉireann chun aithris a dhéanamh ar ról Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus chun anailís a dhéanamh ar an ngeilleagar agus ráta úis atá iomchuí dar leo a shocrú don limistéar euro.

Bíonn idir triúr agus cúigear daltaí ar gach foireann agus ainmnítear múinteoir amháin mar mheantóir. Déantar na rannpháirtithe a scrúdú thar thrí bhabhta éagsúla - tráth na gceist, anailís i scríbhinn agus cur i láthair. Na foirne sin a n-éiríonn leo sa tráth na gceist ar líne, téann siad ar aghaidh chuig an dara babhta. Iarrtar orthu sa bhabhta sin anailís a dhéanamh ar dhálaí eacnamaíocha agus ráta úis atá iomchuí dar leo a chinneadh don limistéar euro. Sa bhabhta deiridh, cuireann na foirne a gcuid torthaí i láthair do phainéal eacnamaithe sinsearacha sa Bhanc Ceannais.