Nuacht
Imperial Trust Loans - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
27 Meitheamh 2025
Warning Notice

Rabhadh: | Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Imperial Trust Loans |
Suíomh gréasáin | www.imperialtrustloans.com |
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] |
Uimhir/(Uimhreacha) g(h)utháin a úsáidtear | - +353 83 463 0360
- +353 83 480 6012
- +44 208 058 7036
- +353 89 946 0081
|
Údarú in Éirinn | Níl Imperial Trust Loans údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola a sholáthar in Éirinn. |
Faisnéis bhreise | Is sampla é an chamscéim seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit a n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh. Bhain Imperial Trust Loans úsáid as ainmneacha dhá ghnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é na gnólachtaí dlisteanacha, E & L Credit Ltd agus Optal Financial Europe Limited, é chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir na gnólachtaí atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas calaoiseach seo. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.