Nuacht

Ionchais maidir le cosaint do thomhaltóirí treisithe ag an mBanc Ceannais i gcomhthéacs tírdhreach baincéireachta miondíola atá ag athrú

13 Meán Fómhair 2022 Preas Ráiteas

Banc Ceannais na hÉireann ar Ché an Phoirt Thuaidh

  • Ní mór pleananna, ullmhúcháin agus acmhainní leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm ag na bainc chun freagairt d’aistrithe cuntas ar scála nach bhfacthas riamh cheana
  • Áirítear ar na príomhcheanglais tréimhsí leordhóthanacha fógra, leanúnachas do chustaiméirí ó thaobh seirbhíse de agus fócas ar chustaiméirí leochaileacha
  • Eagrófar cruinnithe comhchéime le POFanna ina ndíreofar ar obair na mbanc lena chinntiú go ndéanfar leas na dtomhaltóirí a chosaint

Tá ceanglais an Bhainc Ceannais do bhainc mhiondíola chun tomhaltóirí a chosaint treisithe aige inniu i gcomhthéacs mórathruithe struchtúracha atá ag tarlú i dtírdhreach na baincéireachta miondíola.

Sa chéim is deireanaí seo dá ghníomhaíocht mhaoirseachta ar an gceist seo, tá comhfhreagras i scríbhinn seolta ag an mBanc chuig na POFanna ar chroícheisteanna lena n-áirítear tréimhsí fógra, leanúnachas do chustaiméirí ó thaobh seirbhíse de agus cúnamh do chustaiméirí leochaileacha a chinntiú.

Tionólfaidh an Banc cruinniú comhchéime de POFanna a dhíreoidh ar phleananna na mbanc miondíola chun a chinntiú go ndéanfar leas na dtomhaltóirí a chosaint.

Is éard a dúirt Derville Rowland, Ard-Stiúrthóir, Iompar Airgeadais: “Ó thug boird na mbanc atá ag imeacht fógra i mí Feabhra agus mí Aibreáin anuraidh, tá dianteagmháil déanta againn leis na cúig bhanc chun impleachtaí na n-idirbheart a mheas agus a bhainistiú. D’eisíomar ár gcéad litir tionscail i mí an Mheithimh 2021, inar leagadh amach na hionchais atá againn faoi mar is gá caitheamh le tomhaltóirí le linn thréimhse an athraithe agus an chomhdhlúthaithe seo.

De réir mar a chuirtear tús leis an bpróiseas cuntais bhainc a dhúnadh, tá sé ríthábhachtach go léireoidh na bainc atá ag imeacht agus na bainc atá ag fanacht go bhfuil pleananna, ullmhúcháin agus acmhainní leordhóthanacha i bhfeidhm acu chun freastal ar ár gcuid ionchas. Tá maoirseacht ghníomhach á déanamh againn ar na bainc lena chinntiú go dtabharfaidh siad tús áite do leas na gcustaiméirí agus do leas custaiméirí ionchasacha le linn na n-aistrithe cuntas seo atá ar scála nach bhfacthas riamh cheana.

Aithním an scála atá i gceist, nach bhfacthas riamh cheana, agus aithním freisin go bhfuil baill foirne sna bainc ag obair go fíordhian i gcúinsí dúshlánacha chun na seirbhísí a theastaíonn ó chustaiméirí a chur ar fáil dóibh. Tuigimid go rímhaith an tionchar atá ar bhaill foirne agus ar chustaiméirí araon ina leith sin.

Fad a aithnímid an dúshlán a bhaineann le gníomh chomh mór seo, is léir freisin go gcaithfear níos mó a dhéanamh ó thaobh phleananna foriomlána na mbanc.”

Eiseoidh na bainc atá ag imeacht litreacha i gcéimeanna d’fhonn sreabhadh na n-aistrithe a bhainistiú le linn na tréimhse 2022 go dtí 2023.

Beidh feidhm le dualgais uile an tsoláthraí reatha faoi cheanglais reachtaíocht seirbhísí airgeadais na hÉireann, lena n-áirítear cóid iompair reachtúla an Bhainc Ceannais, go dtí go mbeidh an custaiméir ionduchtaithe mar is ceart le soláthraí eile. Tá feidhm leis an reachtaíocht sin do sholáthraí ionchais ar bith ar mhaith leis an gcustaiméir sin a chuntas a aistriú chuige.
Mar aon le cruinniú comhchéime na POFanna a thionóil, tabharfaidh an Banc Ceannais faoina athbhreithniú arís in R2 2022 ar amanna feithimh maidir glaonna ar línte fóin tacaíochta do chustaiméirí sna príomhbhainc mhiondíola. De thoradh thorthaí an athbhreithnithe roimhe seo, cuireadh pleananna gnímh i dtoll a cheile lena chinntiú go gcuirfí leibhéal leordhóthanach seirbhíse ar fáil do chustaiméirí ar línte fóin tacaíochta chun gnáthmhéid glaonna a láimhseáil agus chun borradh ar ghlaonna a láimhseáil chomh maith.

Ní mór do na bainc teagmháil a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse eile, lena n-áirítear tionscnóirí dochar díreach (TDDanna), chun athrú rianúil tráthúil cuntas custaiméirí a chinntiú.
Mar gur soláthraithe rialáilte seirbhísí airgeadais iad roinnt mhaith de na TDDanna atá i measc an fhichead TDD is mó (e.g. cuideachtaí árachais agus institiúidí íocaíochta), tá comhfhreagras i scríbhinn curtha ag an mBanc Ceannais chuig POF gach ceann de na gnólachtaí rialáilte seo d’fhonn béim a leagan ar an dualgas atá orthu beart a dhéanamh lena chinntiú go gcuirfear an gníomh seo i gcrích go héifeachtúil.