Nuacht
Irish Term Deposits - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
24 Aibreán 2026
Warning Notice

| Rabhadh: | Gnólacht Infheistíochta / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe |
| Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Irish Term Deposits |
| Suíomhanna gréasáin | - https://comparetermdeposits-ie.com
- https://fixedtermdeposits-ie.com
- https://termdeposits-ie.com
- https://fixedtermdeposits-dgs.com
- https://Irishtermdeposits.com
|
| Seoladh ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] |
| Uimhir ghutháin a úsáidtear | 0441618062323 |
| Údarú in Éirinn | Níl Irish Term Deposits údaraithe chun Seirbhísí Infheistíochta nó aon seirbhísí Gnó Infheistíochta eile a chur ar fáil in Éirinn. |
| Faisnéis bhreise | Is sampla é an chamscéim infheistíochta seo de “chamscéim suímh gréasáin chomparáide”, áit a gcruthaíonn calaoiseoirí suíomh gréasáin a mhaíonn gur féidir leis cabhrú le tomhaltóirí táirgí infheistíochta nó coigiltis éagsúla a aimsiú agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Tomhaltóirí ar mian leo infheistíocht a dhéanamh, cuireann siad a gcuid sonraí (i.e. sonraí teagmhála, méid le hinfheistiú) isteach ar fhoirm ar líne agus déanann na calaoiseoirí teagmháil leo ina dhiaidh sin ar an nguthán nó leis an ríomhphost. Maíonn na calaoiseoirí seo orthu féin gur ó bhainc aitheanta iad agus tairgeann siad deiseanna infheistíochta in infheistíochtaí bréige i bhfoirm Taiscí Ioncaim Shocraithe. Go minic, cuirfidh na calaoiseoirí bróisiúir ar fáil a bhfuil cuma oifigiúil agus ainm agus brandáil na mbanc aitheanta seo orthu.
|
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800 nó gnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú go díreach don Bhanc Ceannais.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.