Nuacht

Laigí i gcomhlíonadh an Chórais Feidhmiúlachta agus Cuibhis ag gnólachtaí aimsithe ag iniúchadh de chuid an Bhainc Ceannais

17 Samhain 2020 Press Release

Central Bank of Ireland

  • Is bunchloch den chreat rialála in Éirinn é an Córas Feidhmiúlachta agus Cuibhis (F&C).
  • Léirigh iniúchtaí de chuid an Bhainc Ceannais saincheisteanna agus easnaimh i gcoitinne, mar aon le héagsúlacht mhór, i gcur i ngníomh an Chórais F&C.
  • Spreagfaidh laigí a shainaithneofar i ngnólachtaí idirghabhálacha maoirseachta ag an mBanc Ceannais.

D’eisigh an Banc Ceannais inniu litir chuig bainistíocht gach soláthraí rialáilte seirbhísí airgeadais (“gnólachtaí”) inar leagadh amach na hionchais atá aige maidir le gnólachtaí an beart cuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna suntasacha a sainaithníodh in iniúchtaí téamacha a bhaineann lena n-oibleagáidí dlí faoin gcóras Feidhmiúlachta agus Cuibhis.

Thug an Banc Ceannais an Córas Feidhmiúlachta agus Cuibhis isteach faoin Acht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais, 2010. I gcomhréir le ról an Bhainc Ceannais maidir le cobhsaíocht airgeadais agus tomhaltóirí a chosaint,  is eochairghné d’fheidhm “maor geata” an Bhainc Ceannais, maidir le haon údarú nua a dheonú, é a cheadú nó a dhiúltú d’iarratasóir seirbhísí airgeadais a sholáthar don phobal. Déantar tomhaltóirí a chosaint leis an gCóras Feidhmiúlachta agus Cuibhis trí cheangal a chur go ndéanfaidh daoine i bhfeidhmeanna sinsearacha laistigh de ghnólachtaí rialáilte Caighdeáin Fheidhmiúlachta agus Chuibhis an Bhainc Ceannais a chomhlíonadh. Faoi na Caighdeáin Fheidhmiúlachta agus Chuibhis, tá sé de cheangal ar dhaoine i bpoist shinsearacha a bheith inniúil agus cumasach; a bheith macánta, eiticiúil agus gníomhú go hionraic; agus a bheith iontaofa ó thaobh airgid de.

Sna hiniúchtaí a rinne an Banc Ceannais le déanaí chun measúnú a dhéanamh ar phróisis atá ar bun laistigh de ghnólachtaí chun comhlíonadh cheanglais an Chórais Feidhmiúlachta agus Cuibhis a bhainistiú, leagadh béim ar roinnt saincheisteanna ginearálta agus easnaimh ghinearálta, chomh maith le héagsúlacht mhór maidir le caighdeáin, i gcur i ngníomh an Chórais Feidhmiúlachta agus Cuibhis.

I roinnt mhaith de na gnólachtaí, bhí an leibhéal feasachta i measc comhaltaí Boird maidir lena n-oibleagáidí lag. Bhí an méid sin soiléir go háirithe i ndáil leis an bpróiseas chun comhaltaí a cheapadh ar an mBord. Ar bhonn níos leithne, is i réimse an díchill chuí is mó a bhí laige i measc fhormhór na ngnólachtaí. Ar na saincheisteanna a sainaithníodh, bhí easpa fianaise ar cháilíochtaí, seiceálacha teistiméireachtaí agus oiriúnachta.

I gcásanna ina raibh róil maidir le Feidhm Rialaithe Réamhcheadaitheach nó Feidhm Rialaithe eisfhoinsithe chuig Soláthraithe Seirbhíse Eisfhoinsithe Neamhrialáilte, ní dhearna formhór na ngnólachtaí, mar chuid dá ndícheall cuí maidir le sealbhóirí róil FR a cheapadh, an doiciméadacht riachtanach a fháil ná aon fhiosrúcháin a dhéanamh maidir le próiseas an SSE chun feidhmiúlacht agus cuibheas a mheasúnú.

Ina theannta sin, ní raibh próisis láidre ar bun ag go leor gnólachtaí chun ábhair imniú maidir le feidhmiúlacht agus cuibheas shealbhóir FR nó FRR a shainaithint, a chur ar aghaidh agus a chur in iúl don Bhanc Ceannais ar bhonn tráthúil.

Cé go raibh creataí, beartais agus nósanna imeachta um chomhlíonadh ar bun ag formhór na ngnólachtaí, tá sé soiléir, i bhfianaise fhionnachtana na n-iniúchtaí téamacha, nach bhfuil go leor gnólachtaí ag déanamh tástáil láidir um chomhlíonadh ar na próisis agus na nósanna imeachta feidhmiúlachta agus cuibhis atá acu.

Dúirt an Leas-Ghobharnóir Ed Sibley: “Is bunchloch den chreat rialála in Éirinn é an Córas F&C. Ní údaróidh an Banc Ceannais gnólachtaí, ná ní údaróidh sé daoine chun feidhmeanna sinsearacha a chomhlíonadh i ngnólachtaí rialáilte, i gcás nach gcomhlíonfaidh siad ár gcuid Caighdeán maidir le Feidhmiúlacht agus Cuibheas.

“Léiríonn réimse na bhfionnachtana ó na hiniúchtaí téamacha ar an láthair nach bhfuil aird chuí ag go leor gnólachtaí ar a n-oibleagáidí faoin gCóras F&C. Is ábhar imní é freisin nár ghníomhaigh roinnt gnólachtaí, ar spreagadh a fháil sa litir uainn i mí Aibreáin 2019, chun ‘anailís ar bhearnaí’ fhoirmeálta a dhéanamh ar na beartais, próisis agus nósanna imeachta atá acu.

“Níl sé inghlactha ar chor ar bith go bhfuil easnaimh den sórt sin fós ann cé gur tugadh an Córas F&C isteach beagnach deich mbliana ó shin. Leanfaidh an Banc Ceannais d’idirghabháil a dhéanamh le gnólachtaí chun measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chórais F&C iontu agus tionscnóidh sé an fhreagairt mhaoirsitheach is gá  d’aon laigí a shainaithneofar.”

Nótaí

In Aibreán 2019, d’eisigh an Banc Ceannais litir POF chuig gach gnólacht, inar sainaithníodh roinnt réimsí ina bhfuarthas amach go raibh comhlíonadh easnamhach. Ina dhiaidh sin, rinne an Banc Ceannais iniúchtaí téamacha ar an láthair thar líon áirithe gnólachtaí sna hearnálacha árachais agus baincéireachta d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas feidhmiúlachta agus cuibhis.

Foilsítear gach gníomh forfheidhmiúcháin a dhéanann an Banc Ceannais ar ár suíomh gréasáin, lena n-áirítear gníomhartha a bhaineann le F&C.

Le linn 2020, go dtí deireadh R3, rinne an Banc Ceannais measúnú ar 2,848 iarratas FRR agus tarchuireadh 33 iarratas FRR chuig an Rannán Forfheidhmithe. Chomh maith leis sin, sa tréimhse chéanna, sheol an Rannán Forfheidhmiúcháin 16 Agallamh Sonrach agus rinne 11 ghnólacht iarratais a tharraingt siar tar éis tarchur a dhéanamh chuig an Rannán Forfheidhmiúcháin.

D’fhoilsigh an Banc Ceannais athbhreithnithe ar Éagsúlacht agus Cuimsiú sna hearnálacha Baincéireachta agus Árachais in 2018 and 2020 faoi seach. Ceanglaítear ar ghnólachtaí inniúlacht aonair a bhreithniú agus aird a thabhairt ar an gcaoi ina ndéanann siad meascadh iomlán scileanna agus comhdhéanamh a bhreithniú, go háirithe ag leibhéil boird agus bainistíochta sinsearaí.