Nuacht

Leagann an Banc Ceannais amach na hionchais mhaoirseachta atá aige i leith gnólachtaí rialáilte maidir le hathrú aeráide, agus athdheimhníonn sé a thiomantas féin gníomh a dhéanamh

03 Samhain 2021 Press Release

Central Bank of Ireland

  • D’eisigh an Banc Ceannais gealltanas maidir le gníomhú ar son na haeráide agus formhuiníonn sé ‘Dearbhú Ghlaschú’ de chuid Líonra na mBanc Ceannais agus na Rialtóirí um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS) a rinneadh inniu.
  • Agus muid ag trasdul chuig todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de, beidh ról ríthábhachtach ag an gcóras airgeadais chun fónamh ar riachtanais custaiméirí agus an gheilleagair go forleathan.
  • Is tosaíocht straitéiseach de chuid an Bhainc Ceannais aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.

Is é misean an Bhainc Ceannais fónamh ar leas an phobail trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a chothabháil fad a bheidh sé á chinntiú go n-oibreoidh an córas airgeadais chun leas an tomhaltóra agus an gheilleagair go forleathan. Beidh ról ríthábhachtach ag an gcóras airgeadais chun fónamh ar riachtanais custaiméirí agus an gheilleagair go forleathan agus muid ag trasdul chuig todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de.

Scríobh an Rialtóir Gabriel Makhlouf chuig soláthraithe rialáilte seirbhísí airgeadais inniu (3 Samhain 2021) chun béim a leagan ar na hoibleagáidí reachtacha agus na hionchais mhaoirseachta ghaolmhara a bhaineann le saincheisteanna aeráide agus inbhuanaitheachta.

Sa litir, d’aithin an Gobharnóir go mbeadh dúshlán ann do ghnólachtaí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, ach gur gá gníomh ó gach rannpháirtí san earnáil airgeadais maidir le hathrú aeráide, agus go bhfuil tábhacht ar leith ag baint anois le húinéireacht soláthraithe rialáilte seirbhísí airgeadais ar an gclár aeráide.

D’athdheimhnigh an Banc Ceannais inniu freisin a thiomantas a dhá oiread iarrachta a dhéanamh chun gníomh a dhéanamh maidir leis an athrú aeráide. Mar chomhalta de Líonra na mBanc Ceannais agus na Rialtóirí um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS), aithníonn an Banc Ceannais freisin an gá atá le comhoibriú idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an dúshlán aeráide agus d’fhormhuinigh sé Dearbhú Ghlaschú de chuid NGFS a rinneadh inniu.

Le linn trácht a dhéanamh ar na heisiúintí, dúirt an Gobharnóir Makhlouf :“Tá ról tábhachtach ag bainc cheannais chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú. Tá éifeachtaí móra ón athrú aeráide tarlaithe cheana ar shochaithe agus ar gheilleagair an domhain ach is féidir linn an todhchaí a bheidh aige a athrú má ghníomhaíonn muid anois le linn dúinn trasdul chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de.

“Sa Bhanc Ceannais, déanfaidh muid ár gcuid agus tabharfaidh muid dea-shampla inár ngníomhartha féin, mar aon lenár sainordú a sheachadadh chun a chinntiú go mbeidh teacht aniar sa chóras airgeadais maidir le rioscaí aeráidbhunaithe, agus beimid ullamh an trasdul chuig domhan níos inbhuanaithe a thacú. Tá Aonad tiomnaithe um Ghníomhú ar son na hAeráide bunaithe againn chun fuinneamh breise a sholáthar maidir lenár gcuid oibre sa réimse sin.

“Ina theannta sin, bhí an t-athrú aeráide ina chomhpháirt ríthábhachtach den Athbhreithniú Straitéiseach ar an mbeartas airgeadaíochta sa Bhanc Ceannais Eorpach. Tar éis an t-athbhreithniú a chríochnú níos luaithe i mbliana, tá an t-athrú aeráide corpraithe sa chreat beartais airgeadaíochta. De bharr gur riosca suntasach do chobhsaíocht an chórais airgeadais agus na ngnólachtaí laistigh de é, tá sé riachtanach go dtuigimid na rioscaí sin agus roghanna beartais a leagan amach chun dul i ngleic leo.”

D’fhógair an Banc Ceannais freisin gur bunaíodh Fóram um Riosca Aeráide agus Airgeadas Inbhuanaithe (an Fóram Aeráide) chun páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun eolas roinnte a thógáil mar aon le tuiscint ar na himpleachtaí a bheidh ann do chóras airgeadais na hÉireann ón athrú aeráide. Tá an chéad chruinniú den Fhóram Aeráide le tarlú sna míonna atá romhainn agus beidh tuilleadh sonraí ann níos déanaí.

Nótaí don Eagarthóir

Tá Comhdháil 26 NA maidir leis an Athrú Aeráide (COP26) le tarlú i nGlaschú ón 1 - 12 Samhain 2021.

Is comhalta Banc Ceannais na hÉireann den Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS) ó 2019 i leith. Seoladh an NGFS ag an gCruinniú Mullaigh Aon Phláinéid Amháin i bPáras an 12 Nollaig 2017 agus is grúpa é de bhainc cheannais agus rialtóirí atá toilteanach, ar bhonn saorálach, dea-chleachtais a roinnt agus cabhrú chun bainistiú riosca comhshaoil agus aeráide san earnáil airgeadais a fhorbairt agus an t-airgeadas príomhshrutha a ghríosú chun tacú leis an trasdul chuig geilleagar inbhuanaithe.

Léigh tuilleadh faoin riosca ón athrú aeráide agus ról na mbanc ceannais ar bhlag an Ghobharnóra Makhlouf’: An tAthrú Aeráide: I dTreo Gníomhaíochta (31 Márta 2021).

Léigh maidir le Plean gníomhaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh lena n-áirítear tráchtaí maidir leis an athrú aeráide ina straitéis um beartas airgeadaíochta (8 Iúil 2021).