Nuacht

Litir Eacnamaíoch: D’fhéadfadh sealbhóirí morgáiste méideanna suntasacha a choigilt trí athrú, ach níl ach líon beag athruithe á ndéanamh

29 Deireadh Fómhair 2020 Press Release

Central Bank of Ireland

  • D’fhéadfaí os cionn €1,000 a choigilt i dtrí as gach cúig mhorgáiste incháilithe laistigh den chéad bhliain dá ndéanfaí an soláthraí morgáiste a athrú, agus níos mó ná €10,000 thar an gcuid eile den téarma.
  • Ní dhearnadh athrú soláthraí ach i 2.9% de mhorgáistí sa dara leath de 2019.
  • D’fhéadfadh réimse fairsing tosca cur isteach ar athrú, lena n-áirítear tosca síceolaíocha, easpa eolais maidir le costais agus tairbhí, agus an chastacht a bhraitear.

Inniu (29 Deireadh Fómhair 2020), d’fhoilsigh an Banc Ceannais Litir Eacnamaíoch dar teideal “Bealach chun Feabhsú: Athbhreithniú ar ghníomhaíocht athraithe i margadh morgáiste na hÉireann”. Is iad Shane Byrne, Kenneth Devine, agus Yvonne McCarthy údair na litreach, Litir ina soláthraítear léargas mionsonraithe ar ghníomhaíocht athraithe i margadh morgáiste na hÉireann. Measúnaítear inti go bhfuil coigilteas ionchasach ann do shealbhóirí morgáiste agus léirítear cuid de na baic ionchasacha ar mhorgáistí a athrú in Éirinn.

Léiríonn an Litir go bhfuil méadú tagtha ar ghníomhaíocht athraithe le roinnt blianta anuas i measc iasachtaithe i leith tithe cónaithe príobháideacha (TCP). Mar sin féin, tá an ghníomhaíocht athraithe íseal i ndáil leis an linn iomlán athróirí incháilithe, agus ní raibh ann ach 2.9% sa dara leath de 2019. Tugann na fionnachtana sin le fios nach bhfuil mórán suime i measc iasachtaithe incháilithe plé le roghanna athraithe morgáiste in Éirinn. Tá an cás amhlaidh cé go bhfuil rátaí úis ag laghdú agus cé gur tugadh isteach tionscnaimh beartais le déanaí atá ceaptha an próiseas athraithe a fheabhsú.

D’fhéadfadh líon mór sealbhóirí morgáiste laghduithe suntasacha ar chostais aisíoctha a bhaint amach trí athrú a dhéanamh. Léirítear sa Litir seo go bhféadfadh trí as cúig mhorgáiste TCP (62%) atá incháilithe lena n-athrú níos mó ná €1,000 a choigilt laistigh den chéad 12 mhí dá ndéanfaí iad a athrú go dtí an ráta is fearr atá ar fáil sa mhargadh. As na morgáistí sin is incháilithe lena n-athrú, d'fhéadfadh 72% os cionn aon deichiú den chostas bliantúil aisíoctha a choigilt. Thairis sin, d’fhéadfadh 61% d’athróirí incháilithe os cionn €10,000 a choigilt thar an téarma atá fágtha den mhorgáiste.

Léirítear sa taighde freisin go bhfuil dáileadh na gcoigilteas ionchasach ó athrú ag brath ar an gcineál iasachtaí agus ar a bpróifíl aoise. Tugtar le fios go bhfuil meánchoigiltis ioncasach níos airde ann i measc iasachtaithe níos óige agus ceannaitheoirí céaduaire (CCanna). Léirítear sa Litir go roghnaíonn 81% d’athróirí morgáiste ar ráta seasta, agus go bhfuil an meánráta úis is iníoctha i measc athróirí beagnach pointe céatadáin iomlán níos ísle ná an ráta i gcás nach ndéantar athrú.

Déantar scrúdú sa Litir ar bhaic ionchasacha ar athrú morgáistí i measc cineálacha éagsúla iasachtaithe. D’fhéadfadh saintréithe iompraíochta a bheith ina mbac ar idirghabháil custaiméara, agus tugtar le fios freisin sa Litir gur mó an leisce a bhíonn ar dhaoine ag a bhfuil leibhéil níos ísle litearthachta agus oideachais i gcúrsaí airgeadais chun a gcuid morgáistí a athrú. Áirítear sa chatagóir mórleisce scair níos mó de cheannaitheoirí céaduaire a fuair morgáistí le linn bhuaicbhlianta an bhorrtha tithíochta.

Leagann na léargais sin béim ar an tábhacht a bhaineann le beartais a cheapadh lena gcuirtear san áireamh na baic éagsúla a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar phatrúin idirghabhála agus táimhe i margadh morgáiste na hÉireann. Baineann tábhacht ar leith leis an méid sin i gcásanna ina mbíonn gníomhaíocht teaghlaigh i gcomhchoibhneas le foinsí leochaileachta atá ann cheana i measc tomhaltóirí.

Lasmuigh de thréimhse na taighde, tá brú curtha ar líon suntasach iasachtaithe ag paindéim COVID-19 agus ar ndóigh, d’fhéadfadh sé sin gníomhaíocht athraithe a laghdú. Tá físghrafaic agus mínitheoir foilsithe ag an mBanc Ceannais chun feabhas a chur ar fheasacht tomhaltóirí agus ar an tuiscint ar na rialacha a bhaineann le morgáiste a athrú.

Nótaí

Chun críocha na Litreach, sainítear custaiméir a bheith incháilithe chun morgáiste a athrú má tá táirge ráta athraithigh acu (ní áirítear morgáistí rianúcháin) nó táirge ráta sheasta gan ach níos lú ná 12 mhí de sheastacht fágtha ina leith. Srianadh an sampla taighde chuig na cuntais sin ag a bhfuil iarmhéid neamhíoctha reatha €30,000 ar a laghad, ráta iasachta/luacha faoi bhun 90%, gan aon riaráistí morgáiste neamhíoctha, agus a rangaítear mar ‘tuillmheach’.

I Meitheamh 2018, thug an Banc Ceannais isteach athruithe ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí, 2012 chun an trédhearcacht a bhaineann le hathrú morgáiste a fheabhsú agus a éascú.

Tá ár Míniú maidir leis na rialacha a bhaineann le morgáiste a athrú le fáil sa Mhol Tomhaltóirí.